Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos

Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos

Ioncam ó Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos 

Cuirtear ioncam ó fhéinfhostaíocht, ó fheirmeoireacht nó ó chíos san áireamh agus ioncam ináirithe iomlán an teaghlaigh á ríomh. 

B’fhéidir go n-iarrfar ort doiciméid a dheimhníonn d’ioncam féinfhostaíochta, feirmeoireachta nó cíosa a chur ar fáil.

Féadfar na nithe seo a leanas a iarraidh:

  • Ríomh Táscach na gCoimisinéirí Ioncaim ar a bhunaigh tú d’fhéinmheasúnú; agus
  • Sraith iomlán de chuntais trádála do 12 mhí dar críoch an bhliain 2023, do gach ioncam trádála, feirmeoireachta, nó cíosa atá liostaithe faoi Sceideal D ar Ríomh Táscach na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áireofar an méid seo a leanas:

Cuntas Brabúis agus Caillteanais Trádála

Cuntas Caipitil

Clár Comhardaithe

Ríomh Coigeartaithe Brabúis

Foirm 11 

Má tá d’ioncam íseal, b’fhéidir nach gá duit cuntas caipitil agus clár comhardaithe a choimeád. Sa chás sin, ní gá duit ach Cuntas Brabúis agus Caillteanais/ Ioncaim agus Caiteachais agus Ríomh Táscach na gCoimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má shonraíonn do Ríomh Táscach Coimisinéirí Ioncaim figiúr ioncam trádála de ’0’, d’fhéadfadh go mbeadh cóip de do chuntais trádála fós ag teastáil uainn chun críocha fíoraithe

Faoiseamh Stoic Feirmeoireachta

Tugtar neamhaird ar aon choigeartú ioncam cánach d’fhaoiseamh stoic feirme.

Meanú Ioncaim Feirmeoireachta

Ligeann na Coimisinéirí Ioncaim do mheanú cuntais feirmeoireachta thar thréimhse cúig bliana. Ní mheasann SUSI, áfach, ach an t-ioncam a tuilleadh sa bhliain 2023. Dá bhrí sin, teastaíonn cuntais 12 mhí dar críoch an bhliain 2023 uainn.

Agus an t-ioncam ináirithe ó fhéinfhostaíocht, feirmeoireacht nó ó chíos á ríomh, úsáideann SUSI an glanbhrabús nó an glanchaillteanas mar a tógadh ón gcuntas brabúis agus caillteanais.

Ní cheadaítear asbhaintí áirithe a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha measúnaithe deontais. Cuirtear na hasbhaintí seo ar ais leis an nglanbhrabús nó an glanchaillteanas agus áirítear leo an méid seo a leanas:

  • Dímheas
  • Ús ar iasachtaíocht a mhaoiníonn sócmhainní seasta an ghnó nó caiteachas pearsanta an dilseánaigh; agus
  • Íocaíochtaí léasa airgeadais;
  • Luach saothair maidir le;

Pá nó íocaíochtaí a dhéantar gan na rialacháin ÍMAT agus ÁSPC, nó rialacháin chomhionanna (pá ócáideach) a chur i bhfeidhm;

Pá nó íocaíochtaí le leanaí cleithiúnacha;

Pá nó íocaíochtaí le leanaí neamhchleithiúnacha nuair a bhíonn an íocaíocht níos airde ná an gnás as obair a dhéantar; agus

  • Táillí caitheachais phearsanta in aghaidh an ioncaim ghnó.

Sampla de chaiteachas pearsanta is ea úsáid phearsanta ar chostais mhótair, solas agus teas agus teileafón.

Má scorann tú de bheith ag trádáil, is féidir leat a iarraidh go ndéanfaí measúnú/athmheasúnú ar d’iarratas faoi athrú ar chúinsí.

Féadfar fianaise i bhfoirm deimhnithe na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil an gnó tar éis éirí as a bheith ag trádáil nó go bhfuil sé díchláraithe do CBL a iarraidh.

Ní féidir breithniú a dhéanamh ach ar scor de thrádáil mar athrú ar chúinsí toisc go bhfuil ioncam féinfhostaíochta, feirmeoireachta agus cíosa athraitheach agus dá réir sin, ní mheastar gur athrú buan é laghdú ar a leithéid.