Cén tionchar a bhíonn ag ioncam ar m’incháilitheacht ar dheontas?
Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór d’ioncam iomlán inríofa teaghlaigh titim faoi thairseacha ioncaim ar leith.
Is é d’aicme iarratasóra a dheimhníonn cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Tá trí chinn d’aicme iarratasóra ann:
- Mhac Léinn Cleithiúnach
- Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí
- Mac Léinn Neamhspleách
Aicme an Iarratasóra |
Cur Síos |
Ioncam atá le Measúnú |
Mhac Léinn Cleithiúnach |
Níos óige ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair |
|
Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí |
Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus tú fós i do chónaí le do thuismitheoirí/do chaomhnóra |
|
Mac Léinn Neamhspleách |
Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus a chónaíonn tú go neamhspleách ó Dheireadh Fómhair sa bhliain roimh do chéad phointe iontrála/athiontrála chuig breisoideachas nó ardoideachas |
|
Tá an ríomh ioncaim bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don bhliain féilire roimhe sin, ar a dtugtar an tréimhse thagartha.
Mar shampla, déantar na hiarratais 2024/25 a mheasúnú bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don tréimhse 1 Eanáir 2023 go dtí 31 Nollaig 2023.
Áirítear san ollioncam an t-ioncam atá ann sula mbaintear cáin, agus ioncam ar a gcuirtear síos air mar saor ó cháin, cáin íoctha, ioncam nach dlitear aon cháin air, nó díolmhaithe ó cháin.
Nuair atáthar ag ríomh an bhfuil tú incháilithe le haghaidh deontais, féachann SUSI ar d’ioncam inríofa. Is éard atá i gceist le hioncam inríofa ná sciar de d’ollioncam, agus úsáidtear é chun a dheimhniú an bhfuil tú incháilithe chun maoiniú a fháil ó SUSI agus más amhlaidh go bhfuil tú, cad é an sórt maoinithe a bheadh i gceist.
Nuair atá d’iarratas á dhéanamh agat, beidh ort gach ceist i Mír F den fhoirm iarratas a chomhlanú. Baineann gach ceist sa mhír seo le hioncam.
Mura bhfuil tú cinnte cé acu ar cheart nó nár cheart ioncam áirithe a chur san áireamh i d’iarratas, ba chóir duit sonraí faoin ioncam sin a sholáthar san fhoirm iarratais.
D’fhéadfadh go bhfaigheadh SUSI sonraí ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar chúnamh le measúnú agus próiseáil d’iarratais ar dheontas. Tar éis don mheasúnú tosaigh ar d’iarratas a bheith tugtha chun críche, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort fianaise i leith d’ioncaim dhearbhaithe a sheoladh chuig SUSI i bhfoirm cáipéisí.
Nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais, áireofar an t-ioncam go léir atá ann laistigh agus taobh amuigh den Stát, lena n-áirítear an t-ioncam faoi na ceannteidil a leanas, agus d’fhéadfaí tuilleadh a bheith ann freisin:
- Ioncam ó fhostaíocht sochair chomhchineáil agus stiúrthóireachtaí san áireamh
- Íocaíochtaí leasa shóisialaigh lena n-áirítear an pinsean stáit leasa shóisialaigh
- Íocaíochtaí ó ranna rialtais nó gníomhaireachtaí stáit eile
- Féinfhostaíocht nó feirmeoireacht
- Ioncam cíosa nó ioncam eile ó thalamh nó réadmhaoin
- Ioncam ó phinsin
- Ioncam ó choigilteas, chuntais taisce agus infheistíochtaí
- Ioncam ó shocruithe cothaithe
- Íocaíochtaí cnapshuime ó scor agus iomarcaíocht
- Ioncam ó shócmhainní nó cearta a dhiúscairt
- Bronntanais agus oidhreacht
- Ioncam ó fhoinsí eile nach luaitear thuas
- Íocaíocht Aitheantais Iostais
- Liúntas Iarchúraim
- Sparánacht Fhoras Sláinte Adelaide - Aibí
- Liúntas Cothabhála Uchtála
- Scéim Scoláireachta Uile-Éireann
- Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair
- Pinsean na ndall (má íoctar leis an iarratasóir é)
- Seirbhísí Tacaíochta Caranua
- Liúntas Cúramóra
- Deontas Tacaíocht Cúramóra (sa chás go n-íoctar é faighteoirí an Liúntas Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile)
- Sochar Linbh
- Sparánacht Oideachais um Leas Pobail d’Ospidéal Nua na Leanaí
- Cúiteamh as gortú pearsanta
- Costas an Liúntas Oideachais
- Deontas Éigeandála Aon Uaire COVID-19,
- Scéim Sparánachtaí Tríú Leibhéal na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Íocaíocht Forálacha Sealadacha - An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (dá dtagraítear go minic mar an íocaíocht bhónas na Nollag)
- Íocaíochaí costais mhaireachtála na Roinne Coimirce Sóisialaí
- Liúntas Míchumais (má íoctar leis an iarratasóir é)
- Aisíocaíochtaí Muirir Uisce Tí
- Liúntas Cúram Baile
- Maoiniú Cuntas Díomhaoin do Rannpháirtíocht an Luch Siúil san Ardoicheachas
- Íocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúla
- Liúntas Cúram Altrama
- Liúntas Brseola
- Deontas Tréimhse Foghlama Gaeltachta
- Íocaíocht Caomhnóra
- Pacáiste Sochair Teaghlaigh
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Liúntas Maireachtáil Neamhspleách do Dhaoine Óga faoi Chúram Cónaithe
- Aistriú Liúntas Cuardaitheora Poist (má íoctar leis an iarratasóir é)
- Ciste Scoláireachta Kickstart
- Liúntas Maireachtála Aonair,
- Liúntas Luaineachta (má íoctar leis an iarratasóir é)
- Forlíonadh Ús Morgáiste
- Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora (Tástáilte ó thaobh acmhainne) (má íoctar leis an iarratasóir é)
- Deontas Socrúchain Paindéime
- Íocaíocht Aitheantas Speisialta Paindéime
- Scéim Cóiríochta Cíosa
- Forlíonadh Cíosa
- Ciste Cúnaimh Mhic Léinn
- Deontas Mac léinn
- Deontas Mac léinn An Ghníomhaireacht un Leanaí agus an Teaghlach – NTRIS An Scéim Tacaíochta Fostaíochta
- Tusla - Tacaíocht Oideachasúil do Leanaí Faoi Chúram agus Sparánacht Iarchúraim
- Scoláireacht Chothrom na Féinne UCD
- Ollscoil - Sparánacht Ardoideachais d'Fhoghlaimeoirí Fásta
- Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
- Iocaíocht do Theaghlaigh i bhfostaíocht/Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
- Scéim Íocaíochta na bhForas Máthair agus Leanbh - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
- Tusla - Sparánacht d'Oibrithe Cúraim Shóisialaigh - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
- Scoláireacht Tithíochta an Chomharchumainn - tagann neamhaird ioncaim i bhfeidhm sa bliain acadúil 24/25
Tuilleamh Saoire - Mic Léinn Lántaimseartha
Má d’oibrigh tú agus má rinne tú staidéar anuraidh, féadfaidh SUSI cuid de d’ioncam a tuilleadh lasmuigh d’am téarma a asbhaint chun do ráta deontais a fheabhsú.
- Don bhliain acadúil 24/25, is í an asbhaint uasta ná €7,925.
- Tugtar Tuilleamh Saoire air, agus bainfidh an asbhaint seo le hioncam a thuilltear le linn laethanta saoire na Cásca, an tSamhraidh agus na Nollag.
- Is féidir leat Tuilleamh Saoire a dhearbhú ar d’fhoirm iarratais SUSI agus má fheabhsaíonn sé seo do ráta deontais iarrfaimid doiciméid tacaíochta uait
Tuilleamh Mac Léinn – Mic Léinn Páirtaimseartha
Más cúrsa fochéime páirtaimseartha ceadaithe é do chúrsa agus gur oibrigh tú anuraidh, is féidir le SUSI roinnt de d’ioncam a asbhaint má tá tú incháilithe le haghaidh maoinithe mar thoradh air.
- Don bhliain acadúil 24/25, is í an asbhaint uasta ná €7,925.
Leanaí Cleithiúnacha
- Tagraíonn leanaí cleithiúnacha do líon na bpáistí eile sa teach atá spleách ar an iarratasóir agus/nó ar a dtuismitheoir(í)/gcaomhnóir(í), ar a gcéile, ar a bpáirtí sibhialta nó ar a gcomhchónaitheoir. Téann na tairseacha ioncaim inríofa i méid bunaithe ar líon na bpáistí cleithiúnacha.
Daoine Ábhartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas
- Sainítear duine ábhartha mar dhuine eile, laistigh den teaghlach, atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas ag an am céanna is atá an t-iarratasóir ag freastail ar chúrsa. Is féidir na tairseacha ioncaim inríofa a choigeartú chun daoine ábhartha a chur san áireamh.
Tuilleadh asbhaintí ar féidir a dhéanamh, mar seo a leanas:
- (a) i ndáil le hioncam ón bhfostaíocht, costais a bhaineann leis an bhfostaíocht mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- (b) íocaíochtaí cothabhála a dhéantar le céile scartha faoi shocrú ar féidir é a chur i bhfeidhm de réir dlí, mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- (c) ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin agus pinsin nó táirgí scoir, íoctha sa tréimhse thagartha amháin, laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- (d) íocaíochtaí ragoibre a tuilleadh sa tréimhse ábhartha nach íocaíochtaí tréimhsiúla iad.
- (e) speansais a éilítear faoin Scéim Taistil agus Cóiríochta do mhic léinn altraí agus cnáimhseach ar shocrúcháin éigeantacha, breis-uimhriúla de chleachtas cliniciúil, chomh maith leis an liúntas béile de €500 iníoctha le mic léinn altranais agus cnáimhseachais bhreise i mblianta 1 go 3 dá gcúrsa.
- (f) ioncam suas go huasmhéid €14,000 i leith Faoiseamh Seomra ar Cíos, a tuilleadh sa tréimhse tagartha amháin agus arna dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.
D’fhéadfadh go mbeimis in ann méideanna na n-íocaíochtaí thuas a dhearbhú go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim thar do cheann, ach iarrfaimid fianaise dhoiciméadach uaitse más gá, mar shampla, duillíní pá nó litir ó d’fhostóir.
Más cúrsa lánaimseartha é do chúrsa agus gur oibrigh tú agus má rinne tú staidéar air anuraidh, féadfaidh SUSI cuid de d’ioncam a tuilleadh lasmuigh d’am téarma a asbhaint chun do ráta deontais a fheabhsú.
- Don bhliain acadúil 24/25, is í an asbhaint uasta ná €7,925.
- Tugtar Tuilleamh Saoire air, agus bainfidh an asbhaint seo le hioncam a thuilltear le linn laethanta saoire na Cásca, an tSamhraidh agus na Nollag.
- Is féidir leat Tuilleamh Saoire a dhearbhú ar d’fhoirm iarratais SUSI agus má fheabhsaíonn sé seo do ráta deontais iarrfaimid doiciméid tacaíochta uait.
Tairseach Ioncaim agus Rátaí Bronnta Deontais le haghaidh Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais d’Fhochéimithe
Tairseacha Ioncaim Fochéime Páirtaimseartha agus Rátaí Dámhachtana
Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn atá i mbun Staidéir lasmuigh den Stát
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn Iarchéime