Ní gá duit teagmháil a dhéanamh le deasc chabhrach chun dul chun cinn d’iarratais a sheiceáil. Tá Rianaire Iarratais ar Líne SUSI ar fáil duit trí logáil isteach i do chuntas SUSI ar líne agus tugann seo duit infheictheacht ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta a bhaineann le d’iarratas ar dheontas.
Cuirfidh Rianaire Iarratais ar Líne SUSI ar do chumas an méid a leanas a dheimhniú;
- Fuarthas d’iarratas
- Fuarthas do cháipéisíocht tacaíochta
- An stádas is déanaí faoi d’iarratas
Chun logáil isteach i Rianaire Iarratais ar líne SUSI, teastóidh an méid a leanas uait;
- D’ainm úsáideora, pasfhocal agus uimhir bioráin uathúil do do chuntas SUSI.