Ioncam

Ioncam

Cén tionchar a bhíonn ag ioncam ar m’incháilitheacht ar dheontas?

Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór d’ioncam iomlán inríofa teaghlaigh titim faoi thairseacha ioncaim ar leith.

Is é d’aicme iarratasóra a dheimhníonn cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Tá trí chinn d’aicme iarratasóra ann:

  • Mhac Léinn Cleithiúnach
  • Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí
  • Mac Léinn Neamhspleách

Aicme an Iarratasóra

Cur Síos

Ioncam atá le Measúnú

Mhac Léinn Cleithiúnach

Níos óige ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus tú fós i do chónaí le do thuismitheoirí/do chaomhnóra

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mac Léinn Neamhspleách

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus a chónaíonn tú go neamhspleách ó Dheireadh Fómhair sa bhliain roimh do chéad phointe iontrála/athiontrála chuig breisoideachas nó ardoideachas

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoirí (mar is cuí)

 

 

Tá an ríomh ioncaim bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don bhliain féilire roimhe sin, ar a dtugtar an tréimhse thagartha.

Mar shampla, déantar na hiarratais 2024/25 a mheasúnú bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don tréimhse 1 Eanáir 2023 go dtí 31 Nollaig 2023. 

Áirítear san ollioncam an t-ioncam atá ann sula mbaintear cáin, agus ioncam ar a gcuirtear síos air mar saor ó cháin, cáin íoctha, ioncam nach dlitear aon cháin air, nó díolmhaithe ó cháin.

Nuair atáthar ag ríomh an bhfuil tú incháilithe le haghaidh deontais, féachann SUSI ar d’ioncam inríofa. Is éard atá i gceist le hioncam inríofa ná sciar de d’ollioncam, agus úsáidtear é chun a dheimhniú an bhfuil tú incháilithe chun maoiniú a fháil ó SUSI agus más amhlaidh go bhfuil tú, cad é an sórt maoinithe a bheadh i gceist.

Nuair atá d’iarratas á dhéanamh agat, beidh ort gach ceist i Mír F den fhoirm iarratas a chomhlanú. Baineann gach ceist sa mhír seo le hioncam.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu ar cheart nó nár cheart ioncam áirithe a chur san áireamh i d’iarratas, ba chóir duit sonraí faoin ioncam sin a sholáthar san fhoirm iarratais.

D’fhéadfadh go bhfaigheadh SUSI sonraí ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar chúnamh le measúnú agus próiseáil d’iarratais ar dheontas. Tar éis don mheasúnú tosaigh ar d’iarratas a bheith tugtha chun críche, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort fianaise i leith d’ioncaim dhearbhaithe a sheoladh chuig SUSI i bhfoirm cáipéisí.

Nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais, áireofar an t-ioncam go léir atá ann laistigh agus taobh amuigh den Stát, lena n-áirítear an t-ioncam faoi na ceannteidil a leanas, agus d’fhéadfaí tuilleadh a bheith ann freisin:

  • Ioncam ó fhostaíocht sochair chomhchineáil agus stiúrthóireachtaí san áireamh
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh lena n-áirítear an pinsean stáit leasa shóisialaigh
  • Íocaíochtaí ó ranna rialtais nó gníomhaireachtaí stáit eile
  • Féinfhostaíocht nó feirmeoireacht
  • Ioncam cíosa nó ioncam eile ó thalamh nó réadmhaoin
  • Ioncam ó phinsin
  • Ioncam ó choigilteas, chuntais taisce agus infheistíochtaí
  • Ioncam ó shocruithe cothaithe
  • Íocaíochtaí cnapshuime ó scor agus iomarcaíocht
  • Ioncam ó shócmhainní nó cearta a dhiúscairt
  • Bronntanais agus oidhreacht
  • Ioncam ó fhoinsí eile nach luaitear thuas
  • Íocaíocht Aitheantais Iostais
  • Liúntas Iarchúraim
  • Sparánacht Fhoras Sláinte Adelaide - Aibí
  • Liúntas Cothabhála Uchtála
  • Scéim Scoláireachta Uile-Éireann
  • Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair
  • Pinsean na ndall (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Seirbhísí Tacaíochta Caranua
  • Liúntas Cúramóra
  • Deontas Tacaíocht Cúramóra (sa chás go n-íoctar é faighteoirí an Liúntas Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile)
  • Sochar Linbh
  • Sparánacht Oideachais um Leas Pobail d’Ospidéal Nua na Leanaí
  • Cúiteamh as gortú pearsanta
  • Costas an Liúntas Oideachais
  • Deontas Éigeandála Aon Uaire COVID-19,
  • Scéim Sparánachtaí Tríú Leibhéal na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
  • Íocaíocht Forálacha Sealadacha - An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (dá dtagraítear go minic mar an íocaíocht bhónas na Nollag)
  • Íocaíochaí costais mhaireachtála na Roinne Coimirce Sóisialaí
  • Liúntas Míchumais (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Aisíocaíochtaí Muirir Uisce Tí
  • Liúntas Cúram Baile
  • Maoiniú Cuntas Díomhaoin do Rannpháirtíocht an Luch Siúil san Ardoicheachas
  • Íocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúla
  • Liúntas Cúram Altrama
  • Liúntas Brseola
  • Deontas Tréimhse Foghlama Gaeltachta
  • Íocaíocht Caomhnóra
  • Pacáiste Sochair Teaghlaigh
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
  • Liúntas Maireachtáil Neamhspleách do Dhaoine Óga faoi Chúram Cónaithe
  • Aistriú Liúntas Cuardaitheora Poist (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Ciste Scoláireachta Kickstart
  • Liúntas Maireachtála Aonair,
  • Liúntas Luaineachta (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Forlíonadh Ús Morgáiste
  • Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora (Tástáilte ó thaobh acmhainne) (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Deontas Socrúchain Paindéime
  • Íocaíocht Aitheantas Speisialta Paindéime
  • Scéim Cóiríochta Cíosa
  • Forlíonadh Cíosa
  • Ciste Cúnaimh Mhic Léinn
  • Deontas Mac léinn
  • Deontas Mac léinn An Ghníomhaireacht un Leanaí agus an Teaghlach – NTRIS An Scéim Tacaíochta Fostaíochta
  • Tusla - Tacaíocht Oideachasúil do Leanaí Faoi Chúram agus Sparánacht Iarchúraim
  • Scoláireacht Chothrom na Féinne UCD
  • Ollscoil - Sparánacht Ardoideachais d'Fhoghlaimeoirí Fásta
  • Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
  • Iocaíocht do Theaghlaigh i bhfostaíocht/Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
  • Scéim Íocaíochta na bhForas Máthair agus Leanbh - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
  • Tusla - Sparánacht d'Oibrithe Cúraim Shóisialaigh - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
  • Scoláireacht Tithíochta an Chomharchumainn - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
Tuilleamh Saoire

Má d’oibrigh tú agus má rinne tú staidéar anuraidh, féadfaidh SUSI cuid de d’ioncam a tuilleadh lasmuigh d’am téarma a asbhaint chun do ráta deontais a fheabhsú.

  • Don bhliain acadúil 23/24, is í an asbhaint uasta ná €6,552.
  • Don bhliain acadúil 24/25, méadaíonn an asbhaint uasta go €7,925.
  • Tugtar Tuilleamh Saoire air, agus bainfidh an asbhaint seo le hioncam a thuilltear le linn laethanta saoire na Cásca, an tSamhraidh agus na Nollag.
  • Is féidir leat Tuilleamh Saoire a dhearbhú ar d’fhoirm iarratais SUSI agus má fheabhsaíonn sé seo do ráta deontais iarrfaimid doiciméid tacaíochta uait
Leanaí Cleithiúnacha
  • Tagraíonn leanaí cleithiúnacha do líon na bpáistí eile sa teach atá spleách ar an iarratasóir agus/nó ar a dtuismitheoir(í)/gcaomhnóir(í), ar a gcéile, ar a bpáirtí sibhialta nó ar a gcomhchónaitheoir. Téann na tairseacha ioncaim inríofa i méid bunaithe ar líon na bpáistí cleithiúnacha.
Daoine Ábhartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas
  • Sainítear duine ábhartha mar dhuine eile, laistigh den teaghlach, atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas ag an am céanna is atá an t-iarratasóir ag freastail ar chúrsa. Is féidir na tairseacha ioncaim inríofa a choigeartú chun daoine ábhartha a chur san áireamh.
Tuilleadh asbhaintí ar féidir a dhéanamh, mar seo a leanas:
  • (a) i ndáil le hioncam ón bhfostaíocht, costais a bhaineann leis an bhfostaíocht mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • (b) íocaíochtaí cothabhála a dhéantar le céile scartha faoi shocrú ar féidir é a chur i bhfeidhm de réir dlí, mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • (c) ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin agus pinsin nó táirgí scoir, íoctha sa tréimhse thagartha amháin, laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
  • (d) íocaíochtaí ragoibre a tuilleadh sa tréimhse ábhartha nach íocaíochtaí tréimhsiúla iad.
  • (e) speansais a éilítear faoin Scéim Taistil agus Cóiríochta do mhic léinn altraí agus cnáimhseach ar shocrúcháin éigeantacha, breis-uimhriúla de chleachtas cliniciúil, chomh maith leis an liúntas béile de €500 iníoctha le mic léinn altranais agus cnáimhseachais bhreise i mblianta 1 go 3 dá gcúrsa.
  • (f) ioncam suas go huasmhéid €14,000 i leith Faoiseamh Seomra ar Cíos, a tuilleadh sa tréimhse tagartha amháin agus arna dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.

 

D’fhéadfadh go mbeimis in ann méideanna na n-íocaíochtaí thuas a dhearbhú go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim thar do cheann, ach iarrfaimid fianaise dhoiciméadach uaitse más gá, mar shampla, duillíní pá nó litir ó d’fhostóir.

Má d’oibrigh tú agus má rinne tú staidéar anuraidh, féadfaidh SUSI cuid de d’ioncam a tuilleadh lasmuigh d’am téarma a asbhaint chun do ráta deontais a fheabhsú.

  • Don bhliain acadúil 23/24, is í an asbhaint uasta ná €6,552.
  • Don bhliain acadúil 24/25, méadaíonn an asbhaint uasta go €7,925.
  • Tugtar Tuilleamh Saoire air, agus bainfidh an asbhaint seo le hioncam a thuilltear le linn laethanta saoire na Cásca, an tSamhraidh agus na Nollag.  
  • Is féidir leat Tuilleamh Saoire a dhearbhú ar d’fhoirm iarratais SUSI agus má fheabhsaíonn sé seo do ráta deontais iarrfaimid doiciméid tacaíochta uait.