Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais ar dheontas, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh;
Féadtar athbhreithniú a dhéanamh ar an méid seo a leanas;
Féadfaidh tú athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Deasc Tacaíochta SUSI ag 0761 087 874 nó ríomhphost a sheoladh chuig support@susi.ie
Ba cheart duit an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt maidir le cén fáth go bhfuil toradh an deontais mícheart, dar leat.
Féadfaidh tú litir a fháil níos déanaí ag iarraidh cáipéisí breise chun tacú le haon fhaisnéis a thugtar.
Má thagann athrú ar an gcinneadh bunaidh maidir le do dheontas ó d’athbhreithniú, cuirfear thú ar an eolas faoi seo agus déanfar na leasuithe cuí (más ann dóibh) ar d’iarratas.