De réir ár gCairt Seirbhíse do Chustaiméirí, is é aidhm SUSI an tseirbhís caighdeán is airde agus is féidir a sholáthar do gach duine den phobal a dteastaíonn ár seirbhísí uathu. Is é ár n-aidhm an beart a dhéanamh i gceart “an chéad uair, gach uair”. Aithnímid, áfach, uaireanta, go bhféadfadh fadhbanna teacht aníos agus teastaíonn uainn go gcuirfeá ar an eolas sinn nach bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a sholáthraíomar. Ansin is féidir linn oibriú chun an tsaincheist a cheartú agus cosc a chur ar a tharlú arís.
Deimhnímid go gcaithfimid le do ghearán mar ábhar tromchúiseach agus go ndéileálfaimid leat ar bhealach dearfach agus gairmiúil. Caithimid le haon ghearán mar dheis chun athbhreithniú agus feabhas a chur ar ár seirbhísí.
Is éard atá i gceist le gearán ná nuair a chuireann tú ar an eolas sinn nach bhfuil tú sásta le haon réimse den tseirbhís a sholáthraímid. Mar shampla:
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní chumhdaíonn an Nós Imeachta Gearán seo saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat le bronnadh deontais nó le hachomharc ar leith Má mheasann tú go bhfuil an bronnadh a rinne SUSI ort mícheart, ba cheart duit an Próiseas Athbhreithnithe agus/nó Achomhairc a leanúint.
Tugtar cuntas inár gCairt Seirbhíse do Chustaiméirí ar conas atáimid tiomanta do thús áite a thabhairt duit agus an tseirbhís do chustaiméirí a bhaineann an caighdeán is aired agus is féidir amach a sholáthar.
Áirítear leis seo déileáil le haon ghearáin a d’fhéadfadh a bheith agat. Déanfaimid an méid a leanas;
Déileáiltear le gach gearán leis an rúndacht is déine agus ní dhéanann siad difear don cheart atá agat chun gearán breise a dhéanamh leis an Ombudsman
Beidh ort cineál do ghearáin a shonrú faoi mar a dhéantar sna samplaí thuas nó aon saghas eile shaincheist a shonrú a d’fhéadfadh a bheith agat leis an tseirbhís a soláthraíodh duit.
Déanfaimid iarracht i dtosach báire déileáil le do ghearán go neamhfhoirmiúil. Ciallaíonn seo gur cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an deasc thacaíochta (trí ríomhphost nó ar an nguthán) a shocróidh go ndéanfaidh maoirseoir athbhreithniú ar d’ábhar gearáin a dhéanfaidh a d(h)ícheall chun do ghearán a réiteach gan an gá a bheith ann leanúint ar aghaidh níos mó.
Mura bhfuil tú sásta go fóill tar éis tús a chur le gearán neamhfhoirmiúil, ba cheart duit gearán foirmiúil a dhéanamh le SUSI. Déileálfaidh ár nAonad Gearán leis an ngearán sin.
Is féidir Gearán Foirmiúil a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig complaints@susi.ie ar cheann de na cúiseanna seo a leanas.
Má ghlacann do ghearán níos faide le fiosrú, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid thú ar an eolas faoi cathain a gheobhaidh tú freagra.
Déan Iarratas ar Athbhreithniú ar Ghearán
Oifig an Ombudsman / Oifig an Ombudsman do Leanaí (an OOL)
Má mheasann tú gur caitheadh go neamhchóir leat nó nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneamar ar do ghearán, féadfaidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh;
Is féidir le haon duine faoi bhun aois 18 mbliana gearáin a dhéanamh go díreach leis an OOL. Chomh maith leis sin, is féidir le daoine fásta gearáin a dhéanamh thar ceann leanaí agus daoine óga eile.
De réir an dlí, féadfaidh Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí gearáin a fhiosrú faoi aon cheann dár ngníomhartha nó dár nósanna imeachta riaracháin, mar aon le moill nó easpa gníomhaíochta sna déileálacha a bhíonn agat le SUSI. Cuireann an tOmbudsman seirbhís neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce réitigh díospóidí ar fáil. Is féidir gearáin a dhéanamh le hOifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí ar na bealaí seo a leanas
Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoi ról an Ombudsman anseo.
Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoi ról an Ombudsman do Leanaí anseo.
Anuas ar fhoghlaim ó ghearáin, ba mhaith linn dá gcuirfeá ar an eolas sinn faoi aon smaointe a d’fhéadfadh a bheith agat chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár seirbhísí. Féadfaidh tú seo a dhéanamh trí chomhalta foirne a chur ar an eolas faoi do thuairim nó moladh, ach scríobh chugainn nó an fhoirm tuairimí agus moltaí ar líne atá ar ár leathanach gréasáin a chomhlánú.