Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas
Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais deontais, is féidir leat an cinneadh a achomharc chuig SUSI bunaithe ar na pointí seo a leanas. Ní mór go mbeadh an t-achomharc faighte ag SUSI laistigh de 30 lá i ndiaidh do chinneadh deontais bhunaidh a eisiúint.
- Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach
- Athmheasúnú ar Ioncam Iomlán do Theaghlaigh (má bhraitheann tú go ndearnadh measúnú mícheart air seo)
- Ráta Speisialta
- Athrú ar Chúinsí mar thoradh ar:
Cailleadh Fostaíochta/Laghdú Buan ar Thuarastal
Scor
Scor Gnó (má tá tú féinfhostaithe)
Stádas Náisiúntachta nó Inimirce
Líon na gcleithiúnaithe linbh a chónaíonn sa teaghlach
Tá siblín i mbun cúrsa breisoideachais nó ardoideachais
Athrú Cúrsa
Tháinig athrú ar do ghnátháit chónaithe bhuan
Conas is féidir liom Achomharc a chur faoi bhráid SUSI?
Más mian leat achomharc a dhéanamh, lean na céimeanna thíos.
- Logáil isteach ar thairseach mic léinn.
- Roghnaigh ‘M’Iarrataí’ ón leathanach baile.
- Roghnaigh ‘Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas’.
- Roghnaigh bliain acadúil.
- Roghnaigh forais achomhairc agus tabhair cur síos iomlán ar an gcúis leis an achomharc.
- Uaslódáil aon doiciméid a d’fhéadfadh a bheith agat chun tacú le d’achomharc (trí chomhad ar a mhéad).
- Brúigh an cnaipe “Cuir Isteach” chun an t-iarratas a sheoladh chuig SUSI.
Gheobhaidh tú teachtaireacht ag dearbhú go bhfuil d'iarratas curtha isteach agus déanfar é a athbhreithniú in am trátha.
Tabharfaidh an tOifigeach Achomhairc fógra i scríbhinn duit faoin gcinneadh a dhéanfar ar d’achomharc laistigh de 30 lá.
Achomharc a Dhéanamh leis an mBord Achomhairc leith Deontais Mac Léinn (BADML)
Mura bhfuil tú sásta le toradh an achomhairc, is féidir leat achomharc a chur faoi bhráid Bhord Achomhairc na nDeontais do Mhic Léinn (BADML). Ní féidir an t-achomharc seo a dhéanamh ach nuair atá do chinneadh achomhairc faighte agat, i scríbhinn, ó Oifigeach Achomharc SUSI.
Cuirfear comhairle ort trí chinneadh i scríbhinn an Oifigigh Achomhairc maidir le conas achomharc a chur faoi bhráid BADML. Tá eolas maidir leis an bpróiseas seo le fáil ar a shuíomh gréasáin freisin.
Tugtar 60 lá don Bhord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn chun cinneadh a dhéanamh ar d’achomharc agus cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn ar a gcinneadh.
Déantar foráil san Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 go ndéanfaidh duine achomharc ar chinneadh an Bhoird Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn leis an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ar phointe sonraithe dlí.