Critéir Náisiúntachta

Chun cistiú a fháil ó SUSI, ní mór gur náisiúnach Éireannach, an AE/an LEE, An Ríocht Aontaithe, nó Chónaidhm na hEilvéise thú.

Mura náisiúnach Éireannach, an AE/an LEE nó Chónaidhm na hEilvéise atá i mac léinn, b’fhéidir go mbeidh sé/sí incháilithe chun cistiú a fháil faoin Reachtaíocht maidir le Deontas Mac Léinn má tugadh cead dóibh chun fanacht sa Stát, ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais nó más ionann a stádas inimirce agus ceann amháin den mhéid a leanas:

Dídeanaí, dídeanaí cláir, athaontú teaghlaigh

Dídeanaí, nó duine eile atá i dteideal de thuras na huaire leis na cearta agus na pribhléidí a shonraítear in alt 3 d’Acht na nDídeanaithe 1996, lena n-áirítear duine ar deonaíodh air –

  • dearbhú teifigh bronnta air faoi alt 47(1) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, nó
  • cead chun dul isteach sa Stát agus fanacht ann mar dhídeanaí cláir faoi alt 24 d’Acht na nDídeanaithe nó faoi alt 59 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, nó
  • cead chun dul isteach sa Stát agus cónaí ann mar duine muinteartha de chuid dídeanaí de réir alt 18 d’Acht na nDídeanaithe, 1996.

Cosaint choimhdeach

  • Duine, de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Incháilitheacht le haghaidh Cosanta), 2006 (I.R. Uimh. 518 de 2006)-
    1. ar chinn an tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí ina leith go bhfuil sé nó sí cáilithe de thuras na huaire le haghaidh cosanta foghabhálaí de bhun Rialachán 4 de na Rialacháin sin, nó
    2. dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí cead de thuras na huaire i scríbhinn chun teacht isteach agus cónaí sa Stát de bhun Rialachán 16 de na Rialacháin sin.

Duine, de bhun Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cosaint Fhoghabhálach), 2013 (I.R. Uimh. 426 de 2013)-

    1. ar duine é atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus a bhfuil dearbhú cosanta coimhdí i bhfeidhm ina leith agus ar deonaíodh cead cónaithe dó laistigh den Stát de bhun na Rialachán sin; nó
    2. dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun teacht isteach agus cónaí sa Stát de bhun Rialachán 25 de na Rialacháin sin; nó
    3. dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun cónaí sa Stát de bhun Rialachán 26 de na Rialacháin sin.

Duine a bhfuil dearbhú cosanta coimhdí bronnta air faoi alt 47 (4) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008

Duine is ball teaghlaigh de dhuine ar náisiúnach é de –

    1. Bhallstát de chuid an AE,
    2. stát is stát conarthach é sa Chomhaontú LEE
    3. Chónaidhm na hEilvéise,

agus a bhfuil cead aige fanacht sa Stát mar bhall teaghlaigh den duine sin faoi fhorálacha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008 agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004

Céile, páirtnéir sibhialta nó leanbh cleithiúnach de chuid náisiúnaigh na hÉireann a chónaíonn sa Stát

Duine a bhfuil cead aige chun fanacht sa

    1. de bhua dó nó di a bheith pósta le náisiúnach Éireannach a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó
    2. mar leanbh cleithiúnach de chuid duine a thagann faoi réir fheidhm chlásal (i).

Cead daonnúil chun fanacht

Duine dár deonaíodh cead daonnúil fanacht sa Stát sular tháinig an tAcht Inimirce 1999 isteach i bhfeidhm

Cinneadh gan an té a dhíbirt faoi alt 3 den Acht Inimirce 1999

Duine a bhfuil cead tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ina leith fanacht i ndiaidh cinneadh a bheith déanta gan ordú díbeartha a dhéanamh faoi alt 3 den Acht Inimirce 1999

Leanbh cleithiúnach de chuid saoránaigh Éireannaigh eadóirsithe a chónaíonn sa Stát

Duine a bhfuil cead aige / aici fanacht sa Stát ina cháilíocht mar leanbh cleithiúnach de chuid duine a bhfuil Saoránacht Éireannach faighte aige nó aici mar gheall ar an eadóirsiú, agus a chónaíonn sa Stát.

 

 

This website uses cookies to give you the best experience. Agree by clicking the 'Accept' button.