Faofa Iarchéime Cúrsaí agus Institiúidí Bliain Acadúil 2024/25
Tá cistiú deontais ar fáil do mhic léinn chun tabhairt faoi chúrsaí faofa Iarchéime in institiúidí faofa laistigh den Stát agus i gceithre institiúid i dTuaisceart Éireann.
D’fhonn go meastar gur cúrsa faofa iarchéime laistigh den Stát é, ní mór don chúrsa na critéir a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór d’institiúid fhaofa é a sholáthar, agus
- ní mór gur cúrsa lánaimseartha é a mhaireann bliain amháin, ar a laghad, agus
- ní mór go n-eascraíonn dámhachtain mhór oideachais agus oiliúna as, ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (nfq.ie) ar Leibhéal 8 (Ard-Dioplóma), Leibhéal 9 (Dioplóma Iarchéime), Leibhéal 9 (Máistreacht) nó Leibhéal 10 (Dochtúireacht).
Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ollscoil Mhá Nuad – Éire
Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan
Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD)
Ollscoil na hÉireann, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Ollscoil na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Theicneolaíochta, Baile Atha Cliath
Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár na Tíre agus an Lár-Iarthair
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Ollscoil Luimnigh
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha
Coláiste Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath (NCI)
Institiúid Oideachais Marino
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Tá maoiniú deontais ar fáil do mhic léinn chun tabhairt faoi chúrsaí Iarchéime faofa i gceithre hinstitiúid fhaofa i dTuaisceart na hÉireann.
Is iad seo a leanas na hinstitiúidí faofa sin agus na cúrsaí faofa atá ar fáil iontu:
- Ollscoil na Banríona, Béal Feirste – cúrsaí Iarchéime lánaimseartha a mhaireann bliain ar a laghad
- Ollscoil Uladh – cúrsaí Iarchéime lánaimseartha a mhaireann bliain ar a laghad
- Coláiste (Oideachais) Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste – Teastas Iarchéime san Oideachas (trí Ghaeilge)
- Coláiste an tSrutháin Mhilis, Béal Feirste – Teastas Iarchéime san Oideachas