Polasaí Fianán

POLASAÍ FIANÁN

 SUSI Aonad de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath

Eolas maidir leis an úsáid atá á baint againn as fianáin

 Úsáideann suíomh gréasáin SUSI agus córas iarratais ar dheontais ar líne SUSI (dá dtagraítear an “suíomh gréasáin” i dteannta a chéile) fianáin. Cabhraíonn sé seo linn eispéireas maith a sholáthar duit nuair a bhrabhsálann tú ár suíomh gréasáin agus cuireann sé ar ár gcumas ár suíomh gréasáin a fheabhsú freisin.

Céard é fianán?

 Is comhad beag de litreacha agus uimhreacha é fianán a bhfuil faisnéis ann atá á stóráil againn ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ríomhaire, má chomhaontaíonn tú leis sin. Tá faisnéis i bhfianáin a aistrítear chuig tiomántán crua do ríomhaire. Cuireann fianáin ar ár gcumas ‘cuimhniú ort’ agus an suíomh gréasáin a chur in oiriúint do do shainroghanna ionas gur féidir linn inneachar a thaispeáint atá ábhartha duit, rud a chuireann ar do chumas nascleanúint idir leathanaigh ar bhealach níos éasca. Féach ar AllAboutCookies.org áit a bhfuil tuilleadh eolais faoi fhianáin agus conas iad a rialú.

Bac a chur ar fhianáin

 Is féidir leat bac a chur ar fhianáin tríd an socrú a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaí a cheadaíonn duit diúltú do shocrú gach fianán nó roinnt fianán. Is féidir leat an fheidhm “Cabhair” a rochtain i do bhrabhsálaí má theastaíonn tuilleadh eolais uait. Má úsáideann tú do shocruithe brabhsálaí chun bac a chur ar gach fianán (lena n-áirítear fianáin bhunriachtanacha/riachtanacha), áfach, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann codanna dár suíomhanna gréasáin a rochtain.

Céard iad na fianáin atá in úsáid againn?

 Úsáidimid na fianáin seo a leanas:

  • Fianáin riachtanacha: Is éard atá i gceist anseo fianáin atá riachtanach ionas go n-oibreoidh ár suíomh gréasáin. Áirítear ina measc, mar shampla, fianáin a chuireann ar do chumas logáil isteach i réimsí slána dár suíomh gréasáin.
  • Fianáin anailíseacha/feidhmíochta: Cuireann siad seo ar ár gcumas líon na gcuairteoirí a aithint agus a chomhaireamh agus eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann cuairteoirí as ár suíomh gréasáin. Cabhraíonn sé seo linn an bealach a oibríonn ár suíomh gréasáin a fheabhsú, mar shampla, trína chinntiú go bhfuil ag éirí le húsáideoirí an t-eolas atá uathu a fháil go héasca.
  • Fianáin feidhmiúlachta: Úsáidtear na fianáin seo chun tú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár suíomh gréasáin. Cuireann sé seo ar ár gcumas ár n-inneachar a phearsantú duit agus cuimhniú ar do shainroghanna (do rogha teanga, mar shampla).Tá tuilleadh eolais faoi na fianáin aonair a úsáidimid agus na críocha atá lena n-úsáid le fáil sa tábla thíos, mar aon le conas do shainroghanna fianáin a bhainistiú trí do shainrogha a roghnú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe air/as.
  • Nuair atá úsáideoirí i ndiaidh córas iarratais ar dheontais ar líne SUSI a rochtain, tá na fianáin a scríobhtar riachtanach don tseirbhís aois na faisnéise atá á cur ar fáil ag SUSI. Rialaíonn siad slándáil na seisiún úsáideora, tacaíonn siad le socruithe inrochtaineachta d’úsáideoirí lagamhairc agus tacaíonn siad le haistriú an chomhéadain úsáideora le haghaidh feidhmchlár Gaeilge.

 

Suíomh Gréasáin SUSI

 Fianáin Riachtanacha

Fianáin Riachtanacha( SUSI Website Strictly Necessary Cookies)

Ainm SoláthraíCuspóirDáta Éaga Cineál
Local_storeage
_support_test
Twitter.comÚsáidtear an fianán seo leis an bhfeidhm stórais logánta sa bhrabhsálaí agus ceadaíonn sé don suíomh gréasáin lódáil níos tapúla trí ghnásanna áirithe a réamhlódáil.DadaHTML

Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta

Ainm SoláthraíCuspóirDáta Éaga Cineál
_gaSusi.ieÚsáideann Google Analytics an fianán seo chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as ár suíomh gréasáin. Úsáidimid an fhaisnéis seo chun cabhrú linn an suíomh gréasáin a fheabhsú.2 bhliainHTTP
_gaatSusi.ieÚsáideann Google Analytics an fianán seo chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as ár suíomh gréasáin. Úsáidimid an fhaisnéis seo chun cabhrú linn an suíomh gréasáin a fheabhsú.1 láHTTP
_gidSusi.ieÚsáideann Google Analytics an fianán seo chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as ár suíomh gréasáin. Úsáidimid an fhaisnéis seo chun cabhrú linn an suíomh gréasáin a fheabhsú.1 láHTTP
collectGoogle-analytics.comÚsáideann Google Analytics an fianán seo chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as ár suíomh gréasáin. Úsáidimid an fhaisnéis seo chun cabhrú linn an suíomh gréasáin a fheabhsúSeisiúnPicteilín

Córas Iarratais Ar Líne SUSI

Fianáin Riachtanacha

Córas Iarratais Ar Líne SUSI-Fianáin Riachtanacha

Ainm SoláthraíCuspóirDáta Éaga Cineál
Eseries_localCapitaÚsáidtear an fianán seo chun sainroghanna logánaithe cosúil le teanga a chur ar fáil don úsáideoir.DadaHTTP
CapitaÚsáidtear an fianán seo chun feidhmiúlacht seisiúin a chur ar fáil don úsáideoir.Seisiún (15 nóim réamhshocrú)HTTP
CapitaÚsáidtear an fianán seo chun sainroghanna logánaithe cosúil le teanga a chur ar fáil don úsáideoir.Dada HTTP

Córas Iarratais Ar Líne SUSI-Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta

Ainm SoláthraíCuspóirDáta Éaga Cineál
MidCapitaÚsáidtear an fianán seo chun seisiúin na n-úsáideoirí a bhainistiú ar tháib nó fuinneoga brabhsálaí éagsúla.Seisiún (15 nóim réamhshocrúHTTP

This website uses cookies to give you the best experience. Agree by clicking the 'Accept' button.