Polasaí Fianáin
Polasaí Fianáin
Aonad SUSI de Bhoird Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath
Eolas faoinár n-úsáid fianán
Baineann láithreán gréasáin SUSI agus córas iarratais ar dheontas ar líne SUSI (ar a dtugtar le chéile “an láithreán gréasáin”) úsáid as fianáin. Cuidíonn sé seo linn eispéireas maith a sholáthar duit agus tú ag brabhsáil ár láithreáin ghréasáin agus tugann sé deis dúinn ár láithreán gréasáin a fheabhsú.
Cad is fianán ann?
Is éard is fianán ann ná comhad beag litreacha agus uimhreacha ina bhfuil faisnéis a stóráilimid ar do bhrabhsálaí nó ar thiomántán crua do ríomhaire, má ghlacann tú leo. Cuimsíonn fianáin faisnéis a aistrítear chuig tiomántán crua do ríomhaire. Ligeann fianáin dúinn ‘cuimhneamh’ ort agus an láithreán gréasáin a leasú chuig do shainroghanna ionas gur féidir linn ábhar atá ábhartha duit a thaispeáint, rud a chuirfidh ar do chumas nascleanúint a dhéanamh níos éasca idir leathanaigh.
Fianáin a Bhlocáil
Is féidir leat fianáin a bhlocáil tríd an socrú ar do bhrabhsálaí a ghníomhachtú a ligeann duit socrú gach fianán nó roinnt fianán a dhiúltiú. Is féidir leat rochtain a fháil ar an bhfeidhm “Cabhair” i do bhrabhsálaí chun tuilleadh a fháil amach. Mar sin féin, má úsáideann tú socruithe do bhrabhsálaí chun gach fianán a bhlocáil (lena n-áirítear fianáin riachtanacha/fianáin a bhfuil géarghá leo) b’fhéidir nach mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar chodanna dár láithreán gréasáin.
Cad iad na fianáin a úsáidimid?
Úsáidimid na fianáin seo a leanas:
- Fianáin a bhfuil géarghá leo: Is fianáin iad seo atá riachtanach chun ár láithreán gréasáin a oibriú. Cuimsíonn siad, mar shampla, fianáin a chuireann ar do chumas logáil isteach i réimsí slána dár láithreán gréasáin.Nuair a bhíonn rochtain ag úsáideoirí ar chóras iarratais ar dheontas ar líne SUSI, tá na fianáin atá scríofa riachtanach don tseirbhís faisnéise aoise a sholáthraíonn SUSI. Rialaíonn siad slándáil seisiún úsáideoirí, tacaíonn siad le socruithe inrochtaineachta d’úsáideoirí a bhfuil lagú radhairc orthu agus tacaíonn siad le haistriúchán an chomhéadain úsáideora d’iarratais sa Ghaeilge.
- Fianáin anailíseacha/feidhmíochta: Ligeann siad dúinn líon na gcuairteoirí a aithint agus a chomhaireamh agus a fheiceáil conas a ghluaiseann cuairteoirí timpeall ar ár láithreán gréasáin agus iad á úsáid. Cuidíonn sé seo linn an bealach a n-oibríonn ár láithreán gréasáin a fheabhsú, mar shampla, trína chinntiú go bhfuil úsáideoirí ag fáil an rud atá á lorg acu go héasca.
- Fianáin Feidhmiúlachta: Úsáidtear iad seo chun tú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár láithreán gréasáin. Cuireann sé seo ar ár gcumas ár n-ábhar a phearsantú duit féin agus cuimhneamh ar do shainroghanna (mar shampla, do rogha teanga). Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na fianáin aonair a úsáidimid agus na críocha a mbainimid úsáid astu sa tábla thíos, chomh maith le do chuid sainroghanna fianán a bhainistiú trí do shainrogha a roghnú leis an gcnaipe ar siúl/múchta.
- Fianáin Triú Páirtí: Tabhair le fios le do thoil go bhféadfadh triú páirtí, lena n-áirítear líonraí fógraíochta agus soláthraithe seirbhísí seachtracha mar shampla, fianáin a úsáid nach bhfuil aon smacht againn orthu. Is dóigh gur fianáin anailíseacha/feidhmíochta iad na fianáin seo nó fianáin dírithe.
- Iarratas ar CA Toilithe: Úsáideann ár suíomh gréasáin Usercentrics chun do thoiliú fianán a bhainistiú. Nuair a idirghníomhaíonn tú leis an meirge fianán, sanntar CA toilithe uathúil dod’ bhrabhsálaí. Taifeadann an t-aitheantas seo do roghanna maidir le fianáin agus seirbhísí feidhmiúla, rud a chinntíonn go léirítear meas ar do chuid sainroghanna aon uair a thugann tú cuairt ar ár suíomh. Stóráiltear an CA toilithe go slán agus ní úsáidtear é ach chun do thoiliú a bhainistiú. Ní úsáidtear é le haghaidh rianaithe, fógraíochta ná próifíliú. Tá sé de cheart agat do thoiliú a tharraingt siar nó a athrú tráth ar bith. Chun seo a dhéanamh, cliceáil ar dheilbhín an mheirge fianán chun filleadh ar an meirge fianán. Chun d’aitheantas toilithe a aimsiú, téigh go dtí an rannóg ‘Seirbhísí’ agus scrollaigh síos go dtí go bhfeiceann tú ‘CA chun sonraí toilithe a iarraidh’.
Suíomh Gréasáin SUSI
Suíomh Gréasáin SUSI - Fianáin Fíor-riachtanacha
|
Ainm Fianáin |
Socraithe ag |
Cur Síos |
Saolré |
Fad |
|
ms_visitorid |
susi.ie |
Tá an fianán seo ceangailte leis an bhfeidhmiúlacht chuardaigh. Gineann sé aitheantóir uathúil do gach cuairteoir. |
6 lá |
6 lá |
|
ucString |
usercentrics.eu |
Is seirbhís bainistíochta toilithe í seo. Úsáidtear Usercentrics GmbH ar shuíomhanna gréasáin agus ar aipeanna mar phróiseálaí chun críocha bainistíochta toilithe. Coinníonn sé seo an ControllerID agus an SettingsID, an teanga, leagan na socrúchán agus na seirbhísí chomh maith lena stair toilithe. |
Buan |
1 bhliain |
|
ucData |
usercentrics.eu |
Is seirbhís bainistíochta toilithe í seo. Úsáidtear Usercentrics GmbH ar shuíomhanna gréasáin agus ar aipeanna mar phróiseálaí chun críocha bainistíochta toilithe. Coinníonn sé seo faisnéis faoi Mhód Toilithe Google. |
Buan |
1 bhliain |
|
uc:analytics:firedEvents:SETTINGSID |
usercentrics.eu |
Úsáidtear é seo chun feidhmiú ceart rianaithe imeachtaí a chinntiú trí chosc a chur ar imeachtaí a bheith truicearaithe níos mó uaireanta ná mar a bhí beartaithe. |
Buan |
1 bhliain |
Suíomh Gréasáin SUSI - Fianáin Anailíseacha/Feidhmíochta
|
Ainm Fianáin |
Socraithe ag |
Cur Síos |
Saolré |
Fad |
|
_ga |
google.com |
Is seirbhís anailíse gréasáin í seo. Úsáidtear an fianán seo chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí. |
Buan |
731 lá |
|
_gid |
google.com |
Is seirbhís anailíse gréasáin í seo. Úsáidtear an fianán seo chun an t-úsáideoir a aithint. |
Buan |
1 lá |
|
_gat |
google.com |
Is seirbhís anailíse gréasáin í seo. Úsáidtear é seo chun iarratais ó bhotaí a léamh agus a scagadh. |
Buan |
1 nóiméad |
Suíomh Gréasáin SUSI - Feidhmiúlacht
|
Ainm Fianáin |
Socraithe ag |
Cur Síos |
Saolré |
Fad |
|
Adobe Fonts |
Adobe.com |
Is seirbhís clófhoirne é seo. Tugann sé rochtain ar leabharlann clónna. |
N/B |
N/B |
|
Google Fonts |
google.com |
Is seirbhís clófhoirne é seo. Tugann sé rochtain ar leabharlann clónna. |
N/B |
N/B |
|
Google Tag Manager |
google.com |
Is córas bainistíochta clibeanna é seo. Trí Bhainisteoir Clibeanna Google, is féidir clibeanna a chomhtháthú go lárnach trí chomhéadan úsáideora. Is codanna beaga cód iad clibeanna ar féidir leo gníomhaíochtaí a rianú. Déantar cóid scripte uirlisí eile a chomhtháthú trí Bhainisteoir Clibeanna Google. Ligeann an Bainisteoir Clibeanna duit rialú a dhéanamh ar cathain a truicearaítear clib ar leith. |
N/B |
N/B |
|
Google Ajax |
google.com |
Úsáidtear Leabharlanna Google Ajax chun leabharlanna javascript a luchtú atá riachtanach le haghaidh fheidhmiú teicniúil ceart an tsuímh ghréasáin. |
N/B |
N/B |
|
Cloudflare |
Cloudflare.com |
Úsáidtear Cloudflare CDN chun leabharlann tosaigh a sheachadadh chun amharc-bheochana a thaispeáint ar an suíomh gréasáin. |
N/B |
N/B |
|
Google Custom Search (CSE)
|
Google.com |
Úsáidimid Google Custom Search chun feidhm chuardaigh a sholáthar ar ár suíomh gréasáin. |
N/B |
N/B |
|
BootstrapCDN
|
Bootstrapcdn.com |
Úsáidtear BootstrapCDN chun stílbhileoga agus comhaid javascript a sheachadadh chun a chinntiú go dtaispeántar an suíomh gréasáin i gceart ar fud gléasanna agus brabhsálaithe éagsúla. |
N/B |
N/B |
Córas Iarratais Ar Líne SUSI
Córas Iarratais Ar Líne SUSI – Fianáin A Bhfuil Géarghá Leo
|
Ainm |
Soláthraí |
Cuspóir |
Dáta Éaga |
Cineál |
|
Eseries_áitiúil |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun sainroghanna logánaithe cosuil le teanga a chur ar fail don úsáideoir. |
Dada |
HTTP |
|
JSEISIÚN |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun feidhmiúlacht seisiúin a cuir ar fáil don úsáideoir. |
Seisiún (réamhshocrú 15 nóiméad) |
HTTP |
|
Inrochtaineacht |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun sainroghanna inrochtaineachta cosuil le clómhéid a chur ar fáil don úsáideoir. |
Dada |
HTTP |
|
LOGIN_TYPE |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun a fháil amach cen cineál logála isteach ar cheart a thaispeáint don úsáideoir má tharlaíonn athrú suímh nó iarracht logála isteach mícheart. |
Baintear an fianán seo ar logáil isteach rathúil nó nuair a nascleanann an t-úsáideoir ar shiúl ón leathanach logála isteach, má dhúnann siad an táb nó má dhúnann siad an brabhsálaí. |
HTTP |
|
Mid |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun seisiúin na n-úsáideoirí a bhainistiú ar thaib nó fuinneoga brabhsálaí eagsúla. |
Seisiún (réamhshocrú 15 nóiméad) |
|
|
ApplicationGatewayAffinity |
Integrated Business Software & Solutions |
Úsáidtear an fianán seo chun feidhmiúlacht seisiúin a chur ar fáil don úsáideoir. |
Seisiún (60 nóim réamhshocrú) |
HTTP |
Tá an Polasaí Fianáin seo mar chuid dár Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI foriomlán.