Córas Iarratais Ar Líne Deontas Mac Léinn Dúnta
Ba é an 5 Samhain 2020 an dáta deiridh d’iarratais don bhliain acadúil 2020/21.
Tá an córas iarratais ar dheontas mac léinn ar líne dúnta anois. Má athraíonn tú do chúinsí, áfach, téigh i dteagmháil le deasc chabhrach SUSI ag support@susi.ie chun comhairle a fháil.
Is féidir le mic léinn a shásaíonn critéir shonracha iarratas déanach a dhéanamh tar éis an dáta seo. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiarratas déanach a dhéanamh anseo.
Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir le hiarratasóirí a chuir isteach iarratas cheana logáil isteach sa chóras chun stádas a n-iarratas a sheiceáil, sonraí bainc a iontráil, sonraí teagmhála a nuashonrú agus sonraí maidir le fógra faoi athrú cúrsa a nuashonrú.