Cad iad na Critéir Oideachais Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn?
Chun a bheith incháilithe do dheontas ní mór duit dul chun cinn a dhéanamh i do chuid oideachais trí fhreastal ar chúrsa ceadaithe:
- a leanann leibhéal níos airde de cháilíocht as ná aon cháilíocht atá bainte amach cheana féin agat. Mar shampla, má tá cáilíocht leibhéal 6 agat, caithfidh tú a bheith ag dul ar aghaidh chuig cúrsa leibhéal 7 nó níos airde;
- atá ar leibhéal níos airde ná aon chúrsa ar fhreastail tú air roimhe seo,
- ina bhfuil tú ag dul ar aghaidh i do chuid staidéir agus nach bhfuil aon chuid de chúrsa á athdhéanamh agat, seachas i gcúinsí eisceachtúla.
Níl tú incháilithe do dheontas má tá tú ag déanamh do chúrsa arís, seachas i gcúinsí eisceachtúla.
Mar sin féin, má d’fhreastail tú ar chúrsa breisoideachais nó ardoideachais roimhe seo ach gur fhág tú sular chríochnaigh tú, d’fhéadfá a bheith incháilithe do chuid den deontas mac léinn comh luath is a mbeidh tréimhse staidéir choibhéiseach críochnaithe agat.
Sampla: Rinne tú 3 mhí de chúrsa lánaimseartha leibhéal 7 roimhe seo. Tá iarratas á dhéanamh agat anois ar dheontas do chúrsa lánaimseartha eile ar leibhéal 7. Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, ní bheidh tú incháilithe ach do 6 íocaíocht chothabhála in ionad na 9 n-íocaíocht chothabhálaiomlána agus beidh ort tréimhse staidéir choibhéiseach 3 mhí a chríochnú sular féidir leat do chéad íocaíocht chothabhála a fháil.
D’fhéadfaí tú a mheas i dteideal maoinithe mar mhac léinn dara seans más mac léinn aibí tú agus:
- d’fhreastail tú ar chúrsa roimhe seo ach níor chríochnaigh tú cúrsa,
- ghlac tú sos trí bliana ó staidéar a dhéanamh ó d’fhág tú an cúrsa sin, agus
- ag filleadh ar fhreastal ar chúrsa ceadaithe ag leibhéal PLC, fochéime nó iarchéime
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ndéanann staidéar ag leibhéal faoi bhun leibhéal fochéime, laistigh den tréimhse trí bliana, difear do cháilitheacht mac léinn le bheith san áireamh mar “mhac léinn dara seans”.
Tá na tréimhsí uasta maoinithe deontais atá ar fáil duit ag gach leibhéal staidéir leagtha amach sa tábla thíos.
Breisoideachas/Ardoideachas |
Leibhéal |
Cáilíocht |
Uastréimhsí Maoinithe Deontais |
Breisoideachas |
IAT Leibhéal 5 |
Teastas |
- Maoiniú 3 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal IAT |
Breisoideachas |
IAT Leibhéal 6 |
Sainteastas |
|
Ardoideachas |
Leibhéal 6 Fochéime |
Ardteastas |
- Maoiniú 2 bhliana ar a mhéad ag leibhéal 6 Fochéime - Maoiniú 3 bliana ar a mhéad ag leibhéal 7 Fochéime - Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal 6 & 7 Fochéime - Maoiniú 4 bliana ar a mhéad ag leibhéal 8 Fochéime (ach amháin i gcás go bhfuil gnáthfhad an chúrsa níos faide ná 4 bliana) |
Ardoideachas |
Leibhéal 7 Fochéime |
Gnáthchéim Bhaitsiléara |
|
Ardoideachas |
Leibhéal 8 Fochéime |
Céim Onóracha Bhaitsiléara |
|
Ardoideachas |
Leibhéal 8 Iarchéime |
Ard-Dioplóma |
- Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal Iarchéime Cuirtear aon fhreastal nó gnóthachtáil ag leibhéal Iarchéime san áireamh, is cuma cé acu an bhfuarthas nó nach bhfuarthas deontas roimhe seo. |
Ardoideachas |
Leibhéal 9 Iarchéime |
Dioplóma |
|
Ardoideachas |
Leibhéal 9 |
Céim Mháistreachta |
|
Ardoideachas |
Leibhéal 10 |
Dochtúireacht |
Tá na tréimhsí uasta maoinithe deontais atá ar fáil duit ag gach leibhéal staidéir leagtha amach sa tábla thíos.
Leibhéal |
Cáilíocht |
Uastréimhsí de Mhaoiniú Deontais |
Leibhéal Fochéime 6 |
Ardteastas |
4 bliana ar a mhéad nó 120 creidiúint, cíbe acu is túisce a bhaintear amach ag leibhéal fochéime 6 |
Leibhéal Fochéime 7 |
Gnáthchéim Baitsiléara |
6 bliana ar a mhéad nó 180 creidiúint, cíbe acu is túisce a bhaintear amach ag leibhéal fochéime 7 |
Leibhéal Fochéime 6 & 7 Comhcheangailte |
Gnáthchéim Baitsiléara |
8 mbliana ar a mhéad nó 240 creidiúint, cíbe acu is túisce a bhaintear amach san iomlán ag leibhéal fochéime 6 & 7 |
Leibhéal Fochéime 6 & 7 Comhcheangailte |
Gnáthchéim Baitsiléara |
8 mbliana ar a mhéad nó 240 creidiúint, cíbe acu is túisce a bhaintear amach san iomlán ag leibhéal fochéime 6 & 7 |
Leibhéal Fochéime 8 |
Céim Onóracha Baitsiléara |
8 mbliana ar a mhéad nó 240 creidiúint, cíbe acu is túisce a bhaintear amach ag leibhéal fochéime 8 (ach amháin nuair is faide gnáthfhad an chúrsa) |