Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 ar an 14 Deireadh Fómhair 2014. Baineann an tAcht SF 2014 le Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath ar an agus ón 14 Aibreán 2015.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá na cearta seo a leanas agat:
Baineann eisceachtaí áirithe leis na cearta sin agus tá na heisceachtaí seo leagtha amach san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Is é SUSI (Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn), a ghníomhaíonn mar aonad gnó de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, údarás aonair náisiúnta bronnta na hÉireann i dtaobh na ndeontas ardoideachais agus breisoideachais go léir. Tugadh údarás do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath Scéim bhliantúil na nDeontas do Mhic Léinn a riar faoi Ordú Ainmnithe 2012 de chuid an Aire Oideachais agus Scileanna. Feidhmíonn an Bord faoi Chreat-chomhaontú Bainistíochta atá i bhfeidhm leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Más mian leat iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh maidir le taifid a bhaineann le SUSI, ní mór an t-iarratas sin a chur isteach i scríbhinn mar seo a leanas:
Ar an bpost chuig: An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, Halla an Bhaile, 1-3 Bóthar Mhuirfean, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4
Ar an ríomhphost chuig: foi@cdetb.ie
Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas curtha san áireamh le d'iarratas:
Tá tuilleadh eolais faoi iarratas ar shaoráil faisnéise a dhéanamh le fáil ar láithreán gréasáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath – http://cityofdublin.etb.ie/freedom-of-information/ .
Má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh a dhéantar, is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh agus déanfar athbhreithniú nua iomlán ar d'iarratas. Déanfaidh duine éigin, a bhfuil ról níos sinsearaí aige san eagraíocht ná an cinnteoir bunaidh, an t-athbhreithniú nua.
Má bhíonn tú míshásta fós ina dhiaidh sin, is féidir leat achomharc a sheoladh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise maidir leis an gcinneadh.
Níl aon táille le híoc as an gcéad iarratas a dhéantar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Seans go ngearrfaí táille áfach as an gcuardach, aisghabháil agus cóipeáil i gcás iarratas nach iarratas ar eolas pearsanta iad. Baineann íostairseach €101 le muirir chuardaigh, aisghabhála agus chóipeála, nach féidir aon mhuirir a ghearradh faoina bun. Tá srian €500 curtha leis an méid is féidir a ghearradh
Íoctar táille €30 as athbhreithniú inmheánach (€10 i gcomhair shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe). Íoctar táille €50 as achomhairc a sheoltar chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise (€15 i gcomhair shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).
Is féidir aon eolas oifigiúil atá i seilbh ag comhlachtaí poiblí a iarraidh faoin Acht. Ach chun ligean don Rialtas a ghnó a dhéanamh i gceart, beidh sé riachtanach uaireanta, i gcúinsí áirithe, cineálacha áirithe eolais a dhíolmhú óna n-eisiúint. Tá na cineálacha eolais sin leagtha amach san Acht. I measc na bpríomheisceachtaí tá taifid a bhaineann le:
Téigh go dtí láithreán gréasáin Aonad Beartais Lárnach um Shaoráil Faisnéise ar www.foi.gov.ie chun eolas mionsonraithe a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise san áireamh.