Próiseas nua um chóid UAP SUSI

Tá leibhéal breise slándála curtha lena Chóras um Iarratais ar Dheontas Ar Líne ag SUSI. Iarrfar ar mhic léinn uimhir aitheantais phearsanta (UAP) sé dhigit a chruthú dóibh féin, agus aon uair a dteastaíonn uathu rochtain a fháil ar an gcóras, iarrfar orthu trí dhigit fhánacha dá UAP a iontráil, mar aon lena n-ainm úsáideora agus a bpasfhocal.

 

PIN number pic 1

 

 

Nuair a dhéanann mac léinn reatha iarracht logáil isteach ina gcuntas Deontas Ar Líne SUSI, beidh orthu 3 dhigit fhánacha ó chód UAP 6 dhigit a iontráil, mar aon lena n-ainm úsáideora agus a bpasfhocal. Ní athrófar ainmneacha úsáideora ná pasfhocail. Seo an chuma a bheidh ar an scáileán logála isteach do chóras Deontas Ar Líne SUSI.

 

 

 

 

 

 

 

 

PIN number pic 2

 

 

Nuair a dhéanann mac léinn reatha iarracht logáil isteach, má roghnaíonn siad aon cheann de na trí bhosca a bhfuil digití óna gcód UAP á lorg acu, feicfidh an mac léinn an teachtaireacht seo a chuireann áis ar fáil trínar féidir cód UAP a chruthú.

 

 

 

 

 

 

 

Pin number pic 3

Nuair a bheidh an nasc “cliceáil anseo” roghnaithe, taispeánfar an scáileán thíos don mhac léinn agus iarrfar a n-Ainm Úsáideora agus a bPasfhocal reatha a iontráil agus an cód UAP a nascfar lena gcuntas a chruthú agus a fhíorú.

 

 

 

Iarrfar an fhaisnéis seo ó iarratasóirí NUA ar dheontas mic léinn agus iad Ag Clárú le haghaidh chuntas Deontas Ar Líne SUSI.

Caithfidh 6 dhigit uimhriúla a bheith i gcód UAP agus níor chóir go mbeadh sé éasca é a cheangal leis an úsáideoir, mar shampla a ndáta breithe nó a n-uimhir theileafóin. Tá roinnt Cóid UAP fhollasacha (amhail 123456) ann nach féidir a roghnú ach an oiread.

Anuas ar na saoráidí “Rinne mé Dearmad ar m’Ainm Úsáideora” agus “Rinne mé Dearmad ar mo Phasfhocal”, tá saoráid nua “Rinne mé Dearmad ar mo Chód UAP” curtha leis an gcóras a éascaíonn cosán athshlánaithe na faisnéise seo.