Cad iad na Critéir Náisiúntachta?
Chun a bheith incháilithe do dheontas, ní mór duit:
- a bheith i do náisiúnach Éireannach, AE, LEE, RA nó Eilvéiseach
- nó ceann amháin de na stádas inimirce seo a leanas a bheith agat nó cead fanachta ón Roinn Dlí agus Cirt.
- Dídeanaí nó duine eile atá i dteideal na gceart agus na bpribhléidí a shonraítear in alt 3 d’Acht na nDídeanaithe, 1996, de thuras na huaire, duine san áireamh a ndeonaítear dó nó di:
- cead chun an Stát a iontráil agus fanacht sa Stát mar dhídeanaí cláir faoi alt 24 den Acht sin, nó
- cead chun an Stát a iontráil agus cónaí sa Stát mar dhuine muinteartha le dídeanaí faoi alt 18 den Acht sin.
- Duine, de bhun an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015:
- a dtugtar dearbhú dídeanaí dó nó di faoi alt 47(1) den Acht sin, nó
- dídeanaí cláir faoi alt 59 den Acht sin.
- Duine, de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Incháilitheacht le haghaidh Cosanta), 2006 (I.R. Uimh. 518 de 2006) –
- ar chinn an tAire Dlí agus Cirt ina leith go bhfuil sé nó sí cáilithe de thuras na huaire le haghaidh cosaint choimhdeach de bhun Rialachán 4 de na Rialacháin sin, nó
- dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt cead de thuras na huaire i scríbhinn chun an Stát a iontráil agus cónaí ann de bhun Rialachán 16 de na Rialacháin sin.
- Duine, de bhun Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cosaint Fhoghabhálach), 2013 (I.R. Uimh. 426 de 2013)-
- ar duine é atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus a bhfuil dearbhú cosanta coimhdí i bhfeidhm ina leith agus ar deonaíodh cead cónaithe dó laistigh den Stát de bhun na Rialachán sin; nó
- dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun an Stát a iontráil agus cónaí ann de bhun Rialachán 25 de na Rialacháin sin; nó
- dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun cónaí sa Stát de bhun Rialachán 26 de na Rialacháin sin.
- Duine a dtugtar dearbhú um chosaint choimhdeach dó nó di faoi alt 47(4) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015.
- Duine ar duine muinteartha é/í le duine ar náisiúnach é:
- de Bhallstát de chuid an AE,
- de stát, ar stát conarthach é i gComhaontú an LEE
- de Chónaidhm na hEilvéise,
agus a bhfuil cead aige fanacht sa Stát mar dhuine muinteartha leis an duine sin faoi fhorálacha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine), 2006 agus 2008 agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004.
Duine a bhfuil cead aige chun fanacht sa Stát
- de bhua dó nó di a bheith pósta le náisiúnach Éireannach a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó
- mar leanbh cleithiúnach le duine a bhfuil cead aige fanacht sa Stát de bhua pósadh le náisiúnach Éireannach a chónaíonn sa Stát nó de bhua páirtnéireachta sibhialta le náisiúnach Éireannach.
Duine ar dheonaigh tAire Dlí agus Cirt cead daonnúil dó nó di chun fanacht sa Stát faoi aon achtú atá i bhfeidhm de thuras na huaire.
Duine a bhfuil cead tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ina leith fanacht i ndiaidh cinneadh a bheith déanta gan ordú díbeartha a dhéanamh faoi alt 3 den Acht Inimirce 1999.
Duine a bhfuil cead aige / aici fanacht sa Stát mar leanbh cleithiúnach le duine a bhfuil Saoránacht Éireannach faighte aige nó aici mar gheall ar eadóirsiú, agus a chónaíonn sa Stát.
Leanbh le náisiúnach Turcach dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt cead chun cónaí laistigh den Stát, de réir Airteagal 9 de Chinneadh 1/80 ón gComhairle Comhlachais a rinneadh de bhun Chomhaontú Ankara 1963, agus atá ina c(h)ónaí lena t(h)uismitheoirí, atá nó a bhí fostaithe go dlíthiúil sa Stát agus atá in ann na coinníollacha a bhaineann le fostaíocht a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 de Chinneadh 1/80 a chomhlíonadh.
Duine ar deonaíodh cead dó nó di chun cónaí sa Stát faoi alt 49 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015.
Duine ar dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt cead cónaithe dó/di de réir na Scéime Tabhartha chun Rialtachta um Chosaint Idirnáisiúnta, a bhfuil cead fós bailí ina leith.