Urramaíonn SUSI ceart an duine chun phríobháideachais agus próiseálann sé sonraí pearsanta go daingean agus go rúnda de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí.
Agus iarratas ar dheontas á chur isteach, ceanglaítear ar iarratasóirí agus ar pháirtithe eile sna hiarratais a dheimhniú gur léigh siad agus gur thuig siad Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.
Is é Aonad SUSI de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath (CDETB) a riarann na Scéimeanna Deontas Mac Léinn mar údarás bronnta deontas mac léinn arna ainmniú ag an Aire Oideachais agus Scileanna faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011. Chun críocha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 679/2016 an AE) (GDPR), is comhrialaitheoir sonraí é CDETB leis an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) le haghaidh iarratas ar dheontas mac léinn faoi na Scéimeanna Deontas Mac Léinn.
Is éard is “rialaitheoirí sonraí” ann ná daoine nó eagraíochtaí a chinneann cuspóirí agus modh próiseála sonraí pearsanta a dhéanann cinntí neamhspleácha maidir leis na sonraí pearsanta nó a rialaíonn na sonraí pearsanta sin ar shlí eile.
I gcás ina gcinneann beirt nó níos mó de na rialaitheoirí cuspóirí agus modh próiseála sonraí pearsanta le chéile, is “comhrialaitheoirí” iad. I gcásanna den sórt sin, éilíonn an GDPR orthu a bhfreagrachtaí faoi seach maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin GDPR a chinneadh ar bhealach trédhearcach. Caithfear é seo a dhéanamh trí shocrú eatarthu.
Tá Comhaontú Comhrialaitheora Sonraí curtha i bhfeidhm ag CDETB agus ag an ROS a ina nglacann CDETB freagracht as déileáil le gach iarratas a fhaightear ó dhaoine aonair maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta ag CDETB agus an ROS. Tá CDETB freagrach don ROS as feidhmiú na bhfeidhmeanna go léir maidir le riar deontas mac léinn faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 agus tá sé freagrach as comhlíonadh na ndeontas mac léinn leis an GDPR agus le reachtaíocht infheidhme eile um chosaint sonraí a chinntiú. Is é an ról atá ag an ROS an cineál faisnéise ar chóir do dhaoine aonair a thabhairt don údarás bronnta deontas faoi na Scéimeanna Deontas Mac Léinn a chinneadh. Mar chuid dá ról maoirseachta agus rialachais, déanann an ROS tástáil idirbheart randamach ar líon teoranta iarratas SUSI gach bliain chun comhlíonadh le forálacha reachtúla na scéime a sheiceáil agus chun na nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta don scéim a fheabhsú. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gComhaontú Comhrialaitheora Sonraí idir CDETB agus an ROS, déan teagmháil linn le do thoil ag na sonraí thíos.
Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta. Is féidir le sonraí pearsanta a bheith fíorasach (mar shampla, ainm, seoladh nó dáta breithe) nó féadfaidh sé a bheith ina thuairim faoin duine sin, faoi ghníomhartha an duine sin agus/nó faoi iompar an duine sin.
Próiseálann SUSI faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta a sholáthraíonn iarratasóirí ar dheontais fúthu féin agus faoi pháirtithe agus daoine eile ábhartha dá gcuid iarratas (lena n-áirítear tuismitheoirí, caomhnóirí dlíthiúla, céilí, páirtnéirí sibhialta, comhchónaitheoirí, siblíní, leanaí cleithiúnacha agus daoine ábhartha eile) d’fhonn incháilitheacht iarratasóirí do dheontas mac léinn a mheas.
Seo a leanas na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag SUSI chun na críche seo:
Déanann SUSI sonraí a mhalartú le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile atá faoi réir comhaontuithe próiseála sonraí. Déantar na sonraí seo a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas –
Féadfaidh SUSI sonraí pearsanta a roinnt le gníomhairí údaraithe nó le tríú páirtithe ar próiseálaithe sonraí nó fo-phróiseálaithe iad a ghníomhaíonn thar ceann SUSI d’fhonn deontais a riar agus a phróiseálann sonraí go sábháilte de réir a dtreoracha trí ghaol conartha agus faoi réir chomhaontuithe próiseála sonraí. Leanann CDETB de bheith in rialaitheoir sonraí ar na sonraí seo.
Féadfaidh SUSI sonraí pearsanta duine aonair a roinnt freisin má tá sé de dhualgas air na sonraí pearsanta sin a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun aon chonradh a fhorfheidhmiú nó a chur i bhfeidhm leis an duine sin nó le comhaontuithe eile, nó chun cearta, maoin, nó sábháilteacht a chuid fostaithe nó daoine eile a chosaint. Áirítear leis seo faisnéis faoi theagmhais (mar is cuí) a thuairisciú do na Gardaí agus freagra a thabhairt ar aon cheanglas ón nGarda Síochána chun faisnéis nó sonraí pearsanta a sholáthar dóibh chun críocha cionta a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i ndáil le pianbhreitheanna coireachta.
Leagtar amach sa tábla thíos conas atá an t-eolas a sholáthraíonn tú á mhalartú ag SUSI le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile:
Gníomhaireacht / Comhlacht | Cuspóir | Malartú faisnéise | Formáid |
---|---|---|---|
Institiúidí Breisoideachais agus Ardoideachais Ceadaithe | Clárú an mhic léinn ar chúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe agus a f(h)reastal leanúnach ar an gcúrsa sin a fhíorú Stair acadúil an mhic léinn roimhe seo a fhíorú agus a bhailíochtú | Tagairt SUSI Cód an Choláiste Uimhir CAO UPSP Sloinne Céadainm Dáta Breithe Cineál Iarchéime ID an Mhic Léinn Sonraí an Chúrsa Sonraí táillí Sonraí freastail agus dhul chun cinn | Cnuas |
CAO - An Lár-Oifig Iontrála | Fógra faoi áiteanna ollscoile arna nglacadh | Uimh. Iarratais CAO Sloinne an Iarratasóra Céadainm an Iarratasóra Dáta Breithe an Iarratasóra Cód CAO an chúrsa Leibhéal an chúrsa Ainm an chúrsa Ainm na hInstitiúide | Cnuas |
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara | Eolas a bhailíochtú i gcásanna ina bhfuil íocaíochtaí deontais á fáil ag iarratasóirí ó fheirmeoireacht Calaois a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear eolas a sholáthar chun tacú le fiosrúcháin choiriúla nó le hionchúisimh | Uimhir Aitheantóra an Ghnólachta UPSP Bliain Sonraí na n-íocaíochtaí | Cnuas |
An Roinn Oideachais agus Scileanna | Cónaitheacht a bhailíochtú (Bunachar Sonraí na nDaltaí Iar-bhunscoile) Incháilitheacht le haghaidh deontais a shoiléiriú Léirmhíniú agus feidhmiú cruinn an scéim deontais a chinntiú Soláthar thacaíocht airgeadais chuí a chinntiú Calaois a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear soláthar faisnéise chun tacú le fiosrúcháin choiriúla nó le hionchúisimh Iniúchtaí a éascú | Gach eolas a bhaineann leis an iarratas | Baisc agus Rochtain Dhíreach |
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí | Ioncam a bhailíochtú Calaois a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear soláthar faisnéise chun tacú le fiosrúcháin choiriúla nó le hionchúisimh | UPSP Ainm Bliain Sonraí na sochar agus na liúntas | Rochtain Dhíreach agus Comhéadan Cláraithe Iarratas (API) Fíor-Ama |
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí - MyGovID | Aitheantas a Fhíorú Clárú agus logáil isteach i gcuntas SUSI ar líne a éascú Teagmháil a dhéanamh le hiarratasóir chun iarratas ar dheontas mac léinn a phróiseáil | UPSP Dáta Breithe Céadainm Sloinne Seoladh ríomhphoist Uimhir theileafóin | Seirbhís Téacschomhartha Slán (STS |
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais | Saoránachta agus náisiúntacht a bhailíochtú | ID an Duine Tagairt SUSI ID an Iarratais Uimh. Oidhreachta Cead chun fanacht sa Stát Dáta cead bailí go dtí | Iarratais cás ar chás |
Boird Oideachais agus Oiliúna | Fíorú agus bailíochtú go bhfuarthas íocaíochtaí VTOS | Ainm Dáta Breithe Uimhir UPSP Méid na hÍocaíochta | Cnuas agus iarratais cás ar chás |
An Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) | Náisiúntacht, dáta breithe agus taifid bháis a bhailíochtú | Tagairt SUSI UPSP Céadainm Sloinne Dáta Breithe Sloinne na Máthar roimh phósadh | Cnuas |
An tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) | Sonraí stair acadúil roimhe seo a fhíorú agus a bhailíochtú | UPSP Tagairt SUSI Dáta Breithe Leibhéal NFQ an chúrsa Teideal an Chúrsa Bliain fhillte Bliain bhronnta Institiúid bhronnta | Cnuas |
TUSLA - (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach) | Íocaíochtaí áirithe Stáit a bhailíochtú Stádas nó imthosca an iarratasóra a fhíorú | Ainm Dáta Breithe Tagairt SUSI Eolas ar dhoiciméid atá de dhíth | Cnuas |
Údaráis eile bronnta deontais (Údaráis Áitiúla agus Boird Oideachais agus Oiliúna) | Stair tacaíochta deontais roimhe seo a fhíorú agus a bhailíochtú | Ainm Dáta Breithe UPSP Méid agus ainm na hÍocaíochta | Cnuas agus iarratais cás ar chás |
QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) | Cáilíochtaí agus / nó coibhéis cáilíochtaí ó dhlínsí eile a bhailíochtú | Uimh. Iarratais Teideal iomlán an chúrsa Ainm na hInstitiúide Bronnta Ábhartha Bliain an Bhronnta Cóip den cháilíocht Leibhéal NFQ | |
Na Coimisinéirí Ioncaim | Ioncam a bhailíochtú Calaois a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear soláthar faisnéise chun tacú le fiosrúcháin choiriúla nó le hionchúisimh | UPSP Ainm Bliain Sonraí Ioncaim | Cnuas |
SOLAS | Stair acadúil an mhic léinn roimhe seo a fhíorú agus a bhailíochtú | UPSP Céadainm Sloinne Dáta Breithe Ainm an tSoláthróra Teideal an Chúrsa Áitiúil Leibhéal na Dámhachtana Sprice Foras Bronnta Cineál an Chúrsa Lánaimseartha/Páirtaimseartha Dáta Tosaigh an Fhoghlaimeora Dáta Deiridh an Fhoghlaimeora | Cnuas |
An Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn | Aon achomharc chuig an mBord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn a phróiseáil agus a bhreithniú | Gach eolas a bhaineann leis an iarratas | Cnuas agus iarratais cás ar chás |
Úsáideann SUSI eolas teagmhála agus aitheantais de chuid iarratasóirí ar dheontais agus de chuid pháirtithe eile ina n-iarratais chun na gcríoch seo a leanas:
Níl cead de dhíth ar SUSI, go ginearálta, ó iarratasóirí nó ó dhaoine ábhartha eile d’iarratas, chun próiseáil a dhéanamh ar a gcuid sonraí, do chuspóir an bhonn reachtúil ar a ndéantar iarratais á riar, eadhon an tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (arna leasú ó am go ham mar aon le aon ionstraim reachtúil, ordú, riail nó rialachán a rinneadh faoi, arna leasú, arna leathnú, á hachtú nó á comhdhlúthú ó am go ham agus na Scéimeanna Deontas Mac Léinn (arna leasú ó am go ham).
Déanann SUSI cumarsáid dhíreach le hiarratasóirí deontas, agus leo siúd amháin, ar na cuspóirí seo, ar aon dul le riachtanas ar leith na Scéime Deontais Mic Léinn go gcuirfidh iarratasóir an t-eolas agus an fhianaise sin ar áil d’údarás bronnta a iarrann sé lena dheimhniú an bhfuil nó nach bhfuil siad incháilithe chun deontas a fháil.
Nuair is gá do pháirtí eile d’iarratas, nó do thríú páirtí lasmuigh den iarratas, cumarsáid a dhéanamh le SUSI faoin sonraí pearsanta seo thar ceann aon pháirtí san iarratas, is féidir le gach páirtí san iarratas é seo a údarú mar a thuairiscítear thíos maidir le láimhseáil fiosrúcháin.
Nuair a chuireann iarratasóir faisnéis ar fáil gur iarratasóir é aon duine a bhaineann lena n-iarratas, agus nuair a údaraíonn an bheirt iarratasóir crostagairt a gcuid iarratas sa chomhthéacs sin, déanfaidh SUSI crostagairt idir dá iarratas chun a chinntiú gur féidir aon teidlíocht mhéadaithe ar mhaoiniú deontais a chur i bhfeidhm agus chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht a chinntiú i bpróiseáil iarratas ar dheontais.
Is féidir le SUSI crostagairt a dhéanamh ar iarratais ar dheontais go ginearálta agus gan toiliú chun críocha iniúchta agus chun calaois a chosc agus a bhrath sa chás go bhfuil leas dlisteanach aige é sin a dhéanamh.
Fiosrúcháin a Láimhseáil
Iarratais ar Dheontais a Phlé
Is féidir le hiarratasóirí agus páirtithe ábhartha eile teagmháil a dhéanamh le Deasc Tacaíochta SUSI chun stádas iarratais a fhiosrú agus chun a fháil amach faoi dhoiciméid nó faoi ghníomhaíochtaí atá de dhíth chun é a chur chun cinn.
D’fhonn fiosrúcháin den sórt sin a éascú, pléifidh SUSI, leis na páirtithe bainteacha go léir, faisnéis faoi stádas an iarratais agus faoi dhoiciméid nó faoi ghníomhaíochtaí atá de dhíth chun é a chur chun cinn.
Más rud é nach dteastaíonn ó pháirtí faisnéis dá leithéid a nochtadh le páirtí eile, ní mór d’iarratasóirí é seo a chur in iúl do SUSI ionas gur féidir srianta cuí a chur i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás.
Cuirfidh foireann Deasc Tacaíochta SUSI ceisteanna dearbhaithe chun a chinntiú nach roinneann SUSI faisnéis ach amháin le páirtí ábhartha.
Sonraí Pearsanta a Phlé
Ní phléifidh SUSI sonraí pearsanta páirtí d’iarratas le páirtithe eile san iarratas, nó le tríú páirtí lasmuigh den iarratas gan cead uathu.
Is féidir le hiarratasóirí agus páirtithe eile le hiarratas tras-údarú a dheonú dá chéile, agus is féidir leo tríú páirtithe lasmuigh den iarratas a údarú, chun a gcuid sonraí pearsanta a phlé le SUSI thar a gceann-
Is féidir le hiarratasóirí agus páirtithe eile le hiarratas ar dheontais iarratais a tharraingt siar ag am ar bith.
Tá cearta áirithe ag daoine aonair maidir le faisnéis phearsanta a phróiseálann SUSI. Tá na cearta sin liostaithe thíos. Níl na cearta seo iomlán agus tá feidhm acu faoi réir coinníollacha áirithe. I gcúinsí áirithe, de réir an dlí tá sé de cheart ag daoine aonair:
Is féidir le daoine aonair cóip dá gcuid sonraí pearsanta a choimeádann SUSI a rochtain nó a iarradh, nó is féidir leo iarradh ar SUSI ceartúchán a dhéanamh orthu, tríd an fhoirm Iarratas ar Rochtain ar Ábhar Sonraí atá ar fáil ag www.susi.ie a íoslódáil, a chomhlánú agus a chur ar ais.
Seachas sin, is féidir le daoine aonair a gcearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh le CDETB ag na sonraí thíos.
Níl aon táille de dhíth de ghnáth. Ní bheidh ort táille a íoc chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (nó chun aon cheann de na cearta eile a fheidhmiú). Is féidir linn táille réasúnta a ghearradh, áfach, má tá sé soiléir go bhfuil d’iarratas gan bhunús, athráiteach nó iomarcach. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfaimis diúltú cloí le d’iarratas sna cúinsí seo.
Conas a bhféadfá cabhrú linn. B’fhéidir go mbeidh orainn faisnéis shonrach a iarraidh ort chun do chéannacht a dhearbhú agus do cheart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta a chinntiú (nó aon cheann de do chearta eile a fheidhmiú). Is beart slándála é seo lena chinntiú nach nochtar sonraí pearsanta d’aon duine nach bhfuil sé de cheart aige é a fháil. D’fhéadfaimis teagmháil a dhéanamh leat freisin chun tuilleadh eolais a iarraidh ort maidir le d’iarratas chun ár bhfreagra a bhrostú.
Teorainn ama chun freagra a thabhairt. Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar gach iarratas dlisteanach laistigh de mhí amháin. Ó am go chéile d’fhéadfadh sé níos mó ná mí a thógáil orainn má tá d’iarratas an-chasta nó má tá roinnt iarratas déanta agat. Sa chás seo, cuirfimid ar an eolas thú agus coinneoimid suas chun dáta tú.
Láimhseáil gearán. Sa chás gur mian le duine gearán a dhéanamh faoin gcaoi a bhfuil SUSI ag próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, nó an chaoi ar déileáladh lena ngearán, tá sé de cheart ag an duine sin gearán a dhéanamh go díreach leis an údarás maoirseachta ar féidir teagmháil a dhéanamh leis mar seo a leanas. Bheimis buíoch, áfach, as an deis déileáil le do chuid ábhar imní sula dtéann tú chuig an údarás maoirseachta agus mar sin déan teagmháil linn ar an gcéad dul síos:
Teagmháil | An Coimisiún um Chosaint Sonraí |
Teileafón | +353 57 8684800/+353 (0)761 104 800 |
Láithreán Gréasáin | www.dataprotection.ie |
An Post | An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Íochtarach Baile Átha Cliath 2 D02 RD28 Éire |
Coimeádann SUSI sonraí go daingean chun críocha riarachán deontas, iniúchtaí agus athbhreithnithe cáis agus ní choinníonn sé sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá agus/nó mar a éilíonn an dlí. Agus cinneadh á dhéanamh faoin tréimhse choinneála do chatagóirí sonraí pearsanta, déanfaidh SUSI, i gcónaí, a chuid dualgas faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, treoir ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí, aon cheanglais reachtacha shonracha eile chomh maith le méid agus cineál na sonraí féin a bhreithniú. .
Sonraí pearsanta a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Tá cúinsí ann ina gcaithfidh SUSI sonraí pearsanta duine aonair a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun críocha riarachán deontas nó iarratas ar dheontas. Sa chás ina mbíonn gá le haistriú den sórt sin cinnteoidh SUSI i gcónaí go bhfuil cosaintí cuí i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ar nós:
Stóráiltear sonraí a choimeádann SUSI, lena n-áirítear taifid ríomhaire agus páipéir, in áiseanna daingne. Glacann SUSI bearta slándála cuí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe ar, nó athrú, nó nochtadh nó léirscriosadh sonraí agus i gcoinne caillteanas nó léirscriosadh de thaisme. Cuirtear riachtanais slándála agus na bearta a theastaíonn chun na sonraí a chomhroinntear a chosaint, san áireamh sna comhaontuithe próiseála sonraí a dhéanann SUSI leis na daoine nó leis na comhlachtaí lena gcomhroinneann siad sonraí.
Sa chás ina dtoilíonn iarratasóirí nó páirtithe ábhartha eile dá n-iarratais, má ghlacann siad leis nó má iarrann siad ar SUSI teagmháil a dhéanamh leo tríd an ríomhphost, is iad féin amháin atá freagrach as soláthar, slándáil agus sláine a gcuntas ríomhphoist a chinntiú. Ní bhíonn tarchur faisnéise via an idirlíon go hiomlán slán, agus dá bharr sin, cé go bhfuil bearta slándála réasúnta i bhfeidhm ag SUSI, ní féidir príobháideachas nó rúndacht eolais a sheoltar tríd an ríomhphost, a dhearbhú.
Coimeádann SUSI slándáil sonraí trí rúndacht, sláine agus infhaighteacht na sonraí pearsanta a chosaint, mar seo a leanas:
Úsáidtear fianáin ar láithreán gréasáin SUSI agus ar an gcóras ar líne um iarratais ar dheontais. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin, féach ar ár bPolasaí Fianán .
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le CDETB maidir le haon ábhar a bhaineann le do chearta cosanta sonraí trí na sonraí thíos a úsáid:
Teagmháil: | Oifigeach Cosanta Sonraí |
Teileafón: | + 353 1 668 0614 |
Ríomhphost: | dataprotection@cdetb.ie |
Sa Phost: | CDETB
Halla an Bhaile, Bóthar Mhuirfean, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 Éire |
Forchoimeádann SUSI an ceart an Ráiteas Cosanta Sonraí seo a mhodhnú ag aon am. Más rud é agus nuair a dhéantar athruithe ar an Ráiteas Cosanta Sonraí seo, postálfar aon athruithe ar láithreán gréasáin SUSI agus beidh siad i bhfeidhm nuair a phostáiltear iad. Lean ar aghaidh ag seiceáil an leathanaigh seo le cinntiú go bhfuil tú i gcónaí ar an eolas faoi aon athruithe.