Maidir le SUSI

Maidir le SUSI

Maidir le SUSI

Is é Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) údarás dámhachtana náisiúnta na hÉireann le haghaidh deontais bhreisoideachais agus ardoideachas. Cuireann SUSI maoiniú ar fáil do mhic léinn incháilithe in oideachas triú leibhéal ceadaithe in Éirinn agus i gcásanna áirithe do mhic léinn atá ag staidéar sa RA nó san AE. Is féidir le gach cineál mac léinn, ó fhágálaithe scoile go mic léinn lánfhásta atá ag filleadh ar an oideachas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.

Bunaithe i 2012, is aonad gnó é SUSI de chuid BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus riarann sé maoiniú de réir na reachtaíochta atá leagtha amach san An tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 , sa Scéim Deontas Mac Léinn  agus sna Rialacháin Um Thacaíocht Do Mhic Léinn.

Misean, Fís agus Luachanna 

Misean

Cumhacht a thabhairt do Mhic Léinn a shaol a athrú tríd an oideachas tríú leibhéil.

Fís

Tá sé mar aidhm ag SUSI a bheith ina seirbhís phoiblí cheannródaíoch a chuireann an custaiméir i gcroílár gach atá á dhéanamh againn trí eagraíocht aclaíoch a thógáil agus trí leas a bhaint as córais dhigiteacha cheannródaíocha.

Luachanna 

  • Trédhearcach
  • Dírithe ar an gCustaiméir
  • Measúil
  • Gairmiúil

Tá plean straitéiseach cúig bliana cruthaithe ag SUSI mar thaca lenár dtiomantas do sheirbhís phoiblí thrédhearcach atá dírithe ar an mac léinn a sholáthar. Féach ar phlean straitéiseach cúig bliana SUSI 2023-2028.

Céard iad na Deontais atá ar fáil? 

Cineál Cúrsa Deontas Cothabhála Ranníocaíocht Mac Léinn agus/nó Táillí Táillí Iarchéime
Cúrsa PLC    
Cúrsa Fochéime Lánaimseartha  
Cúrsa Fochéime Páirtaimseartha    
Cúrsa Fochéime san AE nó sa RA    
Cúrsa Iarchéime* ✓   

An bhfuil mé Incháilithe? 

Le bheith incháilithe do dheontas, ní mór do mhic léinn na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Náisiúnacht agus Cónaitheacht

  • Ní mór duit a bheith i do náisiúnach Éireannach, AE, LEE, RA nó na hEilvéise, nó cead faoi leith a bheith agat fanacht sa Stát arna dheonú ag an Roinn Dlí agus Cirt.
  • Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn, san AE, LEE, RA nó san Eilvéis ar feadh 3 de na 5 bliana seo caite.

Cúrsa

  • Caithfidh tú a bheith ag freastal ar chúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe.
  • Caithfidh tú a bheith ag dul ar aghaidh le do chuid oideachais agus ag méadú do leibhéil ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ).

Ioncam

  • Caithfidh d’ioncam ináirithe, arna ríomh chun críocha deontais, titim faoi thairseacha sonracha.

Meastar iarratais maidir le hollioncam teaghlaigh ón mbliain roimhe sin.

Fiosraigh Táscaire Incháilitheachta SUSI le fáil amach an bhfuil tú incháilithe le haghaidh maoinithe.

Agus cuimhnigh, má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir, caithfidh tú athiarratas a dhéanamh gach bliain.

Uimhreacha a bhaineann le SUSI

An Bhliain Acadúil 2024/25 go dtí seo

Arrow
Arrow

13ú

Bliain Oibríochta

101,160

Líon na n-iarratas a fuarthas

81,001

Maoiniú bronnta ar Mhic Léinn

Arrow
Arrow