Conas do Chinneadh Deontais a Athbhreithniú
Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais deontais, is féidir leat athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg bunaithe ar na pointí seo a leanas.
- Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach (an fad idir an coláiste/an teach)
- Athmheasúnú ar Ioncam Iomlán do Theaghlaigh (má bhraitheann tú go ndearnadh measúnú mícheart air seo)
- Ráta Deontais Speisialta
- Athrú ar Chúinsí mar thoarah ar:
Cailleadh Fostaíochta/Laghdú Buan ar Thuarastal
Scor
Scor Gnó (má tá tú féinfhostaithe)
Stádas Náisiúntachta nó Inimirce
Líon na gcleithiúnaithe linbh a chónaíonn sa teaghlach
Tá siblín i mbun cúrsa breisoideachais nó ardoideachais
Athrú Cúrsa
Tháinig athrú ar do ghnátháit chónaithe bhuan
Iarr Athbhreithniú
Más mian leat athbhreithniú a iarraidh ar do chinneadh deontais, lean na céimeanna thíos.
- Logáil isteach ar thairseach mic léinn.
- Roghnaigh ‘M’Iarrataí’ ón leathanach baile.
- Roghnaigh ‘Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas’.
- Roghnaigh bliain acadúil.
- Roghnaigh forais athbhreithnithe agus tabhair cur síos iomlán ar an gcúis le hathbhreithniú.
- Uaslódáil aon doiciméid a d’fhéadfadh a bheith agat chun tacú le d’iarratas ar athbhreithniú (trí chomhad ar a mhéad).
- Brúigh an cnaipe “Cuir Isteach” chun an t-iarratas a sheoladh chuig SUSI.
Gheobhaidh tú teachtaireacht ag dearbhú go bhfuil d'iarratas curtha isteach agus déanfar é a athbhreithniú in am trátha.
Má thagann athrú ar an gcinneadh bunaidh maidir le do dheontas ó d’athbhreithniú, cuirfear thú ar an eolas faoi seo agus déanfar na leasuithe cuí ar d’iarratas.
Mura dtagann aon athrú ar do chinneadh deontais bunaidh mar thoradh ar d’iarratas ar athbhreithniú, cuirfear é seo in iúl duit.