Ráiteas Príobháideachais
Seo achoimre ar Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.
- Is Aonad de chuid BOO Chaithair Bhaile Atha Cliath é SUSI atá ina chomhrialaitheoir sonraí leis an An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le haghaidh iarratas ar dheontas mac léinn faoi Scéimeanna Deontas Mac Léinn.
- Coimeádann agus próiseálann SUSI sonraí go daingean agus go rúnda agus glacann sé bearta slándála cuí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe ar, nó athrú, nochtadh nó scrios, do shonraí agus i gcoinne a gcaillteanas nó a scriosta de thaisme.
- Coimeádann SUSI sonraí pearsanta, lena n-áirítear taifid ar ghlaonna gutháin, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun iarratais ar dheontais a phróiseáil nó mar a éilíonn an dlí.
- Roinneann SUSI sonraí a chuirtear ar fáil in iarratais ar dheontais le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais eile chun críocha iarratais ar dheontais a phróiseáil.
- Déanann SUSI cumarsáid dhíreach le hiarratasóirí maidir lena n-iarratas.
- Pléann SUSI freisin le páirtithe eile san iarratas stádas an iarratais agus aon fhianaise dhoiciméadach nó aon ghníomhartha is gá chun é a chur chun cinn. Féadfaidh iarratasóirí SUSI a chur ar an eolas mura mian leo go dtarlóidh sé seo.
- Ní phléifidh SUSI sonraí pearsanta páirtí d’iarratas le páirtithe ábhartha eile, nó le tríú páirtí lasmuigh den iarratas gan a n-údarás.
- Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile iarratais ar dheontas cros-údarú a dhéanamh ar a chéile chomh maith chun a gcuid sonraí pearsanta a phlé le SUSI thar a gceann.
- Sa chás go n-aithníonn iarratasóir amháin nó níos mó caidrimh le hiarratasóirí eile, is féidir le SUSI crostagairt a dhéanamh dá n-iarratais chun comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht próiseála a chinntiú.
- De bhun na reachtaíochta um chosaint sonraí, féadfaidh daoine rochtain a iarraidh ar a gcuid sonraí atá i seilbh SUSI agus a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú mar atá leagtha amach i Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.