Institiúidí Fochéime Faofa agus Cúrsaí Lánaimseartha Faofa Bliain Acadúil 2024/25
Tá cúrsaí fochéime faofa ar fáil ag:
- Leibhéal 6 Ardteastas
- Leibhéal 7 Gnáthchéim Bhaitsiléara
- Leibhéal 8 Céim Onóracha Baitsiléara
Le bheith incháilithe do mhaoiniú ag leibhéal fochéime, ní mór don chúrsa atá á dhéanamh agat:
- a bheith ina chúrsa lánaimseartha
- mórdhámhachtain oideachais a bheith mar thoradh air i gcomhréir leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC)
- a chur ar fáil in ollscoil, in Institiúid Teicneolaíochta (IT) nó in institiúid oideachais eile
Cúrsaí Fochéime Faofa
Anseo thíos tá liosta de na cúrsaí faofa fochéime, a chuirtear ar fáil trí phróiseas iarratais an LOI.
Más cúrsa lánaimseartha é an cúrsa atá beartaithe agat agus in institiúid phoiblí cheadaithe ach nach bhfuil sé liostaithe thíos féadann tú iarratas a chur isteach fós agus cinnfear incháilitheacht do chúrsa.
- Ollscoileanna
- Institiúidí Teicneolaíochta
- Institiúidí Ardoideachais Eile
- Cúrsaí Forordaithe in Institiúidí Ardoideachais eile
Níl cúrsaí sna hinstitiúidí seo a leanas a thairgtear tríd an CAO incháilithe do mhaoiniú.
Cód na hInstitiúide | Ainm na hInstitiúide |
AC | An Coláiste Meiriceánach |
CI | Coláiste na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Feidhmeacha, Éire |
CT | An Coláiste Teicneolaíochta Ríomhaireachta |
D8 | Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath |
DS | Coláiste Dorset |
CG | Scoil Ghnó na Gaillimhe |
GC | Coláiste Uí Ghríofa |
ID | Scoil Ghnó ICD |
PI | Institiúid Portobello |
Cúrsaí Iontrála Dírí
I dtaobh cúrsaí Fochéime faoi réir iarratas iontrála dírí isteach chuig institiúid fhaofa, ní mór dóibh na critéir a leanas a chomhlíonadh:
Ollscoileanna/Institiúidí Teicneolaíochta/Institiúidí Ardoideachais Eile
- Ní mór gur cúrsa lánaimseartha atá sa chúrsa, agus
- Ní mór nach nglacfaidh sé níos lú ná dhá bhliain lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 6 (Ardteastas), Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsiléara) nó Leibhéal 8 (Céim Bhaitsiléara Onóracha) ar an gCreat Náisinta Cáilíochtaí (CNC), nó
- Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsileára) ar an CNC, nó
- Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin, ar a laghad, lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 8 (Gnáthchéim Bhaitsileára) ar an CNC, nó
- Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 6 (Ardteastas) ar an CNC (Institiúidí Teicneolaíochta amháin), nó
- Ní mór gur ‘Clár Luathaithe Teicneora’ atá ann a ghlacann ocht mí dhéag lena chríochnú (Institiúidí Teicneolaíochta amháin).