Mic Léinn Iar-Ardteistiméireachta – Institiúidí agus Cúrsaí Faofa Bliain Acadúil 2024/25
Níl Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ar fáil ach laistigh den Stát agus níl a mhacasamhail de chúrsaí a leanann bronntaí breisoideachais astu lasmuigh den Stát incháilithe do chúnamh deontas mac léinn.
Má tá suim agat cúrsa Iar-Ardteistiméireachta a dhéanamh d’fhéadfá a bheith i dteideal deontas cothaithe. Níl an deontas táillí ar fáil do chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta.
Déanann SOLAS, an tÚdarás Breisoideachais agus Oiliúna (www.solas.ie) an liosta cúrsaí faofa Iar-Ardteistiméireachta a dheimhniú, agus comhlíonann na cúrsaí seo na critéir a leanas:
- soláthraíonn ionad amháin as 170 ionad IAT iad, agus
- cúrsaí lánaimseartha iad agus glacann siad ar a laghad bliain amháin lena gcríochnú, agus
- leanann dámhachtain mhór oideachais agus oiliúna ar Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (nfq.ie) nó a chomhionann astu.
Ionaid PLC ceadaithe ag Contae