Straitéis 5 Bliana SUSI

Straitéis 5 Bliana SUSI

Straitéis 5 Bliana SUSI 2023-2028

Is é Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) údarás dámhachtana náisiúnta na hÉireann do dheontais bhreisoideachais agus ardoideachais. Is aonad gnó de chuid BOO Chathair Bhaile Átha Cliath é SUSI, a riarann maoiniú mac léinn de réir na reachtaíochta atá leaghta amach ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta san Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 agus sna Scéimeanna Deontais Mac Léinn bliantúla agus sna Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn.

Bunaíodh SUSI i 2012 chun údarás dámhachtana láraithe aonair do mhaoiniú mac léinn in Éirinn a chruthú den chéad uair. Is é misean SUSI mic léinn a chumasú chun a saolta a athrú ó bhonn trí oideachas tríú leibhéal agus idir 2012 agus 2023, phróiseáil SUSI breis agus 1.16 milliún iarratas, dhámh sé breis agus 880,000 deontas ar mhic léinn agus d’íoc sé beagnach €3.5 billiún de mhaoiniú.

Agus é tiomanta d’fheabhsuithe leanúnacha seirbhíse a sholáthar dár mic léinn, tá SUSI tar éis feabhas a chur ar an seirbhís trí thairseach iarratais ar líne a fhorbairt, rud a chruthaigh córas láraithe chun iarratais ar dheontais a mheasúnú go tapaidh agus go comhsheasmhach and a chuir samhail sreabhadh oibre inscálaithe i bhfeidhm a léiríonn bunús séasúrach an phróisis.

De réir mar a bhogann SUSI ó thréimhse bhunaithe agus feabhsúcháin leanúnaigh go tréimhse a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus féachaint chuige go seasfaidh sé an aimsir, cuirimid an plean straitéiseach cúig bliana seo i láthair mar thaca lenár dtiomantas do sheirbhís phoiblí, trédhearcach, mac léinn-lárnaithe a sholáthar. Ag teacht faoi chrainn taca phlean straitéiseach níos leithne BOO Chathair Bhaile Átha Cliath, tá na crainn taca sin leagtha amach ag SUSI agus glacadh leis na spriocanna a bhaineann go sonrach le sainchúram SUSI mar údarás dámhachtana deontais.

Tá straitéis SUSI bunaithe ar bhunús eagraíochta atá bunaithe ar shonraí agus atá fréamhaithe i dtrí chrann taca.

Dírithe ar Mhic Léinn agus ar Chustaiméirí

Tá sé mar aidhm ag SUSI freagairt i gcónaí do riachtanais na mac léinn agus na gcustaiméirí.

Seirbhís Phoiblí Dhigiteach a Threorú

Chun an tseirbhís a fheabhsú tuilleadh, tá sé mar aidhm ag SUSI teicneolaíocht dhigiteach a threisiú chun an dul chun cinn leanúnach a theastaíonn ar fud a phróisis a threorú go réamhghníomhach ag am athraithe agus forbartha.

Eagraíocht Eiseamláireach Seirbhíse Poiblí

Tá sé mar aidhm ag SUSI go mbeadh a fhoireann go hiomlán rannpháirteach chun ionad oibre sofhreagrúil agus eiseamláireach sa tseirbhís phoiblí a chinntiú.

Tá sraith spriocanna straitéiseacha mar bhonn ag gach crann taca. Is iad na spriocanna atá leagtha amach thíos an nasc idir crainn taca ardleibhéil SUSI agus an tsraith tionscnamh praiticiúla a bheidh mar chuid de phleananna gnó bliantúla SUSI. Déanfar athbhreithniú agus monatóireacht ar na spriocanna agus tionscnamh atá leagtha amach sa straitéis ag eatraimh sceidealaithe le linn shaolré na straitéise.

Sprioc

Tionscnamh

Eagraíocht atá dírithe ar mhic léinn agus custaiméirí

Meon seirbhísí do chustaiméirí a dhaingniú laistigh den eagraíocht.

Smaoinigh ar an gcustaiméir i ngach rud a dhéanaimid.

Forbraigh an eagraíocht ó sheirbhís do chustaiméirí go heispéireas do chustaiméirí. 

Tuig ár gcustaiméir

Aithnigh constaicí maidir le rannpháirtíocht custaiméirí.

Taifeadaigh aistir chustaiméirí.

Forbraigh próifílí custaiméirí agus pearsantachtaí.

Coinnigh cuntas ar mheon an chustaiméara.

Téigh i ngleic le custaiméirí chun a riachtanais a thuiscint.

Coinnigh cuntas de shásamh custaiméirí.

Cruthaigh eispéireas agus aistear custaiméara den chéad scoth

Bain úsáid as bealaí agus réitigh dhigiteacha.

Cuir cumarsáid oscailte, trédhearcach, réamhghníomhach, dhá bhealach ar fáil.

Déan an próiseas iarratais chomh éasca agus is féidir.

Cuir eispéireas saoráideach uilechainéal ar fáil do chustaiméirí SUSI.

Dírigh ar chásanna neamhchoitianta a bhféadfadh breis tacaíochta a bheith de dhíth orthu.

Cruthaigh ‘SUSI Amháin’ ina mbíonn caidreamh comhsheasmhach ag an gcustaiméir leis an eagraíocht.

 

Sprioc

Tionscnamh

Soláthar seirbhíse digiteach de réir réamhshocraithe

Próisis dhigiteacha do gach gné de sholáthar seirbhíse SUSI. Ní seirbhísí digiteacha amháin a bheidh sna seirbhísí ach ba cheart go mbeadh an rogha ag custaiméirí dul i dteagmháil le SUSI trí bhealach digiteach.

Seirbhísí seachadta ar bhealach cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe.

Úsáid a bhaint as uirlisí dhigiteacha chun an t-eispéireas a fheabhsú dóibh siúd nach n-úsáideann seirbhísí SUSI go digiteach.

Cloígh le seachadadh seirbhísí poiblí Digiteach de réir Réamhshocraithe de chuid an Rialtais.

MySUSI mar Ardán

Infheistigh i mbonneagar digiteach comhtháite agus inscálaithe.

Coinnigh acmhainneacht i leith athruithe reachtúla.

Cuir réitigh idir-inoibritheacha, inscálaithe teicneolaíocht-bhunaithe i bhfeidhm ag baint úsáide as bloic thógála dhigiteacha/TFC.

Seachadaigh barainneachtaí scála agus uasmhéadaigh an brabús ar infheistíocht agus ár n-uaillmhianta digiteacha á mbaint amach againn.

Glac le sraith prionsabal ailtireachta mar thacar de bhloic thógála a chuimsíonn teicneolaíocht agus cur i bhfeidhm, sonraí, slándáil agus rialachas agus gnó.

Dear agus tóg córais atá ag teacht leis an gcleachtas is fearr sa tslándáil agus sa chibearchosaint.

Bain leas as Sonraí go hÉifeachtach

Bunaithe ar Shonraí: aithnigh sonraí a choinníonn SUSI mar phríomhshócmhainn straitéiseach.

Cosain agus forbraigh ár bpobal comhpháirtithe comhroinnte sonraí.


Cosain sonraí ó rochtain agus úsáid neamhúdaraithe.

 

Sprioc

Tionscnamh

Dearadh Eagraíochta Is Fearr

Soghluaiseacht, dul chun cinn, soiléireacht róil.

Múnlaigh agus forbraigh ár n-ullmhacht don staid ‘le bheith’ agus ár n-acmhainn/gcumas.

Ionad Oibre Eiseamláireach

Múnla oibre solúbtha.

Nuálaíocht san ionad oibre.

Léirigh rath SUSI.

Dírigh ar éagsúlacht, cuimsiú agus inrochtaineacht.

Caighdeánaigh pleanáil feidhmíochta agus bainistíocht.

Forbairt gharimiúil.

Cultúr Beoga agus Soiléir

Caidrimh dhearfacha a chothú san ionad oibre.

Cumarsáid idir-rannach, gné ilréimsiúil, comhroinnt eolais, comhoibriú.

Sainaithint luachanna.

Daingnigh beartais AD.