Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2025/26.

Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2025/26.

  • 3 Aibreán 2025
  • Nuacht

Táimid Oscailte!

Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2025/26. Déan iarratas anois mar táthar ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais téigh chuig an rannán ar conas iarratas a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin.

Fógraíodh roinnt athruithe ar an Scéim Deontas Mac Léinn do 2025 mar sin is fiú d’incháilitheacht a sheiceáil don bhliain atá le teacht.

Tuillimh Saoire

Tá méadú tagtha ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh d’am téarma ó  €7,925 go €8,424.  

Tugtar Tuillimh Saoire air, agus is ioncam é seo a thuill iarrthóir a bhí san oideachas ó fhostaíocht lasmuigh d’am téarma laistigh den bhliain féilire roimhe sin.

Deontais Chothaithe

Tá méadú 15% tagtha ar thairseacha ioncaim deontais chothaithe do mhic léinn PLC, fochéime lánaimseartha agus iarchéime.

Tá an tairseach ioncaim don Ráta Speisialta den deontas cothaithe méadaithe go €27,400 do theaghlach le níos lú ná ceathrar leanaí cleithiúnacha.

Ranníocaíocht Mac Léinn Fochéime Lánaimseartha

Tá méadú 15% tagtha ar na tairseacha ioncaim do na deontais Ranníocaíochta Mac Léinn fochéime lánaimseartha.

Ranníocaíocht Táille Fochéime Páirtaimseartha agus Ranníocaíocht Táille Iarchéime

Tá na tairseacha ioncaim don deontas Ranníocaíochta Táille Fochéime Páirtaimseartha agus an Deontas Ranníocaíochta Táille Iarchéime méadaithe go dtí €64,315.

Neamhaird Ioncaim Nua

Eisiatar neamhairde ioncaim ón ríomh ioncaim chun críocha measúnaithe deontais.

Áirítear le neamhaird ioncaim nua do 2025/26 an Scéim Chúitimh do Bhaint Móna Scoir, Scéim Dreasachta Athchóirithe Portaigh Ardaithe faoi Chosaint agus íocaíocht Stardust ex-gratia.

Déanfar neamhaird anois ar an gcéad €5,000 d'aon chlár scoláireachta incháilithe nó d'aon dámhachtain sparánachta (gan stipíní san áireamh) nach dtugtar aird air ar shlí eile laistigh den Scéim Deontas Mac Léinn ón ríomh ioncaim.

Scoláireachtaí agus Sparánachtaí

Féadfaidh mic léinn a fhaigheann scoláireacht ó chistí poiblí atá liostaithe mar eisiamh incháilitheachta faoin Scéim Deontas Mac Léinn agus nach gclúdaíonn a dtáillí go hiomlán a bheith incháilithe anois do dheontas chun na táillí atá fágtha a chlúdach.

Neamhaird Ioncaim

Tá neamhaird ioncaim bhreise curtha san áireamh sa Scéim Deontas Mac Léinn 2024. Eisiatar neamhaird ioncaim ón ríomh ioncaim chun críocha measúnaithe deontais. Áirítear le Neamhaird Ioncaim nua Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán, Sparántacht Tusla d’Oibrithe Cúraim Shóisialaigh agus Scoláireacht Tithíochta an Chomharchumainn. Féach ar ár leathanach ioncaim le haghaidh liosta de gach neamhaird ioncaim.

 Sula ndéanfaidh tú Iarratas

Cuimhnigh:

  • Déan iarratas go luath mar táthar ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn.

Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardteistiméireachta agat nó a bheith tar éis glacadh le cúrsa chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat sonraí an chúrsaí a bhuil súil agat staidéar a dhéanamh air a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.