Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Seo achoimre ar Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.

  • Is Aonad de chuid BOO Chaithair Bhaile Atha Cliath é SUSI atá ina chomhrialaitheoir sonraí leis an An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le haghaidh iarratas ar dheontas mac léinn faoi Scéimeanna Deontas Mac Léinn.
  • Coimeádann agus próiseálann SUSI sonraí go daingean agus go rúnda agus glacann sé bearta slándála cuí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe ar, nó athrú, nochtadh nó scrios, do shonraí agus i gcoinne a gcaillteanas nó a scriosta de thaisme.
  • Coimeádann SUSI sonraí pearsanta, lena n-áirítear taifid ar ghlaonna gutháin, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun iarratais ar dheontais a phróiseáil nó mar a éilíonn an dlí.
  • Roinneann SUSI sonraí a chuirtear ar fáil in iarratais ar dheontais le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile chun críocha iarratais ar dheontais a phróiseáil.
  • Déanann SUSI cumarsáid dhíreach le hiarratasóirí maidir lena n-iarratas.
  • Pléann SUSI freisin le páirtithe eile san iarratas stádas an iarratais agus aon fhianaise dhoiciméadach nó aon ghníomhartha is gá chun é a chur chun cinn. Féadfaidh iarratasóirí SUSI a chur ar an eolas mura mian leo go dtarlóidh sé seo.
  • Ní phléifidh SUSI sonraí pearsanta páirtí d’iarratas le páirtithe ábhartha eile, nó le tríú páirtí lasmuigh den iarratas gan a n-údarás.
  • Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile iarratais ar dheontas cros-údarú a dhéanamh ar a chéile chomh maith chun a gcuid sonraí pearsanta a phlé le SUSI thar a gceann.
  • Sa chás go n-aithníonn iarratasóir amháin nó níos mó caidrimh le hiarratasóirí eile, is féidir le SUSI crostagairt a dhéanamh dá n-iarratais chun comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht próiseála a chinntiú.
  • De bhun na reachtaíochta um chosaint sonraí, féadfaidh daoine rochtain a iarraidh ar a gcuid sonraí atá i seilbh SUSI agus a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú mar atá leagtha amach i Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.