Foirm Fhógra um Athrú Cúrsa

Foirm Fhógra um Athrú Cúrsa

Athrú Cúrsa a chur in iúl do SUSI

Ní gá go mbeadh áit glactha agat ar chúrsa chun iarratas a dhéanamh ar dheontas. Ba chóir duit an fhoirm iarratais a chomhlánú le sonraí an chúrsa a bhfuil súil agat staidéar a dhéanamh air. Beidh ort SUSI a chur ar an eolas áfach má ghlacann tú le cúrsa difriúil leis an gceann a chuir tú isteach san fhoirm iarratais ar líne. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:   

Iarratasóirí CAO

Má thug tú cead don CAO eolas do chúrsa a roinnt le SUSI, deimhneoidh siad sonraí an chúrsa a roghnaigh tú nuair a ghlacann tú le tairiscint áite CAO. Murar thug tú cead don CAO sonraí do chúrsa a roinnt linn, nó má ghlacann tú le háit nár táirgtear duit tríd an CAO (mar shampla, ar chúrsa PLC nó ar chúrsa san AE/RA), beidh ort Foirm Fógra Athrú Cúrsa ar líne a chomhlánú. 

Foirm Fhógra um Athrú Cúrsa SUSI

Is féidir leat a chur in iúl do SUSI go bhfuil áit glactha agat ar chúrsa difriúil trí Fhoirm Fógra Athrú Cúrsa ar líne a chur isteach tríd an rannán 'Mo Chúrsaí' de do thairseach mac léinn. Is féidir leat Foirm Fógra Athrú Cúrsa ar líne nua a chur isteach am ar bith. Déanfar cinneadh ar d’iarratas ar bhonn na sonraí cúrsa is déanaí a cuireadh ar fáil do SUSI. Ní féidir deontais a bhronnadh ach amháin i leith cúrsaí faofa

D'áit a Tharraingt Siar nó a Iarchar

Má chinneann tú gan freastal ar choláiste nó d’áit a iarchur, tá sé tábhachtach d’iarratas ar dheontas a chur ar ceal sa táb ‘M’Iarratais’ i do thairseach mac léinn SUSI. Féach ar D’Iarratas a Chealú le haghaidh tuilleadh sonraí.