Beartas faoi Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta
Cúlra agus Cuspóir
Is é SUSI an túdarás bronnta aonair do gach iarratas nua a dhéanann mic léinn ón mbliain 2012 i leith. Rinne SUSI an cinneadh chun Clár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta a sheoladh chun cabhair a thabhairt d’fheabhas a chur ar chumarsáid lena pháirtithe leasmhara éagsúla. Leagtar amach i gClár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta seo an cuspóir agus na paraiméadair le haghaidh oibriú laethúil an chláir sin.
Is é cuspóir Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta chun infheictheacht SUSI a mhéadú agus chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus le gach páirtí leasmhar.
Bainistíocht laethúil Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta
Agus treorú foriomlán Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta, agus freagracht foriomlán as an gClár á gcoimeád aige, údaraíonn bainistíocht shinsearach SUSI a fhoireann Mheán Sóisialta chun an Clár sin a bhainistiú ar bhonn laethúil.
Foirmeacha na Meán Sóisialta atá le húsáid
Tabharfaidh SUSI faoi Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta, tríd an méid a leanas:
- a Láithreán Gréasáin (www.susi.ie)
- a chuntas Facebook (www.facebook.com/susisupport)
- a chuntas X (www.twitter.com/susihelpdesk).
Ní dhéanann na leathanaigh, na cuntais nó na grúpaí (seachas iad siúd atá liostaithe thuas) ar a bhfuil ainm SUSI ionadaíocht do SUSI. Féadfaidh SUSI a chinneadh chun foirmeacha breise/eile de na meáin shóisialta a úsáid amach anseo, agus déanfar an beartas seo a nuashonrú ag an bpointe sin.
An Láithreán Gréasáin
Mar chuid de Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta SUSI, soláthróidh sé faisnéise a bhaineann lena obair trína láithreán gréasáin (www.susi.ie).
Úsáidfidh SUSI a chuntas Facebook chun teachtaireachtaí ábhartha a chur in iúl lena pháirtithe leasmhara agus féadfaidh sé idirchaidreamh díreach a dhéanamh le mic léinn, sa chás go measann SUSI gur cuí amhlaidh a dhéanamh.
X
Úsáidfidh SUSI a chuntas X chun teachtaireachtaí ábhartha a chur in iúl lena pháirtithe leasmhara agus féadfaidh sé idirchaidreamh díreach a dhéanamh le mic léinn, sa chás go measann SUSI gur cuí amhlaidh a dhéanamh.
Is tábhachtach an méid a leanas a thabhairt faoi deara:
- Ní óstach SUSI do Facebook nó X agus ní bheidh sé freagrach as aon ábhar a uaslódáil nó as aon ráitis neamhchruinne nó chlúmhillteacha a fhoilsiú ar a chunta(i)s ag aon tríú páirtí.
Nóta: Déanann dlí an chlúmhillte dliteanas a leagan ar fhoilsitheoir ráitis chlúmhilltigh, i.e. is é seo an duine a dhéanann an ráiteas nó, i gcásanna áirithe ar an idirlíon, an t-aonán a dhéanann an ráiteas clúmhillteach a óstáil.
- Ní bheidh dualgas ar SUSI chun aon duine dá chairde/lucht leanúna a leanúint. Má leanann cairde SUSI cuntas Facebook/X, ní chuirfidh sin aon saghas formhuinithe in iúl.
Cosaint Sonraí
Féadfaidh SUSI faisnéis phearsanta a iarraidh trí bhealaí príobháideacha laistigh de Chlár Rannpháirtíochta Meán Sóisialta SUSI, mar shampla teachtaireachtaí príobháideacha ar a chuntas X. Níor cheart don phobal aon fhaisnéis phearsanta a chur in airde go poiblí, agus má dhéanann siad amhlaidh, déantar é sin ar a bpriacal féin.
Cód Iompair na Meán Sóisialta
Tá an ceart ag SUSI chun aon úsáideoir(í) a bhlocáil, agus aon ábhar a bhaint, ar a chainéil Mheán Sóisialta nach bhfuil ar aon dul leis an mbeartas seo.
Athbhreithniú ar Bheartas
Déanfaidh SUSI an beartas seo a athbhreithniú i gcaitheamh ama i gcomhthéacs aon leasuithe leanúnacha ar nós imeachta oibríochtúil.