Nótaí Tábhachtacha d’Iarratasóirí Deontais

Nótaí Tábhachtacha d’Iarratasóirí Deontais

Nótaí Tábhachtacha d’Iarratasóirí Deontais

Mínítear sa téacs thíos faisnéis thábhachtach d’iarratasóirí deontais agus do pháirtithe eile maidir lena n-iarratais deontais. Ba cheart duit an téacs a léamh nuair a bhíonn tú ag obair ar d’iarratas deontais.

Nuair a dhéanann tú iarratas ar dheontas mic léinn, éilítear ar gach páirtí a bhaineann le d’iarratas a dheimhniú go bhfuil na nótaí tábhachtacha seo léite acu mar théarmaí agus coinníollacha a bhaineann le d’iarratas agus aon deontas a fhaigheann tú.

Déanfar an doiciméad seo a nuashonrú chun aon athruithe ar an reachtaíocht a chur san áireamh agus déanfar é a nuashonrú ar an leathanach seo.

1. Reachtaíocht

Tá na téarmaí agus coinníollacha dlí a bhfuil deontais mic léinn á rialú acu le fáil sa reachtaíocht faoina n-oibríonn SUSI:

  • Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011, arna leasú,
  • An Scéim Deontais do Mhic Léinn don bhliain ábhartha,
  • Rialacháin Tacaíochta do Mhic Léinn don bhliain ábhartha.

2. Incháilitheacht Deontais

Leagtar amach sa reachtaíocht na critéir cháilitheachta agus coinníollacha eile ar a mbunaítear an cinneadh deontas a thabhairt duit nó gan deontas a thabhairt duit –

  • náisiúntacht agus cónaitheacht,
  • cúlra oideachais agus deontais roimhe seo,
  • dul chun cinn oideachais agus athdhéanamh cúrsaí,
  • uastréimhsí le haghaidh maoiniú deontais,
  • institiúidí agus cúrsaí faofa,
  • institiúid agus cúrsa roghnaithe,
  • aicme an iarratasóra,
  • ioncam páirtithe atá luaite san iarratas,
  • teorainneacha tairsí ioncaim,
  • foinsí eile de mhaoiniú oideachais,
  • leanaí spleácha,
  • daoine iomchuí in oideachas,
  • fad ón áit ghnáthchónaithe go dtí an coláiste.

Tá roinnt príomhchritéir agus príomhchoinníollacha aibhsithe thíos ach ba cheart duit tagairt do théacs iomlán na reachtaíochta atá ar fáil ar www.susi.ie

3. Na Próisis a bhaineann le hIarratas Deontais agus Cinntí Deontais

Ní mór duitse, an t-iarratasóir, gach iarratas deontais agus faisnéis thacaíochta agus fiosrúcháin a chur ar fáil, trí na próisis oifigiúla atá á reáchtáil ag SUSI.

Déanfaidh SUSI cinneadh maidir le an bhfuil tú incháilithe chun deontas a fháil, ag féachaint do na nithe seo a leanas –

  • faisnéis atá curtha ar fáil agat,
  • faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis ó chomhlachtaí Rialtais iomchuí eile,
  • critéir atá sonraithe sa reachtaíocht.

4. Faisnéis Iomlán, Fhoirfe agus Bheacht

De réir na reachtaíochta, ní mór duitse, an t-iarratasóir, an fhaisnéis ar fad a theastaíonn ó SUSI maidir le gach páirtí a bhaineann le d’iarratas a chur a fáil. Ní dhéanann SUSI ach cumarsáid dhíreach leatsa, an t-iarratasóir, chun na gcríoch seo.

Dá réir sin, lorgóidh SUSI an fhaisnéis riachtanach ar fad uaitse, an t-iarratasóir, agus cuirfidh sé fógra chugat maidir leis an gcinneadh atá déanta faoi d’iarratas.

Ní mór go mbeadh an fhaisnéis ar fad iomlán, foirfe agus beacht, ar gach slí. Roimh iarratas ar dheontas a dhéanamh ní mór do gach páirtí a bhaineann le d’iarratas dearbhú a dhéanamh chun é seo a dheimhniú maidir leis an bhfaisnéis atá curtha ar fáil acu.

Má theipeann ort faisnéis a chur ar fáil nó má chuireann tú faisnéis ar fáil atá neamhiomlán nó míchruinn, d’fhéadfaí go mbeadh moill ar d’iarratas nó go ndiúltófaí do d’iarratas.

Na Freagrachtaí atá Ortsa

Ní mór duit a chur in iúl do SUSI láithreach má tá aon athrú ábhartha ar dhálaí a bhaineann leatsa nó le páirtí eile a bhaineann le d’iarratas a bhféadfadh an méid seo a leanas a bheith dá thoradh:

  • níl aon fhaisnéis a chuir tú ar fáil do SUSI i d’iarratas ceart níos mó, nó
  • níl faisnéis eile a chuir tú ar fáil do SUSI i ndáil leat féin nó páirtí eile a bhaineann le d’iarratas ceart níos mó, nó
  • níl na critéir nó na coinníollacha riachtanacha ionas go mbeidh tú incháilithe do dheontas á gcomhlíonadh agat níos mó.

5. Athbhreithniú ar Incháilitheacht

Is féidir leat iarratas a dhéanamh le SUSI athbhreithniú a dhéanamh ar d’incháilitheacht chun deontas a fháil sa chás go dtarlaíonn aon cheann de na hathruithe seo a leanas ar imthosca idir an 1 Eanáir sa bhliain ina ndéanann tú iarratas ar dheontas agus deireadh na bliana acadúla lena mbaineann d’iarratas:

  • ioncam,
  • líon na leanaí spleácha,
  • líon na ndaoine iomchuí in oideachas,
  • áit ghnáthchónaithe,
  • náisiúntacht nó stádas inimirce,
  • cúrsa nó institiúid.

D’fhéadfadh SUSI d’incháilitheacht chun deontas a fháil a athbhreithniú sna cásanna seo a leanas-

  • déanann tú iarratas chun d’incháilitheacht a athbhreithniú,
  • soláthraíonn tú nó teipeann ort faisnéis a theastaíonn ó SUSI a sholáthar,
  • Faigheann SUSI tuarascáil nó faisnéis iomchuí eile a bhaineann le d’iarratas.

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar d’incháilitheacht, d’fhéadfadh SUSI an cinneadh seo a leanas a dhéanamh-

  • tá tú fós incháilithe chun deontas a fháil,
  • tá tú incháilithe chun deontas difriúil a fháil, nó
  • níl tú incháilithe chun deontas a fháil.

D’fhéadfadh SUSI stop a chur le híocaíochtaí deontais nuair a bhíonn d’incháilitheacht chun deontas a fháil á hathbhreithniú.

6. Ceart Achomhairc

Féadfaidh tú cinneadh atá déanta ag SUSI deontas a bhronnadh ort nó diúltú deontas a bhronnadh ort a achomharc. Ní mór d’achomharc a sheoladh chuig Oifigeach Achomharc SUSI laistigh de 30 lá ón uair a fhaigheann tú an litir ina gcuirtear an cinneadh in iúl duit. Tá foirm achomhairc le fáil ag  www.susi.ie

7. Cionta agus Pionóis

Sa chás go n-áirítear in aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil do SUSI easnamh, bréag nó míchruinneas d’aon turas nó meargánta, nó sa chás go dteipeann ort athrú ábhartha ar imthosca a chur i iúl do SUSI a bhfuil tionchar aige ar d’iarratas ar dheontas, d’fhéadfaí go ndlífí tú a ionchúiseamh le haghaidh ciona a bhféadfadh pionóis a bheith dá thoradh lena n-áirítear fíneáil, príosúnacht, nó an dá rud, nó caillteanas deontais agus aisíocaíochta, le hús, d’aon airgead a fhaightear.

8. Íocaíochtaí Deontais

Féadfar tús a chur le híocaíocht aon deontas cothaithe a bhronntar ort i ndiaidh do do choláiste deimhniú a thabhairt do SUSI go bhfuil tú cláraithe agus ag freastal ar do chúrsa ar bhonn lánaimseartha. Lorgaíonn SUSI an fhaisnéis seo go díreach ó do choláiste.

Déanann SUSI aon táille deontais a bhronntar ort a íoc go díreach le do choláiste ar do shon bunaithe ar do clárú agus ar do thinreamh deimhnithe.

Sular féidir leat íocaíochtaí deontais chothaithe a fháil, caithfidh tú sonraí do chuntais bainc a chur ar fáil do SUSI. Is féidir na sonraí seo a chur ar fáil go slán trí do chuntas SUSI ar líne i ndiaidh do SUSI deontas a bhronnadh ort.

9. Aisghabháil Ró-íocaíochtaí

Má fhaigheann tú, ar chúis éigin, íocaíocht le haghaidh cuid de dheontas nó deontas iomlán nach bhfuil tú incháilithe lena aghaidh, d’fhéadfaí go ndlífear ort aon deontas cothaithe íoctha leat agus aon deontas táille íoctha le coláiste ar do shon a aisíoc le SUSI.

10. Príomhchritéir agus Príomhchoinníollacha Incháilitheachta

Aicme an Iarratasóra

Má tá tú 23 bliain d’aois nó níos sine, ba cheart duit aird ar leith a thabhairt ar aicme an iarratasóra a roghnaíonn tú nuair a dhéanann tú iarratas deontais ar líne.

Léigh na nótaí cabhrach atá le fáil san fhoirm iarratais go cúramach agus féach ar an bhfaisnéis bhreise atá curtha ar fáil ag  www.susi.ie

Gach bliain bíonn moill ar phróiseáil iarratas go leor mac léinn a roghnaíonn an aicme iarratasóra mícheart agus bíonn orthu a n-iarratais a chealú agus iarratas nua a dhéanamh faoin aicme cheart.

An Cúrsa atá Roghnaithe Agat

Ní féidir deontais a bhronnadh ach le haghaidh cúrsaí faofa de réir mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Ní gá go mbeadh tú tar éis glacadh le háit ar chúrsa chun iarratas a dhéanamh ar dheontas. Ní mór duit a chur in iúl do SUSI, áfach, má tá áit ar chúrsa tairgthe duit agus má tá glactha agat le háit ar chúrsa sular féidir d’iarratas a thabhairt chun críche. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

  • Iarratas Deontais Ar Líne SUSI: is féidir leat a dheimhniú go bhfuil glactha agat le háit ar chúrsa nuair a dhéanann tú d’iarratas deontais ar líne;
  • Iarratasóirí CAO: má tá cead tugtha agat don CAO (Lár-Oifig Iontrála) d’fhaisnéis a roinnt le SUSI tríd an rogha oiriúnach a roghnú ar d’fhoirm iarratais CAO, cuirfidh an CAO é seo in iúl do SUSI agus deimhneofar sonraí do chúrsa le SUSI nuair atá glactha agat le tairiscint ar áit CAO;
  • Foirm Ar Líne chun Athrú maidir le Cúrsa SUSI a Fhógairt: is féidir leat a chur in iúl do SUSI go bhfuil glactha agat le háit ar chúrsa am ar bith i ndiaidh duit d’iarratas deontais a dhéanamh trí Fhoirm Ar Líne chun Athrú maidir le Cúrsa a Fhógairt a sheoladh isteach trí leathanach baile do chuntais SUSI ar líne (an Glacadh Deiridh Cúrsa – GDC roimhe seo).
  • Má ghlacann tú le háit ar chúrsa difriúil ina dhiaidh sin nó ar chúrsa nach dtairgtear duit tríd an CAO, is féidir leat Foirm chun Athrú maidir le Cúrsa a Fhógairt a chur ar fáil am ar bith trí leathanach baile do chuntas ar líne SUSI.

Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas bunaithe ar na sonraí cúrsa is déanaí atá curtha ar fáil do SUSI trí aon cheann de na modhanna thuasluaite.

Dul chun cinn Oideachais agus Athdhéanamh Cúrsaí

D’fhonn a bheith incháilithe chun deontas a fháil, ní mór go mbeadh tú ag leanúint ar aghaidh ó bhliain go bliain de do chúrsa nó ag leanúint ar aghaidh ó chúrsa amháin go cúrsa eile a mbeidh cáilíocht ag leibhéal níos airde mar thoradh air.

Ag glacadh leis go bhfuil eisceachtaí teoranta i gceist, níl tú incháilithe chun deontas a fháil má tá bliain de chúrsa á athdhéanamh agat nó má tá tú ag freastal ar chúrsa, nó bliain de chúrsa, a nglactar leis nach ionann é agus dul chun cinn oideachais.

Uastréimhsí le haghaidh Maoiniú Deontais

Tá uastréimhsí le haghaidh maoiniú deontais i bhfeidhm ag gach leibhéal. Más spéis leat tuilleadh faisnéise faoi uastréimhsí le haghaidh maoiniú deontais, féach ar www.susi.ie

Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (LFO), Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) agus Maoiniú Oideachais eile

Níl tú incháilithe chun deontas cothaithe a fháil má tá íocaíochtaí LFO nó SDOG á bhfáil agat. Ní mór duit a chur in iúl do SUSI má tá a leithéid seo d’íocaíochtaí á bhfáil agat nó, dlífear ort aon ró-íocaíocht deontais atá faighte agat a aisíoc.

Chomh maith leis sin, ní mór duit eolas a chur ar fáil do SUSI faoi aon chúnamh airgeadais eile atá á fháil agat i ndáil le do chostas cothabhála mar mhac léinn nó le haghaidh do tháillí coláiste.

Áirítear anseo cúnamh trí dheontais, sparánachtaí, scoláireachtaí, etc. faighte ó chistí poiblí curtha ar fáil ag aon roinn Rialtais nó comhlacht státmhaoinithe eile agus áirítear ann freisin cúnamh faighte ó fhoinsí príobháideacha.

Iarratais á ndéanamh ag an Teaghlach Céanna

Déantar gach iarratas deontais a phróiseáil go rúnda agus ina aonar, lena n-áirítear sa chás go bhfaightear níos mó ná iarratas amháin ón teaghlach céanna.

Ciallaíonn sé sin, sa chás go dteastaíonn doiciméid thacaíochta, nach mór iad a iarraidh agus a sheoladh chun bealaí ina n-aonar maidir le gach iarratasóir sa teaghlach, fiú amháin sa chás go mbaineann na doiciméid le beirt iarratasóirí deontais nó níos mó sa teaghlach sin (e.g. siblíní) leis na daoine céanna (e.g. tuismitheoirí).

Sa chás gur thoiligh iarratasóirí ón teaghlach céanna nuair a bhí a n-iarratas á dhéanamh acu gur féidir crostagairt a dhéanamh, d’fhéadfadh SUSI iarratais deontais a chrostagairt chun próiseáil chomhsheasmhach agus thráthúil a chinntiú.

Daoine Iomchuí in Oideachas

Sa chás go bhfuil daoine áirithe iomchuí i do chás féin, an t-iarratasóir, ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais sa bhliain acadúil chéanna, d’fhéadfadh go mbeadh teorainneacha ioncaim méadaithe i bhfeidhm a chiallódh go bhfuil tú incháilithe chun deontas nó ráta feabhsaithe deontais a fháil.

Is féidir leat sonraí tosaigh a chur ar fáil cosúil leis an duine iomchuí nuair a bhíonn d’iarratas ar líne á dhéanamh agat agus d’fhéadfaí aon deontas a fhaigheann tú a athbhreithniú ar an mbonn seo nuair atá tuilleadh sonraí maidir lena dtinreamh ar an gcúrsa ar fáil.

Murab ionann duine iomchuí agus iarratasóir deontais a fhaigheann deontas ó SUSI freisin agus murar thoiligh sé/sí dá (h)iarratas a chrostagairt le d’iarratas chun na críche seo, iarrfar ort in am cuí fianaise dhoiciméadach a sholáthar lena ndeimhniú go bhfuil an duine cláraithe agus ag freastal ar a c(h)úrsa.

Do Dheontas a Athnuachan

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne le SUSI gach bliain chun do dheontas a athnuachan le haghaidh gach bliain do ghnáth-thréimhse ama do rogha cúrsa.

Is féidir leat do dheontas a athnuachan má tá tú ag leanúint ar aghaidh leis an gcúrsa céanna (lena n-áirítear nuair atá dul chun cinn á dhéanamh agat ó chéad bhliain “comhiontrála”).

Ní féidir leat do dheontas a athnuachan má athraíonn tú cúrsa nó coláiste (lena n-áirítear nuair a thugann tú faoi “bhliain bhreise” de chúrsa) – sna cásanna seo ní mór duit iarratais deontais nua ar líne a dhéanamh.

Nuair atá do dheontas á athnuachan agat, ní mór duit aon athruithe iomchuí ar d’imthosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar d’incháilitheacht chun deontas a fháil a chur in iúl do SUSI.

Beidh athnuachan do dheontais faoi réir athmheasúnú a bheith á dhéanamh ag SUSI ar d’incháilitheacht leanúnach chun deontas a fháil.

Cúrsa a Iarchur nó Aistarraingt ó Chúrsa

Ní mór duit an méid seo a leanas a chur in iúl do SUSI–

  • má chinneann tú d’áit sa choláiste a iarchur i ndiaidh duit glacadh leis an áit sin,
  • má chinneann tú cúrsa a iarchur ar feadh bliana, nó
  • má aistarraingíonn tú ó do chúrsa nó má stopann tú ag freastal ar do chúrsa.

Mura gcuireann tú é sé in iúl do SUSI gan mhoill, dlífear ort aon ró-íocaíocht deontais a fhaigheann tú a aisíoc agus/nó b’fhéidir nach mbeidh tú incháilithe chun deontas a fháil (nó b’fhéidir go bhfaighidh tú deontas laghdaithe) nuair a fhilleann tú ar do chuid staidéir amach anseo.

11. Rialú Calaoise agus Earráidí

Tá rialuithe á gcur chun feidhme ag SUSI chun caiteachas cistí poiblí a chosaint, chun gníomhaíocht chalaoiseach a chosc agus a bhrath agus chun earráidí le linn phróiseáil na n-iarratas deontais a laghdú.

D’fhéadfadh SUSI iarratais deontais a chrostagairt chun críche iniúchta agus chun calaois a bhrath agus a iniúchadh.

12. Príobháideachas, Toiliú agus Próiseáil Sonraí

Tá ceart daoine aonair chun príobháideachais á urramú ag SUSI agus tá faisnéis phearsanta á próiseáil go slán agus go rúnda de réir na reachtaíochta cosanta sonraí.

Féadfaidh SUSI sonraí pearsanta a bhaineann leat agus le páirtithe eile a bhaineann le d’iarratas a roinnt le comhlachtaí agus le gníomhaireachtaí Rialtais eile. Déantar na sonraí seo a phróiseáil de réir na bprótacal comhroinnte sonraí comhaontaithe chun críche na faisnéise atá curtha ar fáil agat i d’iarratas a dheimhniú agus do chlárú agus do thinreamh ag institiúid faofa a dheimhniú.

Tá faisnéis maidir le conas a phróiseálann SUSI sonraí pearsanta le fáil in Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.

Nuair a bhíonn iarratas deontais á dhéanamh agat, ní mór duit féin agus gach páirtí eile a bhaineann le d’iarratas deimhniú aonair a thabhairt go bhfuil Ráiteas Cosaint Sonraí SUSI léite agaibh agus go dtuigeann sibh é.

Nuair a bhíonn sé seo á dheimhniú agat, admhaíonn tú féin agus gach páirtí eile an bonn reachtúil faoina bpróiseálann SUSI sonraí pearsanta agus an bonn dlí atá leis na sonraí a roinnt le SUSI agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile.

Toiliú

Mar iarratasóir deontais, go ginearálta ní theastaíonn do thoiliú agus toiliú na bpáirtithe eile a bhaineann le d’iarratas ó SUSI chun do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an bhoinn reachtúil ar a bhfuil iarratais deontais á bhfáil agus á bpróiseáil. In imthosca ina bhféadfadh gá a bheith lena leithéid de thoiliú, cinnteoidh SUSI go mbeidh a leithéid de thoiliú á lorg agus á chur ar fáil go saor.

Ní phléifidh SUSI sonraí pearsanta páirtí a bhaineann le hiarratas le páirtithe eile a bhaineann leis an iarratas, nó le tríú páirtí nach mbaineann leis an iarratas gan údarás a fháil uathu.

Chomh maith leis sin, féadfaidh iarratasóirí agus páirtithe eile a bhaineann le hiarratais crostagairt a dhéanamh ar a chéile chun a sonraí pearsanta a phlé le SUSI ar a son.

13. Tuilleadh Eolais

Tá tuilleadh eolais faoi iarratais ar dheontas mic léinn agus bronnadh deontas le fáil ar www.susi.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nDeasc Tacaíochta do Mhic Léinn ag na seoltaí thíos.

SUSI – Student Universal Support Ireland, P.O. Box 869, Little Island, Cork

SUSI – Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, Bosca P.O. 869, An tOlieán Beag, Corcaigh

Fón: 0818 888 777

R-phost: support@susi.ie

Suíomh Gréasáin: www.susi.ie

Athbhreithnithe & nuashonraithe in Eanair 2024