B’fhéidir go dteastóidh ó SUSI a bheith curtha ar an eolas ar do stair acadúil lena dheimhniú an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe do dheontas.
Ní mór go bhfuil do leibhéal ar an CNC (an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí) á ardú go meastar go bhfuil tú incháilithe chun deontas a fháil.
Ní mór go bhfuil tú ag freastal ar chúrsa faofa –
Féadtar a mheas go bhfuil tú incháilithe do chistiú mar mhac léinn “athdheise”, áfach sna cásanna a leanas –
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ndéanann staidéar ag leibhéal faoi bhun leibhéal fochéime, laistigh den tréimhse 5 bliana, difear do cháilitheacht mac léinn le bheith san áireamh mar “mhac léinn dara seans”.
Breisoideachas/Ardoideachas | Leibhéal | Dul Chun Cinn | Uastréimhsí Maoinithe Deontais |
---|---|---|---|
Breisoideachas | IAT leibhéal 5 | Teastas | - Maoiniú 3 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal IAT |
Breisoideachas | IAT leibhéal 6 | Sainteastas | |
Ardoideachas | Leibhéal 6 Fochéime | Ardteastas | - Maoiniú 2 bhliana ar a mhéad ag leibhéal 6 Fochéime - Maoiniú 3 bliana ar a mhéad ag leibhéal 7 Fochéime - Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal 6 & 7 Fochéime - Maoiniú 4 bliana ar a mhéad ag leibhéal 8 Fochéime (ach amháin i gcás go bhfuil gnáthfhad an chúrsa níos faide ná 4 bliana) |
Ardoideachas | Leibhéal 7 Fochéime | Gnáthchéim Bhaitsiléara | |
Ardoideachas | Leibhéal 8 Fochéime | Céim Onóracha Bhaitsiléara | |
Ardoideachas | Leibhéal 8 Iarchéime | Ard-Dioplóma | - Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal Iarchéime Cuirtear aon fhreastal nó gnóthachtáil ag leibhéal Iarchéime san áireamh, is cuma cé acu an bhfuarthas nó nach bhfuarthas deontas roimhe seo |
Ardoideachas | Leibhéal 9 Iarchéime | Dioplóma | |
Ardoideachas | Leibhéal 9 | Céim Mháistreachta | |
Ardoideachas | Leibhéal 10 | Dochtúireacht |
Más mac léinn thú a bhfuil bliain á hathdhéanamh agat ar an gcúrsa céanna, níl tú i dteideal deontas a fháil,
áfach,
má thug tú faoi chúrsa breisoideachais nó ardoideachais roimhe seo ach má d’fhág tú sular chríochnaigh tú an cúrsa, b’fhéidir go bhfuil tú incháilithe chun cuid de dheontas mac léinn a fháil a luaithe a chríochnaíonn tú tréimhse chomhionann staidéir.