Conas Iarratas a Dhéanamh ar Dheontas SUSI: Leideanna d’Iarratasóirí
Déantar iarratais trí chóras iarratais ar líne na ndeontas atá ar fáil anseo, nó thíos trí chliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas Anseo”.
Ní mór duit cuntas ar líne a bheith agat le SUSI sular féidir leat d’iarratas ar dheontas a dhéanamh. Chun teacht ar fhaisnéis faoi conas cuntas a chruthú, cliceáil anseo, le do thoil.
Cinntigh, le do thoil, go soláthraíonn tú faisnéis shoiléir agus chruinn (dátaí breithe, uimhreacha PSP agus sonraí bainc go háirithe). Má theipeann ort é seo a dhéanamh, beidh moill ar phróiseáil d’iarratais.
Chun teacht ar shonraí faoi d’fhoirm iarratais a chomhlánú, déan tagairt, le do thoil, don Treoir maidir le Foirmeacha Iarratais 2015-2016.
Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i d’fhoirm iarratais ar líne, beidh litir dhiúltaithe nó seicliosta faighte agat ina n-iarrtar ar na cáipéisí tacaíochta a theastaíonn chun breis próiseála a dhéanamh ar d’iarratas.
Cuirfear ar an eolas thú ar an gcinneadh faoi do dheontas.
• Féadtar é a bhronnadh:
Eisítear litir bhronnta duit ina gcuirtear deontas ar tairiscint duit agus ina dtugtar chun solais na céimeanna breise is gá duit a ghlacadh sular féidir do dheontas a íoc.
• Féadtar é a dhiúltú:
Eisítear litir dhiúltaithe duit. Chomh maith leis sin, tabharfar chun solais sa litir seo na céimeanna breise is féidir leat a ghlacadh más mian leat iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh faoi do dheontas. Tugtar cuntas ar na céimeanna seo, chomh maith leis sin, sna Próisis de chuid SUSI a bhaineann le Athbhreithniú a dhéanamh ar do Dheontas nó Do Dheontas a Achomharc
D’Íocaíocht a Fháil
Íoctar deontais chothabhála isteach i do chuntas bainc (cuntas bainc mhac léinn) (nó cuntas comhar creidmheasa má tá sé le sonrú ar an liosta atá ar ceangal) agus íoctar deontais táillí go díreach leis an gcoláiste a bhfreastalaíonn tú air.
Le híocaíocht do dheontais a chinntiú, ní mór go ndearnadh an méid a leanas:
• do shonraí bainc a sholáthar do SUSI (i gcás deontais chothabhála amháin) – is féidir seo a dhéanamh ag aon tráth trí do chuntas ar líne d’iarratais ar dheontas.
• dheimhnigh an CAO sonraí do chúrsa do SUSI nó seoladh d’fhoirm um Ghlacadh le Cúrsa Deiridh (GCD) ar líne chuig SUSI.
• thug do choláiste deimhniú do SUSI go bhfuil tú cláraithe agus ag freastal ar do chúrsa.
Tá dátaí íocaíochta do dheontais chothabhála don bhliain acadúil 2019/20 mar seo a leanas.
Dátaí íocaíochta Ardteistiméireachtas 2020-21 | |
---|---|
Íocaíocht | Dáta Íocaíochta |
Íocaíocht 1 | 23 Deireadh Fómhair 2020 |
Íocaíocht 2 | 20 Samhain 2020 |
Íocaíocht 3 | 18 Nollaig 2020 |
Íocaíocht 4 | 22 Eanáir 2021 |
Íocaíocht 5 | 19 Feabhra 2021 |
Íocaíocht 6 | 19 Márta 2021 |
Íocaíocht 7 | 23 Aibreán 2021 |
Íocaíocht 8 | 21 Bealtaine 2021 |
Íocaíocht 9 | 18 Meitheamh 2021 |
Dátaí íocaíochta ardoideachais 2020-21 | |
---|---|
Íocaíocht | Dáta Íocaíochta |
Íocaíocht 1 | 9 Deireadh Fómhair 2020 |
Íocaíocht 2 | 30 Deireadh Fómhair 2020 |
Íocaíocht 3 | 27 Samhain 2020 |
Íocaíocht 4 | 18 Nollaig 2020 |
Íocaíocht 5 | 15 Eanáir 2021 |
Íocaíocht 6 | 12 Feabhra 2021 |
Íocaíocht 7 | 12 Márta 2021 |
Íocaíocht 8 | 16 Aibreán 2021 |
Íocaíocht 9 | 14 Bealtaine 2021 |