Bronnadh Ráta Speisialta
Tá ráta speisialta den deontas ar fáil do mhic léinn incháilithe. Seo a leanas na coinníollacha nach mór duit a chomhlíonadh chun cáiliú do ráta seo an deontais;
- Ní mór duit cáiliú do ghnáthráta an deontais
- Ní mór nach sáraíonn d’ioncam iomlán inríofa teaghlaigh €24,500
- An 31 Nollaig an bhliain sula ndearna tú d’iarratas, ní mór go n-áireofaí le d’ioncam inríofa teaghlaigh íocaíocht incháilithe fhadtéarmach Leasa Shóisialaigh, faoi mar a fhorordaítear faoin scéim nó a chomhionann ó Bhallstat an AE. (Scéim Deontais na Mac Léinn don bhliain ábhartha, sceideal 2))
Liostaítear an íocaíocht incháilithe don Ráta Speisialta thíos. Tugtar neamhaird ar na híocaíochtaí a leanas a ngabhann réiltín *, nó réiltín dúbailte ** leo nuair a ríomhtar d’ioncam inríofa (i.e. ní chuirtear san áireamh iad nuair a bhíonn ioncam inríofa á ríomh):
* tugtar neamhaird air i ngach cás
** tugtar neamhaird air sa chás nach n-íoctar é ach leis an iarratasóir amháin
Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh
Íocaíochtaí Cúnaimh Shóisialta
- Pinsean na nDall.**
- Liúntas Cúramóra.*
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora.**
- Liúntas Cuardaitheora Poist (Aistriú).**
- Liúntas Banchéile Thréigthe.
- Liúntas Míchumais.**
- Cúnamh Feirme.
- Liúntas Cuardaitheora Poist (sa chás go raibh an íocaíocht seo á fáil ar feadh 391 lá nó ní b’fhaide)*.
- Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach).
- Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach).*
- Liúntas Réamhscoir.
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach).
Íocaíochtaí Árachais Shóisialaigh
- Sochar Cúramóra.
- Sochar Bean Chéile Thréigthe.
- Pinsean Easláinte.
- Forlíonadh Éagumais.
- Sochar Báis Díobhálacha Ceirde (Pinsean Dílleachta).
- Sochar Báis Díobhálacha Ceirde (Pinsean Baintrí nó Baintreach Fir).
- Pinsean Stáit (Ranníocach).
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach).
- Sochar Cuardaitheora Poist (ar feadh 12 mhí sheasta, ar a laghad)*.
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach).
- Pinsean Stáit (Aistriú).
Cláir Ainmnithe
- Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (Roghanna Dara Leibhéal agus Tríú Leibhéal).
- Liúntas um Fhilleadh ar Obair (Fostaithe).
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
- Scéim Fostaíochta Pobail.
- Scéim Shóisialta Tuaithe.
- Tionscnamh Tús.
- Cláir Oiliúna FÁS, Printíseachtaí ina measc.
- Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha.
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).
Cinn Eile
- Liúntas Cúram Altrama sa chás go n-íoctar é maidir leis an iarratasóir.*
- Liúntas Maireachtála Aonair do Dhaoine Óga i gCúram Cónaithe
- Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT). *
- Íocaíochtaí á bhfáil faoi thionscnamh FIT (Fastrack to IT) arb ionann iad agus íocaíocht leasa shóisialaigh.
- Rannpháirtithe ar chúrsa oiliúna atá faofa ag Roinn Rialtais, Gníomhaireacht Stáit nó Comhpháirtíocht Cheantair agus a raibh íocaíocht incháilithe á fáil acu sular lean siad ar aghaidh chuig an gclár.
- Fostaithe a raibh fóirdheontas á fháil acu i gCláir Sheirbhísí Pobail (fiontair gheilleagair shóisialta roimhe seo).
- Íocaíochtaí á bhfáil faoi chláir Ionad Oiliúna an Lucht Siúil Shinsearaigh.
Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh a Chruachadh
- Is féidir tréimhsí ina raibh Liúntas Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist agus íocaíochtaí inchálithe eile á bhfáil a chur san áireamh le chéile ar mhaithe leis an tréimhse fhorordaithe 391 lá nó an riachtanas 12 mhí, faoi seach, a chomhlíonadh.
- Féadtar Sochar Breoiteachta nó Máithreachais na Roinne Coimirce Sóisialaí, cé nach íocaíochtaí incháilithe iad, iontu féin, a úsáid chun tréimhsí ina raibh Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil a chur san áireamh le chéile ar mhaithe leis an tréimhse fhorordaithe 391 lá a chomhlíonadh a theastaíonn ón Ráta Speisialta a fhad agus a bhí Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil díreach roimh agus i ndiaidh na tréimhse ina raibh sochar breoiteachta nó sochar máithreachais á fháil.
- Chomh maith leis in, is féidir tréimhsí ina rabhthas rannpháirteach in JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta, a chur san áireamh le tréimhsí ina raibh íocaíochtaí incháilithe eile á bhfáil a fhad agus a bhí íocaíocht incháilithe á fáil díreach roimh agus i ndiaidh na tréimhse ina rabhthas rannpháirteach in JobBridge.
- Féadtar Méadú do Chleithiúnaí Linbh (MCL) a asbhaint ó íocaíocht leasa shóisialaigh chun ioncam inríofa a thabhairt faoi bhun na tairsí (€24,500) don ráta speisialta, ach ní féidir é a asbhaint ó na híocaíochtaí a dtugtar neamhaird orthu mar gheall gur fágadh an t-ioncam seo as an áireamh cheana féin nuair a bhí an t-ioncam inríofa á ríomh.