v

Déan iarratas roimh an 6 Iúil 2023 le haghaidh measúnú tosaíochta.

Déan iarratas roimh an 6 Iúil 2023 le haghaidh measúnú tosaíochta.

  • 6 Meitheamh 2023
  • Nuacht

Déan iarratas roimh an 6 Iúil 2023 le haghaidh Measúnú Tosaíochta

Is é dáta deiridh tosaíochta SUSI d’iarratais nua ná 6 Iúil 2023. Ma chuireann tú d’iarratas isteach ar an dáta seo nó roimhe, gheobhaidh tú measúnú tosaíochta.

Toisc go bhfuiltear ag súil le líon mór iarratas le linn míonna an tsamhraidh, moltar duit iarratas a dhéanamh roimh an 6 Iúil 2023 chun leas a bhaint as measúnú tosaíochta.

Tá sé mar aidhm ag SUSI an oiread cinntí iarratais ar dheontas agus is féidir a thabhairt do mhic léinn roimh thús na bliana acadúla nua. Dá luaithe a fhaighimid d’iarratas, is ea is túisce a gheobhaidh tú toradh.

Cuimhnigh:

  • Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardeistiméireachta agat nó a bheith tar éis glacadh le cúrsa chun iarratas a dhéanamh. Ní gá duit ach sonraí an chúrsa a bhfuil súil agat staidéar a dhéanamh air a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.
  • Rinneadh roinnt athruithe ar na critéir incháilitheachta  2023/24 lena n-áirítear méadú ar an tairseach ioncaim do mhic léinn fochéime incháilithe go dtí €100,000.

Sula ndéanann tú Iarratas

Leanfaidh SUSI ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú mac léinn tar éis an 6 Iúil 2023 ach ní dhéantar próiseáil tosaíochta ar na hiarratais seo.