An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Is é SUSI an túdarás aonair bronnta atá sé freagrach as na deontais uile do mhic léinn in Éirinn a phróiseáil.

Leagtar amach sa Chairt sin an méid a bhfuil súil ag cách leis sa chomhthéacs seo.

Leanúnachas, Cothromas agus Rúndacht

  • Déanfaidh SUSI iarratais ar dheontais do mhic léinn a riar go cothrom, go réasúnta agus go leanúnach de réir an Achta um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011, de réir na Scéime Deontais do Mhic Léinn agus na Rialachán um Thacaíocht do Mhic Léinn faoin Scéim sin, agus féachfaidh sé leis an toradh cóir a bhaint amach.
  • Caithfidh SUSI leis an bhfaisnéis a chuirfidh tú faoinár mbráid go rúnda agus cinnteoidh sé nach n-úsáidfear agus nach nochtfar í, ach amháin de réir an Ráitis um Chosaint Sonraí de chuid SUSI, a shínigh tú agus d’iarratas á chur faoinár mbráid agat.

Cúirtéis, Meas agus Gairmiúlacht

Is féidir leat súil a bheith agat leis an méid seo a leanas:

  • go gcaithfear go cuirtéiseach leat agus go léireofar meas ort ar bhealach neamh-idirdhealaitheach gairmiúil, agus tú ag plé le SUSI.

Tá súil againn leis go ndéanfaidh tú an méid seo a leanas:

  • go gcaithfear go cuirtéiseach le hoifigigh SUSI agus go gcomhoibreoidh tú leo a oiread agus is féidir.

Eolas agus Cúnamh

Is féidir leat súil a bheith agat leis an méid seo a leanas:

  • go mbeidh sé mar aidhm againn a chinntiú go bhfuil soiléire, tráthúlacht agus cruinneas ag baint leis an eolas uile a chuirimid ar fáil;
  • i gcás an eolais uile a fhoilseofar, go gcuirfear ar fáil é i bhformáid inrochtana inléite, agus go mbeidh an t-eolas sin ar fáil ar ár láithreán gréasáin freisin; agus
  • go dtabharfar an t-eolas riachtanach ar fad duit, mar aon le cúnamh ar bith a theastaíonn, le go mbeidh tú in ann an próiseas deontais a thuiscint go soiléir.

Tá súil againn leis go ndéanfaidh tú an méid seo a leanas:

  • go gcuirfidh tú faisnéis fhíorchruinn ar fáil do SUSI gach uair a bheidh tú i dteagmháil linn, agus go gcuirfidh tú SUSI ar an eolas go tráthúil faoi aon athrú a bhaineann le d’iarratas ar dheontas.

Toimhde an Ionracais

Is féidir leat súil a bheith agat leis an méid seo a leanas:

  • go ndéanfar talamh slán de gur duine macánta tú agus tú ag plé le SUSI, ach amháin má tá cúis shoiléir ann go mbeadh a mhalairt de bharúil againn, agus faoi réir fhreagracht SUSI, comhlíonadh na rialachán deontais a chinntiú.

Tá súil againn leis go ndéanfaidh tú an méid seo a leanas:

  • go bpléifidh tú go macánta le SUSI agus chuige sin, go ndearbhóidh tú faisnéis chruinn agus, nuair a bheidh iarratas ar dheontas mic léinn á dhéanamh agat, go n-iarrfaidh tú na teidlíochtaí a bhfuil tú incháilithe lena n-aghaidh, agus iad sin amháin.