Céard iad na Deontais atá ar fáil?
Seo a leanas na cineálacha deontas mic léinn atá ar fáil:
- Deontais chothabhála
- Deontais táillí
Deontais Chothabhála
Cabhraíonn deontais chothabhála le mic léinn íoc as costais mhaireachtála agus íoctar an deontas seo i gcuntas bainc an mhic léinn.
Deontais Táillí
Íocann deontais táillí iad táillí teagaisc do mhic léinn nach bhfuil cáilithe do Scéim na dTáillí in Aisce. Chomh maith leis sin, íocann deontais táillí Ranníocaíocht an Mhic Léinn agus costas turas allamuigh éigeantach.
Tá Deontais Mic Léinn ar fáil do mhic léinn ar spéis leo cúrsaí staidéir a dhéanamh ag leibhéal PLC, fochéime agus iarchéime.
Tá eolas le fáil sa tábla thíos maidir leis na cineálacha deontas atá ar fáil ag gach leibhéal.
Cineál Cúrsa | Deontas Cothabhála | Ranníocaíocht Mac Léinn agus/nó Táillí | Táillí Iarchéime |
Cúrsa PLC | ✓ | ||
Cúrsa Fochéime Lánaimseartha | ✓ | ✓ | |
Cúrsa Fochéime Páirtaimseartha | ✓ | ||
Cúrsa Fochéime san AE nó sa RA | ✓ | ||
Cúrsa Iarchéime* | ✓ | ✓ |
*Tá maoiniú ar fáil chun tabhairt faoi chúrsaí iarchéime laistigh den Stát agus i gceithre institiúid fhaofa i dTuaisceart Éireann.
Tairseach Ioncaim agus Rátaí Bronnta Deontais le haghaidh Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais d’Fhochéimithe
Tairseacha ioncaim páirtaimseartha agus rátaí dámhachtana deontais
Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn atá i mbun Staidéir lasmuigh den Stát
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn Iarchéime