Cad is Aicme Iarrthóra ann?
Is é d’aicme iarratasóra a dheimhníonn cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Tá trí chinn d’aicme iarratasóra ann:
Aicme an Iarratasóra |
Cur Síos |
Ioncam atá le Measúnú |
Níos óige ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair |
|
|
Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus tú fós i do chónaí le do thuismitheoirí/do chaomhnóra |
|
|
Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus a chónaíonn tú go neamhspleách ó Dheireadh Fómhair sa bhliain roimh do chéad phointe iontrála/athiontrála chuig breisoideachas nó ardoideachas |
|
Deimhnítear d’aicme iarratasóra mar seo a leanas:
- Do chéad phointe iontrála i gCúrsa iar-Ardteistiméireachta nó i gcúrsa ardoideachais nó
- Do chéad phointe iontrála agus tú ag tosú arís ar a leithéid de chúrsa faofa tar éis duit briseadh trí bliana a thógáil.
Beidh feidhm aige seo fad is a mhaireann do chúrsa.
Más fágálaí cúraim thú, is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil ar conas d’aicme iarrthóra a shainmhíniú ar ár leathanach Eolas d’Fhágálaithe Cúraim.
Más mac léinn lánfhásta thú, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar ár leathanach Eolas do Mhic Léinn Lánfhásta.
Athaicmiú
D’fhéadfadh go ndéanfaí d’aicme iarratasóra a athaicmiú ó iarratasóir cleithiúnach nó iarratasóir cleithiúnach aibí go hiarratasóir neamhspleách sna cásanna seo a leanas;
- Ar aistriú ón mBreisoideachas (cúrsa PLC) chuig an Ardoideachas (cúrsa fochéime)
- Ar atosú staidéir i ndiaidh shos trí bliana ón staidéar. (rud a chiallaíonn nár fhreastail tú ar chúrsa a bhfuil mórdhámhachtain mar thoradh air ag leibhéil 1-10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) ar feadh 3 bliana san iomlán)
Sa dá chás thuas, áfach, ní mór duit fós na critéir a chomhlíonadh de bheith níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain a dtosaíonn/a n-atosaíonn tú ar chúrsa faofa breisoideachais nó ardoideachais den chéad uair agus ní mór duit a bheith in ann an fhianaise dhoiciméadach a liostaithe inár dtreoir doiciméad chun cónaitheacht neamhspleách a dheimhniú a chur ar fáil chun go ndéanfaí thú a aicmiú mar mhac léinn neamhspleách.