Conas Iarratas a Dhéanamh
Iarratas a Dhéanamh
Tá an córas iarratais ar líne don bhliain acadúil 2024/25 dúnta anois.Osclófar iarratais don bhliain acadúil 2025/26 san Earrach 2025
Conas Iarratas Déanach a Dhéanamh-
Sula ndéanfaidh tú Iarratas
Fiosraigh na critéir incháilitheacha
Faigh léiriú ar d’incháilitheacht lenár dTascaire Incháilitheachta.
Féach cad iad na deontais atá ar fáil.
-
Cruthaigh do chuntas i do Tairseach Mac Léinn SUSI
Sula dtosaíonn tú ar d’iarratas, ní mór duit cuntas a chruthú i do thairseach mac léinn SUSI.
Iarrfar na rudaí seo a leanas ort:
Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
Ainm
Dáta breithe
Seoladh r-phoist
Uimhir Fóin
-
Cuir Isteach d’Iarratas
Seiceáil amach ár Treoir Foirme Iarratais.
Comhlánaigh an fhoirm. Cinntigh go gcuireann tú eolas iomlán cruinn ar fáil, go háirithe maidir le dáta breithe agus UPSPanna. Cuirfidh eolas mícheart moill ar phróiseáil d’iarratais.
Cuir isteach d’iarratas.
-
Cuir ar ais Doiciméid a Iarrtar
B’fhéidir go n-iarrfar ort doiciméid a sheoladh chugainn chun d’iarratas a chomhlánú.
Gheobhaidh tú litir le seicliosta ina sonraítear na doiciméid a iarrtar. Míneoidh ár dTreoirlínte Doiciméid na doiciméid a nglactar leo.
Bí cinnte na doiciméid a chur ar ais chomh luath agus is féidir
-
Faigh do Chinneadh Deontais
Féadfar d’iarratas a bheith:
Bronnta
Eisítear litir bhronnta chugat ag tairiscint deontais duit agus ag leagan béime ar na céimeanna breise a chaithfidh tú a ghlacadh sular féidir do dheontas a íoc.
Diúltaithe
Eisítear litir dhiúltaithe chugat. Leagfaidh an litir seo béim freisin ar na céimeanna breise is féidir leat a ghlacadh más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do chinneadh deontais nó achomharc a dhéanamh ina leith.
Leideanna d'iarratasóirí
- Déan d’iarratas a luaithe agus is féidir i ndiaidh an dáta oscailte.
- Cinntigh go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn tú maidir le dátaí breithe, uimhreacha PSP srl. ceart d’fhonn moilleanna ar phróiseáil d’iarratais a sheachaint.
- Faigh amach cén aicme iarratasóra lena mbaineann tú– Iarratasóir Cleithiúnach, Cleithiúnach Aibí, nó Neamhspleách.
- Tá sé tábhachtach go gcuirfeá ar fáil do SUSI na cáipéisí uile a iarraimid ort, agus go gcuirfeá ar fáil i gceart an chéad uair agus in am iad. Má tá tuilleadh ama uait, téigh i dteagmháil lenár ndeasc chabhrach le muid a chur ar an eolas.
- Úsáid an rianaire iarratais i do tairseach mac léinn chun dul chun cinn an iarratais a sheol tú ar ais a rianú ag aon chéim.
- Agus cuimhnigh, ní mór duit d'iarratas a athnuachan do gach bliain de o chúrsa.