v

Buiséad 2024

Buiséad 2024

Beidh athruithe ar mhaoiniú mic léinn mar thoradh ar roinnt beart a fógraíodh i mBuiséad 2024. Sainmhínítear roinnt beart mar bhearta costais mhaireachtála aonuaire agus tiocfaidh siad seo i bhfeidhm don bhliain acadúil 2023/24 amháin.

Tiocfaidh athruithe eile a bhaineann leis an deontas cothabhála mac léinn i bhfeidhm i mí Eanáir 2024 agus beidh feidhm ag gach beart eile ó Mheán Fómhair 2024.

Tá gach beart faoi réir reachtaíochta arna soláthar ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Bearta Costais Mhaireachtála Aonuaire

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach mac léinn ardoideachais atá incháilithe don tionscnamh táillí gan chostas.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Íocfaidh SUSI an ráta infheidhme le coláistí ar son na mac léinn ar bronnadh ranníocaíocht 100% mac léinn orthu.

Maidir le mic léinn ar bronnadh ranníocaíocht 50% mac léinn orthu, ciallóidh an laghdú gurb é an t-iarmhéid a íocfaidh siad lena gcoláiste ná €1,000 don bhliain acadúil 2023/24.

Maidir le mic léinn ar bronnadh ranníocaíocht mac léinn de €500 orthu, ciallóidh an laghdú gurb é an t-iarmhéid a íocfaidh siad lena gcoláiste ná €1,500 don bhliain acadúil 2023/24.

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Mic léinn iarchéime ar bronnadh deontas ranníocaíochta táillí iarchéime orthu.

Níl mic léinn iarchéime a fhaigheann an ráta speisialta deontais agus ranníocaíocht táillí suas le €6,270 san áireamh sa bheart seo.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Gheobhaidh mic léinn incháilithe €1,000 breise i dtreo a ndeontas ranníocaíochta táillí iarchéime.

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht seo?

Íocfaidh SUSI an méid is airde go díreach le coláiste an mhic léinn.

Athruithe ar an Deontas Cothabhála ó Eanáir 2024

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach sealbhóir deontas cothabhála atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí PLC agus fochéimí, chomh maith le mic léinn iarchéime a fhaigheann an ráta speisialta cothabhála.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Ó Eanáir 2024, méadóidh na rátaí cothabhála neamhchóngarach faoi €615 agus ardóidh na rátaí cothabhála cóngaracha faoi 10%. Méadóidh mic léinn incháilithe sa bhliain acadúil reatha a n-íocaíochtaí deontas cothabhála i leith Eanáir go Bealtaine 2024 go comhréireach nuair a thiocfaidh an beart seo i bhfeidhm in Eanáir 2024. 

Ní dhéanfar na méaduithe seo a shiardhátú go dtí tús na bliana acadúil 2023/24.

Tá an méadú iomlán don tréimhse Eanáir go Bealtaine 2024 do gach ráta deontais leagtha amach thíos:

Banda Cothabhála

Méadú Iomlán Eanáir – Bealtaine 2024

Ráta speisialta neamhchóngarach

€342

Ráta speisialta cóngarach

€163

Banda 1 neamhchóngarach

€342

Banda 1 cóngarach

€90

Banda 2 neamhchóngarach

€342

Banda 2 cóngarach

€68

Banda 3 neamhchóngarach

€342

Banda 3 cóngarach

€49

Banda 4 neamhchóngarach

€342

Banda 4 cóngarach

€31

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht mhéadaithe?

Cuirfear tús leis an méadú seo ar bhonn bliantúil ó Eanáir 2024 maidir le híocaíochtaí idir Eanáir agus Bealtaine 2024.

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Beidh mic léinn iarchéime i dteideal deontas cothabhála ó Eanáir 2024.

Féadfaidh gach mac léinn iarchéime a shásaíonn na tairseacha ioncaim atá leagtha amach sa tábla thíos a bheith incháilithe:

Líon leanaí cleithiúnacha

Ráta Speisialta*

Ráta Caighdeánach

Banda 1

Ráta Caighdeánach

Banda 2

Ráta Caighdeánach

Banda 3

Ráta Caighdeánach

Banda 4

Níos lú ná 4

€25,000

€40,875

€41,970

€44,380

€46,790

4 go 7

€27,400

€44,810

€46,025

€48,670

€51,325

8 nó níos mó

€29,702

€48,575

€49,890

€52,760

€55,630

 

+ incrimint do gach duine ábhartha breise

+ €4,950

+ € 4,950

+ €4,785

+€4,785

+€4,785

*Chun a bheith incháilithe don ráta speisialta cothabhála ní mór íocaíocht incháilithe atá liostaithe i Sceideal 2 den Scéim Deontas Mac Léinn a áireamh san ioncam ináirithe an 31 Nollaig 2022.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn?

Gheobhaidh mic léinn iarchéime incháilithe deontas cothabhála comhréireach ó Eanáir go Bealtaine 2024 mar atá leagtha amach sa tábla thíos:

Dámhachtain Deontais

Deontas iomlán Eanáir go Bealtaine 2024

Banda 1 neamhchóngarach

 €2,384

Banda 2 neamhchóngarach

 €1,851

Banda 3 neamhchóngarach

 €1,390

Banda 4 neamhchóngarach

 €926

Banda 1 cóngarach

 €986

Banda 2 cóngarach

 €746

Banda 3 cóngarach

 €541

Banda 4 cóngarach

 €340

Bainfidh mic léinn iarchéime atá ag fáil ráta speisialta de dheontas cothabhála cheana féin tairbhe as na harduithe ar rátaí deontas cothabhála a bheidh i bhfeidhm ó Eanáir 2024.

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht seo?

Cuirfear tús leis an méadú seo ar bhonn bliantúil ó Eanáir 2024 maidir le híocaíochtaí cothabhála idir Eanáir agus Bealtaine 2024.

Ní dhéanfar na méaduithe seo a shiardhátú go dtí tús na bliana acadúil 2023/24.

Conas a bhaineann mic léinn iarchéime leas as an deontas cothabhála?

Má tá an Ranníocaíocht Táille Iarchéime bronnta ort cheana féin don bhliain acadúil 2023/24 agus go bhfuil d’ioncam ináirithe faoin tairseach le haghaidh deontas cothabhála, déanfaidh SUSI d’iarratas a athmheasúnú.

 

Athruithe don Bhliain Acadúil 2024/25

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach sealbhóir deontas cothabhála atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí PLC, fochéimí agus iarchéime.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn?

Ó Mheán Fómhair 2024, tiocfaidh méadú €615 ar na rátaí cothabhála neamhchóngaracha agus ardóidh na rátaí cothabhála cóngaracha 10%.

Seo a leanas an méadú:

Dámhachtain Deontais

Ráta deontais reatha 2023/24 amhail Meán Fómhair 2023

Ráta deontais do 2024/2025

Méadú iomlán - Méadú iomlán na bliana  acadúil

Ráta speisialta  neamhchóngarach

€6,971

€7,586

€615

Ráta speisialta  cóngarach

€2,936

€3,230

€294

Banda 1  neamhchóngarach

€3,677

€4,292

€615

Banda 1  cóngarach

€1,613

€1,774

€161

Banda 2  neamhchóngarach

€2,717

€3,332

€615

Banda 2  cóngarach

€1,221

€1,343

€122

Banda 3  neamhchóngarach

€1,887

€2,502

€615

Banda 3  cóngarach

€886

€975

€89

Banda 4  neamhchóngarach

€1051

€1,666

€615

Banda 4 cóngarach

€556

€612

€56

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht seo?

Tiocfaidh an méadú i bhfeidhm ó thús na bliana acadúil 2024/25.

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach mac léinn iarchéime incháilithe a chomhlíonann tairseacha ioncaim an deontais chothabhála.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn?

Seo a leanas an méadú:

Ráta

Ráta deontais reatha 2023/24

Ráta Nua Deontais/Méadú do Mhic Léinn do 24/25

Banda 1  neamhchóngarach

€0

 €4,292

Banda 2  neamhchóngarach

€0

 €3,332

Banda 3  neamhchóngarach

€0

 €2,502

Banda  neamhchóngarach 4

€0

 €1,666

Banda 1 cóngarach

€0

 €1,774

Banda 2 cóngarach

€0

 €1,343

Banda 3 cóngarach

€0

 €975

Banda 4 cóngarach

€0

 €612

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht seo?

Tiocfaidh an méadú i bhfeidhm ó thús na bliana acadúil 2024/25.

  1. Méadú ar an tairseach ioncaim do Chothabháil Bhanda 4 ó €46,790 go €50,840.
  2. Méadú ar an tairseach ioncaim do dheontas Ranníocaíochta Mac Léinn 100% ó €50,840 go €55,924.