Gluais

Gluais

ABCDEFGHIJKLMNOPQRSTUVWXYZ

 

A

 

Achomhairc

Féadfaidh mic léinn atá míshásta leis an measúnú a rinneadh ar a n-iarrtas deontais an cinneadh a achomharc trí fhoirm achomhairc a sheoladh ar aghaidh atá le fáil ag Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas. Mura n-éiríonn leis an achomharc agus má tá an mac léinn fós míshásta leis an gcinneadh, is féidir achomharc eile a sheoladh chuig Bord Achomhairc na nDeontas Mic Léinn.

AE (An tAontas Eorpach) 

Is aontas polaitiúil agus eacnamaíoch ina bhfuil 27 ballstát é an tAontas Eorpach (EU). Ní mór go mbeadh cúrsaí atá faofa chun críche deontas mac léinn a fháil á reáchtáil sa Stát, san AE nó sa Ríocht Aontaithe. Féach ar ‘Náisiúntacht agus Cónaitheacht.

Aicme an Iarrthóra

Tá trí chineál aicme iarrthóra ann: mac léinn cleithiúnach, mac léinn cleithiúnach aibí agus mac léinn neamhspleách. Sainaithnítear aicme an iarrthóra ag do chéad phointe iontrála chuig Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) nó cúrsa ardoideachais faofa, nó ag do phointe athiontrála chuig a leithéid de chúrsa i ndiaidh sos trí bliana a ghlacadh ó chúrsaí staidéir. Beidh d'aicme iarrthóra bailí le haghaidh tréimhse do chúrsa staidéir. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Aicme Iarrthóra.

An Chéad Phointe Iontrála

An dáta ar a bhfreastalaíonn iarrthóir ar aon chúrsa breisoideachais nó ardoideachais faofa. Úsáidtear an téarma seo nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le aicme an iarrthóra.

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)

Féach ar An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí | Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (qqi.ie)

An Lár-Oifig Iontrála (CAO)

Próiseálann an CAO iarratais do chúrsaí fochéime in institiúidí ardoideachais laistigh den Stát. Féach ar An Lár-Oifig Iontrála (cao.ie)

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA)

Páirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch tá tíortha an AE agus an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Tugann sé cead dóibh a bheith páirteach i margadh aonair na AE. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Náisiúntacht’ agus Cónaitheacht.

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO)

An stór náisiúnta lárnach de thaifid a bhaineann le breitheanna, marbh-bhreitheanna, uchtuithe, póstaí, comhpháirtíochtaí sibhialta agus básanna. Roinneann SUSI sonraí le GRO chun náisiúntacht, dáta breithe agus taifid bháis a bhailíochtú.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (DFHERIS)

Maoiníonn agus cruthaíonn an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, beartas do na hearnálacha ardoideachais agus breisoideachais. Chomh maith leis sin, foilsíonn an Roinn an reachtaíocht deontais mic léinn a bhfuil SUSI ag feidhmiú dá réir.

An Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP)

Roinneann SUSI sonraí leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun ioncam a fhíorú agus calaois a chosc agus a bhrath. Féach ar gov.ie - An Roinn Coimirce Sóisialaí (www.gov.ie)

An Roinn Dlí agus Cirt (DJ)

Roinneann SUSI sonraí leis an Roinn Dlí agus Cirt chun saoránacht agus náisiúntacht a bhailíochtú. Féach ar gov.ie - An Roinn Dli agus Cirt.

An Stáit

Poblacht na hÉireann.

An tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011

An reachtaíocht ar a bhfuil measúnú agus dámhachtainí na ndeontas mic léinn bunaithe. Ionsáigh nasc

An tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA)

An t-údarás in Éirinn atá freagrach as rialachas agus rialachán an chórais ardoideachais. Féach ar An tÚdarás um Ard-Oideachas (hea.ie)

Asbhaintí Ioncaim

Tá liosta de na hasbhaintí agus coigeartuithe ioncaim is féidir le SUSI a dhéanamh nuair a bhíonn ioncam inríofa á ríomh le fáil ag Ioncam.

Asbhaintí Ioncaim – Ráta Speisialta

Má tá iarrthóir incháilithe chun deontas a fháil agus gar do theorainn an ioncaim inríofa chun cáiliú don Ráta Speisialta den deontas cothabhála, is féidir an Méadú don Leanbh Cleithiúnach/Liúntas (CDI/CDA) a asbhaint ón ioncam inríofa. Féach ar  Dámhachtainí Ráta Speisialta.

Athaicmiú

Is féidir aicme iarrthóra a athshainiú nuair a bhítear ag bogadh idir breisoideachas agus ardoideachas den chéad uair nó sa chás gur ghlac an t-iarrthóir sos trí bliana ar a laghad ina chúrsa staidéir.

Athiontráil

Má d'fhreastail mac léinn ar chúrsa breisoideachais nó ardoideachais roimhe seo agus má ghlac sé/sí sos trí bliana ar laghad ina chúrsa staidéir ina dhiaidh sin, caithfear leis/léi mar mhac léinn ‘athiontrála’ agus is féidir a n-aicme iarrthóra a athshainiú.

Athrú ar Chuinsaí

Má tá d'imthosca athraithe ón 1 Eanáir i ndiaidh na tréimhse tagartha, d'fhéadfadh SUSI d'iarratas deontais a mheas nó a athmheas trí na himthosca nua a chur san áireamh. Féach ar Athrú ar Chuinsaí má theastaíonn níos mó eolais uait maidir leis na cineálacha athruithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar do chinneadh deontais.

B

 

Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR)

Scéim iontrála ardoideachais a thairgeann áiteanna le haghaidh pointí níos ísle agus tacaíocht bhreise sa choláiste d'fhágálaithe scoile atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Tá tuilleadh eolais le fáil ag  HEAR - Coláiste Rochtana

Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE)

Is scéim mhalartach iontrála tríú leibhéal é DARE a thairgeann áiteanna, ag pointí níos ísle, d'fhágálaithe scoile atá faoi mhíchumas. Tá tuilleadh eolais le fáil ag DARE - Coláiste Rochtana

Bliain/Tréimhse Thagartha

Is í an tréimhse thagartha idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain acadúil a ndearnadh an t-iarratas deontais lena haghaidh e.g. don bhliain acadúil 2024/25, an tréimhse thagartha idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Úsáidfear ioncam a thuilltear i rith na tréimhse tagartha chun an t-iarratas a mheas.

Bord Achomhairc na nDeontas Mic Léinn (SGAB)

Féadfaidh iarrthóirí atá míshásta le toradh achomhairc a cuireadh faoi bhráid SUSI achomharc breise a chur faoi bhráid Bhord Achomhairc na nDeontas Mic Léinn (SGAB). Déanfaidh SGAB cinneadh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil an reachtaíocht deontas mic léinn curtha i bhfeidhm i gceart. Tá SGAB ag feidhmiú neamhspleách ar SUSI agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS).

Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath (BOO Chathair Bhaile Átha Cliath)

Is é BOO Chathair Bhaile Átha Cliath údarás oideachais agus oiliúna stáit chathair Bhaile Átha Cliath. Is aonad de chuid BOO Chathair Bhaile Átha Cliath é SUSI.

C

 

Caomhnóir Dlíthiúil/Caomhnóirí Dlíthiúla

Is é an caomhnóir dlíthiúil an duine atá ceaptha ag cúirt agus ag a bhfuil an t-údarás dlíthiúil agus dualgas comhfhreagrach chun cinntí a dhéanamh le haghaidh duine éigin eile. Áirítear ioncam tuismitheora/tuismitheoirí/caomhnóir dlíthiúil/caomhnóirí dlíthiúla i measúnú na n-iarratas ó mhic léinn chleithiúnacha agus ó mhic léinn chleithiúnacha lánfhásta.

Cláir Oideachais Triú Leibhéal

 

Féach ar Cláir Oideachais Triú Leibhéal

Clár Teicneora Luathaithe

Cúrsa a chuirtear i gcrích in imeacht 18 mhí agus a bhfuil socrúchán oibre le déanamh mar chuid de. Níl mic léinn atá ag tabhairt faoi chláir theicneora luathaithe incháilithe chun deontas cothabhála a fháil fad is atá siad i mbun socrúchán oibre le híocaíocht.

Clárú

Ní mór do mhic léinn clárú go foirmiúil dá gcúrsa ag tús gach bliain acadúil. Deimhneoidh SUSI go bhfuil na mic léinn cláraithe leis na coláistí gach bliain sula ndéantar aon íocaíochtaí deontais.

Cnapshuim

Chun ioncam inríofa a ríomh, breithnítear céatadán d'aon íocaíochtaí cnapshuime a fhaightear sa bhliain tagartha, e.g. ó scor nó iomarcaíocht. Roinntear méid na cnapshuime ar an líon blianta seirbhíse.

Coimhthiú

Is féidir mic léinn chleithiúnacha nó mic léinn chleithiúnacha lánfhásta atá coimhthithe go doréitithe óna dtuismitheoirí a mheas bunaithe ar a gcuid ioncaim féin. Lorgóidh SUSI fianaise dhoiciméadach ina sonrófar an coimhthiú.

Cónaitheacht

Ní mór go mbeadh gnáthchónaí ort i Stát na hÉireann, Ballstát AE nó LEE eile, an Ríocht Aontaithe nó an Eilvéis le haghaidh trí bliana as na cúig bliana roimh thús a chur le cúrsa faofa. Féach ar Critéir Chónaitheachta

Costais Aischurtha

Nuair a bhíonn ioncam inríofa á ríomh ag SUSI do dhuine féinfhostaithe, cuirtear costais áirithe atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar ais sna glanbhrabúis, cosúil le dímheas, liúntais chaipitil cánach, íocaíochtaí léasa airgeadais, tuarastail íoctha le leanaí cleithiúnacha, etc. Féach ar Féinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos áit a bhfuil an liosta iomlán de chostais aischurtha.

Critéir Incháilitheachta

D'fhonn a bheith incháilithe chun maoiniú a fháil, ní mór go mbeadh tú i mbun cúrsa faofa agus na critéir atá sonraithe sa reachtaíocht maidir le deontas mic léinn a chomhlíonadh. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Critéir Incháilitheachta agus is féidir an Táscaire Incháilitheachta sheiceáil freisin.

Cúlra Acadúil

Aon chúrsaí breisoideachais nó ardoideachais atá déanta agat roimhe seo, lena n-áirítear cúrsaí nach raibh críochnaithe nó nach raibh cáilíocht luaite leo.

Cúnamh Airgeadais

Tagraíonn Cúnamh Airgeadais Eile do scoláireachtaí, duaiseanna, liúntais, sparánachtaí nó dámhachtainí faighte chun cabhrú leis na costais a bhaineann le freastal ar an gcoláiste a íoc. B'fhéidir go mbeadh mic léinn fós incháilithe chun deontas SUSI a fháil má tá Cúnamh Airgeadais Eile á fháil acu. Ní mór sonraí maidir leis an gcúnamh a dhearbhú do SUSI ionas gur féidir a sheiceáil an mbeidh tionchar aige ar d'incháilitheacht. I gcásanna áirithe, ní bheidh mic léinn a bhfuil Cúnamh Airgeadais Eile á fháil acu cáilithe chun deontas SUSI a fháil.

Cúnamh Feirme

Is íocaíocht d’fheirmeoirí ísealioncaim é Cúnamh Feirme atá tástáilte ó thaobh acmhainne de, atá á híoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Is íocaíocht í atá incháilithe don Ráta Speisialta den deontas cothabhála.

Cúrsa Faofa

Is éard atá i gceist le cúrsa faofa cúrsa a chomhlíonann na critéir atá sonraithe sna Rialacháin Tacaíochta do Mhic Léinn. Ní mór gur cúrsa lánaimseartha a bheadh ann, atá á reáchtáil in institiúid fhaofa agus ní mór go mbeadh mórdhámhachtainí oideachais agus oiliúna dá bharr de réir Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ) nó a chomhionann.

Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC)

Bronntar dámhachtainí breisoideachais ag leibhéal 5 agus 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) ar mhic léinn a chríochnaíonn cúrsaí PLC. Reáchtáiltear iad seo laistigh den Stát agus tá siad faofa ag SOLAS, an t-údarás breisoideachais agus oiliúna. Tá liosta de na cúrsaí PLC atá faofa le fáil ag Ionaid na gCúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) /Cúrsaí atá Faofa

D

 

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)

 Féach ar Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (qqi.ie)

Deontas Cothabhála

Is íocaíocht é an deontas cothabhála a chabhraíonn le costais mhaireachtála laethúla agus a íoctar go díreach le mic léinn incháilithe trí naoi dtráthchuid mhíosúil i rith na bliana acadúla. Braithfidh an méid iníoctha ar ioncam inríofa an mhic léinn. Tá eolas maidir le rátaí dámhachtainí deontais le fáil ag Ioncam.

Deontas Táillí

Tá trí ghné ag baint leis an Deontas Táille:
a) An táille teagaisc – deontas a chlúdaíonn táillí teagaisc cúrsa iarrthóra sa chás nach bhfuil na táillí á n-íoc faoi Thionscnamh na dTáillí in Aisce (FFI)
b) Ranníocaíocht an Mhic Léinn – deontas a chlúdaíonn ranníocaíocht an mhic léinn atá iníoctha nuair a cháilíonn mac léinn le haghaidh táillí teagaisc in aisce faoi Thionscnamh na dTáillí in Aisce.
c) Turas Allamuigh – deontas a chlúdaíonn costais shonracha tabhaithe i rith turas allamuigh éigeantach.

Duine Iomchuí

Is ionann duine iomchuí agus duine éigin eile laistigh den teaghlach atá ag freastal ar chúrsa staidéir lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais freisin ag an am céanna leis an iarrthóir. Is féidir tairseacha an ioncaim inríofa a choigeartú chun cuntas a dhéanamh de gach duine iomchuí breise. D'fhéadfadh sé seo a bheith mar bhonn le ráta deontas cothabhála an iarrthóra a fheabhsú. Féach ar Duine Iomchuí i mBreisoideachas agus Ardoideachas.

Dul Chun Cinn

Ciallaíonn dul chun cinn bogadh ar aghaidh ó bhliain amháin de chúrsa faofa chuig an mbliain eile nó freastal ar chúrsa a d'fhéadfadh a bheith mar bhonn le leibhéal cáilíochta níos airde ná aon cháilíocht a d'fhéadfadh a bheith agat cheana féin. Ní mór go mbeadh dul chun cinn oideachasúil á dhéanamh ag mic léinn ionas go mbeidh siad incháilithe chun deontas a fháil. Ní mhaoineoidh SUSI tréimhsí athdhéanta staidéir ach in imthosca eisceachtúla nó sa chás go gcáilíonn an mac léinn faoi na critéir ‘athdheise’. Féach ar Oideachas Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn.

E

 

Erasmus

Seasann an giorrúchán Erasmus do Scéim Gníomhaíochta Réigiún na hEorpa do Shoghluaisteacht Mac Léinn Ollscoile agus is clár malartaithe mac léinn AE atá ann. Is féidir leat leanúint ar aghaidh ag glacadh le híocaíochtaí cothabhála SUSI le haghaidh tréimhse de suas le bliain amháin fad is atá tú ag staidéar thar lear, lena n-áirítear i mbun clár Erasmus.

F

 

Fianaise Dhoiciméadach

Doiciméid a bhféadfadh SUSI a lorg mar dheimhniú ar eolas atá curtha ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Gheobhaidh tú seicliosta pearsantaithe sa phost ionas go mbeidh a fhios agat céard iad na doiciméid nach mór duit a sheoladh chugainn.

Foirm chun Athrú Cúrsa a Fhógairt (CCN)

Is féidir Foirm chun Athrú Cúrsa a Fhógairt a chomhlánú ar líne tríd an tairseach mac léinn má ghlac an t-iarrthóir le cúrsa eile seachas an cúrsa atá sonraithe aige/aici ar an bhfoirm iarratais thosaigh. Ní gá do mhic léinn a bhfuil cead tugtha acu don CAO sonraí a gcúrsa a roinnt le SUSI, CCN a chomhlánú.

Foirm Dhearbhaithe

An fhoirm dhearbhaithe nach mór don iarrthóir agus a t(h)uismitheoir(í)/a c(h)aomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla, céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir a shíniú de réir mar is cuí, ag deimhniú go bhfuil an t-eolas agus na doiciméid ar fad a cuireadh ar fáil do SUSI iomlán agus beacht.

Foirm Iarratais

Am fhoirm iarratais ar dheontas mic líne curtha ar fáil ar líne gach bliain ag wwww.susi.ie

Foirm maidir le Diúscairt Sócmhainní agus Ceart

 Tábla Diúscairt Sócmhainní nó Ceart Download PDF atá comhlánaithe ag an iarrthóir chun tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir le diúscairt sócmhainne nó cirt, lena n-áirítear sonraí maidir le cibé acu an raibh nó nach raibh gnóthachan déanta nó caillteanas tabhaithe. Lorgóidh SUSI an fhoirm seo díreach más gá.

Foirmeacha Bronntanas agus Oidhreachtaí

 Tábla Bronntanas agus Oidhreachta Download PDF atá le comhlánú ag an iarrthóir chun tuilleadh eolais a roinnt maidir le haon bhronntanais nó oidhreachtaí a fuarthas i rith na tréimhse tagartha. Lorgóidh SUSI an fhoirm seo díreach más gá.

G

 

Gnátháit Chónaithe

An seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an iarrthóir lasmuigh d'am téarma. Chomh fada is a bhaineann le mac léinn cleithiúnach nó mac léinn cleithiúnach lánfhásta is é seoladh a t(h)uismitheoirí a bheidh le cur ar fáil. Is é seo an seoladh a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil ráta cóngarach nó neamhchóngarach de dheontas cothabhála le dámhachtain. Féach ar ‘Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach’ thuas agus Cóngaracht.

H

 

I

 

Iarrthóir/Iarratas Athnuachana

Déanann SUSI athbhreithniú ar dhámhachtainí deontais gach bliain. Má tá tú ag leanúint ar aghaidh leis an gcúrsa céanna sa choláiste céanna, ní mór duit d'iarratas a athnuachan gach bliain. Má chinneann tú do chúrsa nó do choláiste a athrú nó má tá tús á chur agat le cúrsa nua, beidh ort iarratas nua a dhéanamh. Féach ar Iarratais Athnuachana.

Imthosca Eisceachtúla

Más gá do mhac léinn cúrsa a fhágáil nó bliain a athdhéanamh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, imthosca leighis cruthaithe mar shampla, b'fhéidir go mbeidís fós incháilithe chun deontas a fháil do thréimhse staidéir athdhéanta nuair a fhilleann siad ar an gcoláiste. Ba cheart do mhic léinn eolas a chur ar fáil do SUSI maidir lena n-imthosca eisceachtúla, agus lorgóimid fianaise dhoiciméadach chun tacú leis an iarratas.

Institiúid Fhaofa

Tá gach institiúid faofa sa Stát liostaithe sna Rialacháin Tacaíochta do Mhic Léinn. Chun na critéir atá luaite le hinstitiúid fhaofa taobh amuigh den Stát a chomhlíonadh, ní mór go mbeadh institiúid lonnaithe laistigh de Bhallstát AE eile nó sa Ríocht Aontaithe, maoinithe go poiblí agus ag tairiscint cúrsaí a mhaireann dhá bhliain ar a laghad (seachas na ceithre institiúid fhaofa i dTuaisceart Éireann áit a bhfuil roinnt cúrsaí iarchéime bliana faofa) a bhfuil mórdhámhachtainí oideachais agus oiliúna dá mbarr atá comhionann leis na dámhachtainí atá luaite ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ).

Íocaíocht Obtha

Is íocaíocht deontas cothabhála sceidealaithe í íocaíocht obtha nach lóisteáiltear i gcuntas bainc an mhic léinn agus a thugtar ar ais do SUSI. Is iad sonraí míchearta bainc an chúis is coitianta a bhíonn le híocaíocht obtha. Déanfaidh SUSI teagmháil le haon mhic léinn ábhartha agus cuirfear in iúl dóibh nach mór dóibh a gcuid sonraí bainc a nuashonrú ar líne.

Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil

Íocaíocht aonair ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun cabhrú le costais riachtanacha, caiteachas aonuaire, cosúil le costais sochraide. Ní chuirtear Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil san áireamh nuair a bhíonn ioncam inríofa iarrthóra á ríomh.

Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht (ITF)

Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht d'fhostaithe a bhfuil leanaí acu, atá á íoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tacaíonn an scéim le daoine atá ar phá íseal. Is íocaíocht incháilithe í WFP don Ráta Speisialta den deontas cothabhála. An Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIS) a tugadh ar an íocaíocht seo roimhe seo

Íocaíocht/Sceideal Íocaíochta

Tá liosta de dhátaí íocaíochta deontas cothabhála do mhic léinn incháilithe PLC, fochéime agus iarchéime le fáil ag Íocaíochtaí.  

Íocaíochtaí Incháilithe don Ráta Speisialta

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh incháilithe á fáil ag iarrthóir nó ag a t(h)uismitheoir(í)/a c(h)aomhnóir(í), céile nó páirtí sibhialta, b'fhéidir go mbeadh sé/sí incháilithe chun Ráta Speisialta deontais a fháil má tá a (h)ioncam inríofa níos lú ná €25,000. Tá liosta d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh incháilithe le fáil ag Dámhachtainí Ráta Speisialta.

Ioncam Cíosa

Ioncam tuillte ó thalamh nó maoin a ligean ar cíos i rith na tréimhse tagartha. Lorgóidh SUSI cóip de do chuntais chíosa de bhrí go gcuirfear brabúis choigeartaithe san áireamh i d'ioncam inríofa. Féach ar Féinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos.

Ioncam Inríofa

Is é seo an céatadán de d'ollioncam atá le breithniú ag SUSI nuair atá an ríomh á dhéanamh lena fháil amach cibé acu atá nó nach bhfuil tú incháilithe chun deontas a fháil. Beidh an ráta maoinithe a d'fhéadfá a fháil bunaithe ar mhéid an ioncaim inríofa. Féach ar Ioncam.

J

 

K

 

L

 

Leanaí Cleithiúnacha

An líon leanaí eile sa teaghlach atá cleithiúnach ar an iarrthóir agus/nó a t(h)uismitheoir(í)/a c(h)aomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla, céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir, de réir mar is cuí. Féach ar Ioncam.   

Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (BTEA)

Tá BTEA á íoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí le daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe ar mian leo tabhairt faoi chúrsa oideachais lánaimseartha dara leibhéal nó tríú leibhéal. Níl mic léinn a bhfuil íocaíocht BTEA á fáil acu i dteideal deontas cothabhála a fháil.

Liúntas do Leanbh Cleithiúnach/Méadú do Leanbh Cleithiúnach (CDA/CDI)

Is méadú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh é CDA/CDI, do gach leanbh cleithiúnach, laistigh d'aonad teaghlaigh. Is féidir CDA/CDI a asbhaint ó d'ioncam teaghlaigh ionas go bhfuil an tairseach chun cáiliú don Ráta Speisialta de dheontas cothabhála á comhlíonadh.

M

 

Mac Léinn Athdheise

Má d'fhreastail tú ar chúrsa roimhe seo ach mura chríochnaigh tú é, b'fhéidir go mbeifeá incháilithe chun maoiniú a fháil mar mhac léinn athdheise. Ionas go mbeidh na critéir á gcomhlíonadh, ní mór gur mac léinn lánfhásta thú atá ag filleadh ar an gcoláiste i ndiaidh sos tri bliana a ghlacadh ón staidéar. Féach ar Oideachas Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn.

Mac Léinn Cleithiúnach

Mac léinn atá faoi 23 bliain d'aois ar an 1 Eanáir i mbliain an chéad phointe iontrála chuig cúrsa faofa. Déanann SUSI measúnú ar mhic léinn chleithiúnacha bunaithe ar a gcuid ioncaim féin móide ioncam a dtuismitheora/a dtuismitheoirí/a gcaomhnóra dlíthiúil/a gcaomhnóirí dlíthiúla. Féach freisin ar ‘Aicme an Iarrthóra’ agus ‘Mac Léinn Lánfhásta Cleithiúnach.’

Mac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta

Mac léinn atá níos sine ná 23 bliain d'aois ar an 1 Eanáir den bhliain ar chuir sé/sí tús nó tús an athuair le cúrsa faofa agus nach raibh gnáthchónaí air/uirthi lena t(h)uimsitheoir(í)/lena c(h)aomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla ó mhí Dheireadh Fómhair roimh an mbliain sin. Féach ar an nasc *daingnigh an nasc chuig rannóg an mhic léinn cleithiúnach lánfhásta den leathanach Aicme Iarrthóra.

Mac Léinn Neamhspleách

Mac léinn atá níos sine ná 23 bliain d'aois ar an 1 Eanáir den bhliain ar chuir sé/sí tús le cúrsa faofa agus nach raibh gnáthchónaí air/uirthi lena t(h)uimsitheoir(í)/lena c(h)aomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla ó mhí Dheireadh Fómhair roimh an mbliain sin. Measfar an mac léinn bunaithe ar a (h)ioncam féin agus ioncam a c(h)éile/a p(h)áirtí sibhialta/a c(h)omháitritheoir, de réir mar is cuí. Féach ar ‘Aicme an Iarrthóra’ thuas agus nasc -*Daingnigh an Nasc le ‘Mac Léinn Neamhspleách’ cuid de leathanach Aicme an Iarrthóra.

Mac Léinn Teagaisc

Aon mhac léinn a raibh cónaí air/uirthi taobh amuigh d'Éirinn ach taobh istigh den AE, LEE, den Ríocht Aontaithe nó den Eilvéis le haghaidh trí bliain as na cúig bliana atá caite. Níl mac léinn teagaisc incháilithe ach chun deontas táille a fháil agus níl sé/sí incháilithe chun aon chineál deontas cothabhála a fháil.

Méadú le haghaidh Aosach Cáilithe (IQA)

Is méadú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh é IQA, do gach aosach cleithiúnach, laistigh d'aonad teaghlaigh. Tá tuilleadh eolais le fáil ag gov.ie - Méadú le haghaidh Aosach Cáilithe (www.gov.ie)

N

 

Náisiúntacht

Ní mór gur náisiúnach Éireannach, AE, LEE, den Ríocht Aontaithe nó de Chónaidhm na hEilvéise é an t-iarrthóir chun maoiniú a fháil ó SUSI. Nó, b'fhéidir go mbeadh an t-iarrthóir incháilithe má tá cónaí air/uirthi in Éirinn agus má tá stádas inimirce ar leith aige/aici. Féach ar Critéir Náisiúntachta

Neamhaird Ioncaim

Ní chuirtear roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus liúntais eile san áireamh nuair a bhíonn ioncam inríofa iarrthóra á ríomh. Tá liosta de na híocaíochtaí seo le fáil ag Ioncam.

O

 

Oifig an Ombudsman

Scrúdaíonn an tOmbudsman gearáin a fhaightear ó dhaoine a mheasann gur chaith soláthraí seirbhíse poiblí áirithe, lena n-áirítear SUSI, go héagórach leo. Déan teagmháil le SUSI ar dtús más mian leat gearán faoinár seirbhís a dhéanamh. Tá eolas maidir lenár bpróiseas gearán le fáil ag Gearáin.

Ollioncam

Ioncam sula ndéantar aon asbhaintí le haghaidh ÍMAT, cáin ioncaim agus cánacha eile, ÁSPC, tobhaigh ioncaim, etc.  Áirítear anseo freisin ioncam a bhfuil cur síos déanta air mar ioncaim atá ‘saor ó cháin,’ ‘tar éis cáin a íoc,’ ‘nach bhfuil dlite de réir cánach’ nó ‘díolmhaithe ó cháin.’

P

 

Q

 

R

 

Ragobair Neamh-Athfhillteach

Níl íocaíochtaí ragoibre tuillte sa tréimhse tagartha athfhillteach agus d'fhéadfaí iad a asbhaint ó d'ioncam inríofa. Beidh fianaise ó d'fhostóir ag teastáil ó SUSI a léiríonn nach mbeidh deiseanna ragoibre ar fáil as seo go ceann tamaill.

Ranníocaíocht an Mhic Léinn

Sa chás go gclúdaíonn Tionscnamh na dTáillí in Aisce (FFI) na táillí teagaisc fochéime, tá mic léinn fós faoi dhliteanas táille ar leith a íoc leis an gcoláiste gach bliain ar a dtugtar Ranníocaíocht an Mhic Léinn. B'fhéidir go mbeadh mic léinn a bhfuil a dtáillí teagaisc clúdaithe ag FFI fós incháilithe chun deontas a fháil ó SUSI chun táille Ranníocaíocht an Mhic Léinn a íoc.

Ranníocaíocht na Táille Iarchéime

Ranníocaíocht chun cur leis an gcostas a bhaineann le freastal ar chúrsa iarchéime, atá iníoctha go díreach le coláiste an mhic léinn. Féach ar Tairseacha Ioncaim Iarchéime agus Rátaí Dámhachtana Deontais

Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach

Íoctar ráta cóngarach an deontais cothabhála le mic léinn a bhfuil a ngnáth-áit chónaithe níos lú ná 30km ón gcoláiste a bhfuil siad ag freastal air. Íoctar an ráta neamhchóngarach le mic léinn a bhfuil a ngnáth-áit chónaithe 30km nó níos faide ón gcoláiste a bhfuil siad ag freastal air. Féach ar Cóngaracht le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas a ríomhtar cóngaracht.

Ráta Speisialta

Ráta an deontais chothabhála atá ar fáil má tá an t-ioncam inríofa iomlán faoi thairseach ar leith agus áirítear ann cáiliú le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh fhadtéarmach ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an Ráta Speisialta le fáil ag Ráta Speisialta Deontais.

Reachtaíocht

Déantar incháilitheacht do dheontais mic léinn a  mheas bunaithe ar an reachtaíocht seo a leanas - An tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 Download PDF,  Scéim Deontas Mac Léinn 2023 na bliana ábhartha agus Rialacháin Um Thacaíocht Do Mhic Léinn 2023 na bliana ábhartha.

Rialacháin Tacaíochta Mic Léinn

An reachtaíocht ar a bhfuil measúnú agus dámhachtainí na ndeontas mic léinn bunaithe. Nuashonraíonn DFHERIS na Rialacháin Tacaíochta Mic Léinn gach bliain. Ionsáigh nasc

Ríomhaistriú Airgid (EFT)

Íoctar íocaíochtaí deontas cothabhála go díreach i gcuntas bainc/comhair creidmheasa an iarrthóra trí Ríomhaistriú Airgid (EFT).

Roinnt Sonraí

Malartaíonn SUSI sonraí le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile faoi réir comhaontuithe próiseála sonraí. Féach ar Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI le haghaidh eolais faoin gcineál sonraí a bhailímid, na daoine a roinnimid na sonraí sin leo agus na cúiseanna atá againn leis na sonraí a phróiseáil.

Ró-íocaíochtaí

Sa chás go ndéantar ró-íocaíocht, ní mór do SUSI aisíocaíocht a lorg ón mac léinn agus/nó ón institiúid ábhartha.

S

 

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)

Is scéim deiseanna oideachasúla é an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) a sholáthraíonn raon speisialta cúrsaí atá deartha chun freastal ar riachtanais oideachais agus oiliúna daoine dífhostaithe.

Scéim Deontais Mic Léinn

An reachtaíocht ar a bhfuil measúnú agus dámhachtainí na ndeontas mic léinn bunaithe. Nuashonraíonn DFHERIS an Scéim Deontais Mic Léinn gach bliain. Ionsáigh nasc

Scoláireacht

Is cineál cúnaimh airgeadais é scoláireacht a chabhraíonn le mic léinn an costas a bhaineann le freastal ar an gcoláiste a íoc. B'fhéidir go mbeadh mic léinn fós incháilithe do dheontas SUSI má tá scoláireacht á fáil acu. Ní mór sonraí maidir leis an scoláireacht a dhearbhú do SUSI ionas gur féidir a sheiceáil an mbeidh tionchar aige ar d'incháilitheacht. I gcásanna áirithe, ní bheidh mic léinn a bhfuil scoláireacht á fáil acu cáilithe chun deontas SUSI a fháil.

Seirbhís Iontrála Ollscoileanna agus Coláistí (UCAS)

Is é UCAS an eagraíocht atá freagrach as iarratais ar chúrsaí ardoideachais sa Ríocht Aontaithe a bhainistiú. Féach ar UCAS | Croílár daoine a nascadh le hardoideachas

Socrúchán

Tréimhse staidéir ‘lasmuigh den champas’ ar cuid lárnach í de chúrsa fochéime nó iarchéime faofa, tréimhse ina leantar ar aghaidh le híocaíochtaí deontas cothabhála a íoc, seachas sa chás go bhfuil na mic léinn ag tabhairt faoi chláir teicneora luathaithe.

SOLAS

Is é SOLAS an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as an earnáil breisoideachais agus oiliúna in Éirinn. Déanann SOLAS cinneadh maidir le liosta na gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) faofa gach bliain

Sos Staidéir

Tréimhse nuair nach mbíonn an t-iarrthóir ag staidéar cúrsa breisoideachais nó ardoideachais a bhfuil mórdhámhachtain ar NFQ dá bharr. Féach ar Aicme an Iarrthóra agus Mac Léinn Athdheise.

Sparánacht

Is cineál cúnaimh airgeadais é sparánacht a chabhraíonn le mic léinn an costas a bhaineann le freastal ar an gcoláiste a íoc. D'fhéadfadh go mbeadh mic léinn fós incháilithe do dheontas SUSI má tá sparánacht á fáil acu. Ní mór sonraí maidir leis an sparánacht a chur in iúl do SUSI ionas gur féidir a sheiceáil an mbeidh tionchar aige ar d'incháilitheacht. I gcásanna áirithe, ní bheidh mic léinn a bhfuil sparánacht á fáil acu cáilithe chun deontas SUSI a fháil.

Staidéar Thar Lear

Ní mór do mhac léinn tréimhse a chaitheamh ag staidéar thar lear, suas le bliain amháin, mar chuid lárnach dá c(h)úrsa. Féadfaidh mic léinn atá incháilithe chun deontas cothabhála a fháil leanúint ar aghaidh ag fáil a gcuid íocaíochtaí i rith a dtréimhse staidéir thar lear.

T

 

Tábla Coillearnaí

  Tábla Ioncaim Coillearnacha Download PDF atá le comhlánú ag an iarrthóir chun tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir le hioncam tuillte ó ghníomhaíochtaí coillearnaí. Lorgóidh SUSI an fhoirm seo más gá.

Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)

Is é Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) an t-údarás náisiúnta dámhachtana do dheontais bhreisoideachais agus ardoideachais in Éirinn.

Tairseacha Ioncaim

Na tairseacha socraithe do ‘Ioncam Inríofa’ atá mar bhonn leis an ráta deontais atá le bronnadh ag SUSI. Tá eolas maidir leis na tairseacha ioncaim do chúrsaí PLC, fochéime agus iarchéime le fáil ag Ioncam.

Tionscnamh na dTáillí in Aisce (FFI)

Tá formhór na mac léinn fochéime atá ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal atá á maoiniú go poiblí incháilithe chun a gcuid táillí teagaisc a bheith á n-íoc ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoi Thionscnamh na dTáillí in Aisce. Chun cáiliú le haghaidh táillí in aisce, ní mór do mhic léinn critéir incháilitheachta áirithe a chomhlíonadh bunaithe ar chónaitheacht, náisiúntacht agus riachtanais chúrsa. Sa chás nach bhfuil táillí teagaisc mic léinn clúdaithe ag FFI, b'fhéidir go mbeidís fós incháilithe chun deontas a fháil ó SUSI chun a Ranníocaíocht Mhic Léinn a íoc.

Tréimhse Choibhéiseach Staidéir

Má bhí mac léinn ag freastal ar chúrsa staidéir roimhe seo ach mura chríochnaigh sé/sí an cúrsa sin, b'fhéidir go mbeadh air/uirthi tréimhse choibhéiseach staidéir a chur i gcrích ar a c(h)ostas féin sular féidir glacadh leis go bhfuil sé/sí incháilithe chun maoiniú deontais a fháil. Féach ar Oideachas Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn.

Tréimhse Staidéir Athdhéanta

Má bhí mac léinn ag freastal ar chúrsa staidéir roimhe seo ach mura chríochnaigh sé/sí an cúrsa sin, b'fhéidir go mbeadh air/uirthi tréimhse staidéir athdhéanta a chur i gcrích ar a c(h)ostas féin sular féidir glacadh leis go bhfuil sé/sí incháilithe chun maoiniú deontais a fháil. Féach ar Oideachas Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn.

Tuilleamh Saoire

Is éard atá i gceist le Tuilleamh Saoire ioncam a thuilleann an t-iarrthóir taobh amuigh d'am téarma. Is féidir asbhaint ó ioncam inríofa a dhéanamh do Thuilleamh Saoire le haghaidh iarrthóirí a bhí páirteach sa chóras oideachais ar bhonn lánaimseartha agus fostaithe i rith na tréimhse tagartha. Don bhliain acadúil 2023/24, is í an asbhaint uasta ná €6,552. Don bhliain acadúil 2024/25, méadaíonn an asbhaint uasta go €7,925.

Turas Allamuigh - Éigeantach

B'fhéidir go mbeadh ar roinnt mac léinn páirt a ghlacadh i dturas allamuigh éigeantach mar chuid dá gcúrsa, chun críche aimsithe fíricí nó taighde. In imthosca áirithe, féadfaidh SUSI costais taistil agus chóiríochta a bhaineann go díreach leis an turas a aisíoc. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Turais Allamuigh Éigeantacha.

U

 

Uastréimhse Maoinithe/Cúnamh Deontais

Tá uastréimhsí de chúnamh deontais ar fáil ag leibhéil PLC, fochéime agus iarchéime. Tá eolas maidir leis an maoiniú atá ar fáil ag gach leibhéal le fáil ag Oideachas Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn.

V

 

W

 

X

 

Y

 

Z