Is é an sainmhíniú a thugtar ar thuras éigeantach allamuigh ná turas allamuigh atá mar chuid lárnach de chúrsa. Déantar an turas ar mhaithe le fíricí a aimsiú nó ar mhaithe le cuspóirí taighde, agus ní féidir leis an mac léinn céim a bhaint amach ná leanúint ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile dá chúrsa gan freastal ar an turas.
- Mic léinn atá incháilithe don deontas cothabhála
- Mic léinn a bhfuil liúntas acu chun Filleadh ar an Oideachas acu atá incháilithe do dheontas táille amháin
- Mic léinn theagaisc atá incháilithe do dheontas táillí faoi Scéim Deontais an Mhic Léinn na bliana reatha chun freastal ar chúrsa iarchéime faofa sa stát
- Mic léinn iarchéime a bhfuil Ráta Deontais Speisialta á fháil acu.
Braitheann an ráta atá iníoctha ar cibé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn costas na táille teagaisc móide ranníocaíocht an mhic léinn teorainn uasta na dtáillí atá cothrom le €6,270.
Mír Costais |
Sampla 1 |
Sampla 2 |
Costas an Táille Teagaisc |
€3,000 |
€4,500 |
Ranníocaíocht Mic Léinn |
€2,000 |
€2,000 |
Iomlán |
€5,000 |
€6,500 |
Uasteorainn Táille |
€6,270 |
€6,270 |
Uasmhéid fágtha le haghaidh Turais Allamuigh (Uasteorainn Táille lúide an tIomlán) |
€1,270 |
0 |
Costais réasúnacha iompair phoiblí agus chóiríochta tabhaithe agus costais chóiríochta a bhaineann go díreach leis an turas allamuigh.;
- Ní mór admhálacha a sholáthar lena n-áirítear cártaí bordála eitleáin amach agus isteach más cuí.
- Ní ghlactar le breosla cairr mar chostas incheadaithe.