Iarratas ar Dheontas a Dhéanamh - Sealbhóirí Deontais Reatha

Iarratas ar Dheontas a Dhéanamh - Sealbhóirí Deontais Reatha

Iarratas a Dhéanamh ar Dheontas Mic Léinn don Bhliain 2024-25 (Sealbhóirí Deonta)

Má tá tú ag leanúint ar do chúrsa sa bhliain 2024/25, beidh ort d’iarratas a athnuachan ar líne chun a fháil amach an bhfuil tú i dteideal tuilleadh maoinithe a fháil don bhliain acadúil 2024/25. Beidh SUSI oscailte le haghaidh iarratas athnuachana ó 7 Márta 2024.

Ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir i ndiaidh an dáta oscailte agus roimh na spriocdhátaí tosaíochta, i.e. 6 Meitheamh 2024 le haghaidh iarratas athnuachana ar dheontais agus 11 Iúil 2024 le haghaidh iarratas nua.

Má tá deontas SUSI agat faoi láthair ach is amhlaidh go mbeidh tú ag tosú ar chúrsa nua nó ag athrú cúrsa an bhliain seo chugainn, beidh ort iarratas nua a dhéanamh ó 4 Aibreán 2024.

Féach thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Má tá tú ag leanúint ort agus ag dul ar aghaidh ar an gcúrsa céanna sa bhliain acadúil 2024/25, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chun deontas a athnuachan ó 7 Márta 2024. Is é 6 Meitheamh 2024 an spriocdháta chun iarratas athnuachana ar dheontas a dhéanamh.

Má tá tú ag déanamh bliain arís ar an gcúrsa céanna, ní bheidh tú i dteideal maoinithe a fháil mura bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist.

Má tá aon cheist agat agus tú ag déanamh d’iarratas athnuachana ar dheontas, féach ár dtreoir maidir le hiarratas athnuachana a dhéanamh.

Nuair a bheidh d’iarratas á phróiseáil againn, déanfaimid tagairt d’aon eolas a tugadh dúinn in iarratais a rinneadh roimhe seo, ach tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú go mbeidh tuilleadh fianaise doiciméadaí ag teastáil uainn.

Ba chóir duit iarratas nua ar dheontas a dhéanamh nuair a osclóidh SUSI le haghaidh iarratas nua ar 4 Aibreán más amhlaidh:

  • Go bhfuil do chúrsa críochnaithe agat, nó
  • Go mbeidh tú ag athrú do chúrsa nó do choláiste, nó
  • Go mbeidh tú ag tosú ar chúrsa nua, lena n-áirítear bliain fhorlíontach, sa bhliain acadúil 2024/25, nó
  • Gur chuir tú d’iarratas ar dheontas ar ceal, gur éirigh tú as do chúrsa, nó gur chuir tú siar do chuid staidéir sa bhliain 2023/24.

Agus má tá tú:

  • Ag dul ar aghaidh i d’oideachas chun cúrsa a dhéanamh atá ag leibhéal níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, agus
  • I dteideal deontas a fháil faoi réir na huastréimhsí a bhaineann le deontais.

Is é 11 Iúil 2024 an spriocdháta tosaíochta d’iarratais nua ar dheontais. Tabhair do d’aire – is éard a chiallaíonn “cúrsa nó an coláiste a athrú nó tosú ar chúrsa nua” ná dul ar aghaidh:

  • Ó chúrsaí iar-Ardteistiméireachta Leibhéal 5 go dtí Leibhéal 6, lena n-áirítear laistigh den chúrsa céanna,
  • Ó chúrsa iar-Ardteistiméireachta go dtí cúrsa ardoideachais,
  • Ó chúrsa fochéime leibhéal 6 nó 7 go dtí cúrsa “forlíontach” ag leibhéal 7 nó 8,
  • Ó chúrsa fochéime go dtí cúrsa fochéime eile,
  • Ó staidéir fhochéime to dtí staidéir iarchéime, lena n-áirítear laistigh den chúrsa céanna, agus
  • Ó chúrsa iarchéime go dtí cúrsa iarchéime eile.

Má tá ceist agat agus tú ag déanamh d’iarratas nua ar dheontas, féach ár treoir faoi iarratas nua a dhéanamh.

Seolfaidh SUSI ríomhphost chuig mic léinn a fuair deontas sa bhliain acadúil 2023/24 ina n-inseofar dóibh ar chóir dóibh iarratas nua a dhéanamh nó iarratas athnuachana, de réir ár dtaifead. Iarrfaidh SUSI ort iarratas nua a dhéanamh sna cúinsí seo a leanas:

  • tá an bhliain dheiridh de do chúrsa reatha críochnaithe agat agus tá tú ag tosú ar chúrsa nua in 2024/25, nó
  • tá an maoiniú do mhic léinn atá ar fáil duit, don leibhéal ina bhfuil tú anois, ídithe agat.

Má fhaigheann tú ríomhphost faoi iarratas nua ó SUSI ach tá tú ag leanúint ort agus ag dul aghaidh ar an gcúrsa céanna sa bhliain acadúil 2024/25, déan teagmháil linn tar éis 7 Márta 2024, le do thoil, chun iarratas athnuachana a shocrú.

D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfaighidh mic léinn fógra ríomhphoist uainn, mar shampla, más amhlaidh go bhfuil bhfuair said deontas 2023/24 i ndiaidh Feabhra 2023. Déan teagmháil linn ag support@susi.ie chun socrú a dhéanamh maidir le hiarratas athnuachana.

Fógraíodh roinnt bearta i mBuiséad 2024 a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an ráta deontais a bheidh tú incháilithe do i 2024/25

  1. Méadú ar an ráta deontais chothabhála. Ó Mheán Fómhair 2024 méadóidh na rátaí cothabhála neamhthadhlacha faoi €615 in aghaidh na bliana acadúla agus méadóidh na rátaí cothabhála tadhlacha faoi 10% in aghaidh na bliana acadúla.
  2. Gheobhaidh mic léinn iarchéime incháilithe a chomhlíonann na critéir incháilitheachta lena n-áirítear tairseacha ioncaim deontais chothabhála.
  3. Méadú ar an tairseach ioncaim do Chothabháil Banda 4 ó €46,790 go €50,840
  4. Méadú ar an tairseach ioncaim do Dheontas Ranníocaíochta Mic Léinn 100% ó €50,840 go €55,924.

Féach ar Buiséad 2024 le fáil amach an bhféadfadh na bearta seo difear a dhéanamh duit.

Má tháinig athrú ar an ioncaim teaghlaigh le linn 2023 go pointe go bhféadfadh sé cur isteach ar do ráta reatha deontais, ba cheart duit “Tá” a fhreagairt don cheist ar an bhfoirm iarratais ‘An bhfuil do shonraí teaghlaigh agus ioncaim tar éis athrú ó d’iarratas deireanach?

Ba cheart duit “Tá” a fhreagairt ar an gceist seo freisin mura bhfuil athrú tagtha ar d’ioncam le linn 2023 ach go gcreideann tú go bhféadfadh tionchar a bheith ar na bearta buiséid ar do ráta reatha deontais.

Nuair a bheimid oscailte chun glacadh le hiarratais, is féidir leat tosú ar iarratas trí logáil isteach i do thairseach mic léinn SUSI. Beidh gá le d’ainm úsáideora, do phasfhocal agus do chód UAP. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocail nó ar do chód UAP, lean na treoracha sna naisc ‘Tá dearmad déanta agam ar mo phasfhocal/mo chód UAP’ ar an leathanach logála isteach.

Logáil isteach

Má tá cuntas Fíoraithe MyGovID agat, bain úsáid as do MyGovID chun logáil isteach i do thairseach SUSI. Mura bhfuil cuntas Fíoraithe MyGovID agat agus má tá tuilleadh eolais uait, féach www.mygovid.ie.

Ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir i ndiaidh an dáta oscailte agus roimh na spriocdhátaí tosaíochta, i.e. 6 Meitheamh 2024 le haghaidh iarratas athnuachana ar dheontais agus 11 Iúil 2024 le haghaidh iarratas nua.

Roimh duit iarratas a dhéanamh, déan tagairt do na Nótaí Tábhachtacha d'Iarratasóirí ar Dheontais agus na Critéir Incháilitheachta SUSI, go háirithe an leathanach Oideachas agus Dun Chun Cinn Roimhe Seo.