Eolas do Mhic Léinn Lánfhásta

Eolas do Mhic Léinn Lánfhásta

Eolas do Mhic Léinn Lánfhásta

Is éard is mac léinn lánfhásta ann ná duine atá ar a laghad 23 bliana d’aois ar 1 Eanáir den bhliain ina gcéad phointe iontrála/athiontrála sa bhreisoideachas nó san ardoideachas.

Más mac léinn lánfhásta thú atá ag cur isteach ar dheontas, tá roinnt eolais curtha le chéile againn a d’fhéadfadh a bheith úsáideach agus tú ag pleanáil do chéad chéimeanna eile sa bhreisoideachas nó san ardoideachas.

Má tá tú ag maireachtáil le do thuismitheoirí/chaomhnóirí dlíthiúla, measúnófar thú mar mhac léinn cleithiúnach. Cuirfear d’ioncam agus ioncam do thuismitheoirí/chaomhnóirí dlíthiúla san áireamh.

Má tá tú ag maireachtáil go neamhspleách ar do thuismitheoirí/chaomhnóirí dlíthiúla, seans go bhféadfaí tú a mheasúnú mar mhac léinn neamhspleách. Cuirfear d’ioncam agus ioncam do chéile / chomhchónaitheora san áireamh.

Má tá tú ag smaoineamh ar d’fhostaíocht reatha a fhágáil chun filleadh ar staidéar lánaimseartha, féadfar d’iarratas a mheasúnú ag tagairt d’athrú ar chúinsí.

Ní féidir le SUSI athrú ar chúinsí a chur i bhfeidhm go dtí go dtarlóidh sé. Murar fhág tú d’fhostaíocht ag an am a rinne tú d’iarratas chuig SUSI, ba cheart duit Athbhreithniú Inmheánach a iarraidh ar d’iarratas tar éis deireadh a chur le d’fhostaíocht.

Le bheith incháilithe do mhaoiniú deontais, ní mór duit a bheith ag dul chun cinn i d’oideachas agus ag freastal ar chúrsa ceadaithe i gcoláiste ceadaithe.

Más rud é gur fhreastail tú ar chúrsa roimhe seo ach nár chríochnaigh tú é agus má tá tú ag filleadh ar staidéar tar éis sos trí bliana, b’fhéidir go measfar thú mar mhac léinn dara seans.

Má tá iarratas déanta agat ar Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (LFO) nó ar íocaíocht Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG), ní bheidh tú incháilithe le haghaidh deontas cothabhála ó SUSI. D’fhéadfá a bheith fós i dteideal deontas táillí