Fáilte go dtí an Crios Slándála
Tá calaoiseoirí ag éirí níos sofaisticiúla agus iad ag iarraidh do chuid eolais pearsanta a fháil. Is minic a dhéantar na hiarrachtaí seo i mbréagriocht eagraíocht a bhfuil meas uithi. Déan gníomh chun d’eolas pearsanta a chosaint ó chalaoiseoirí. Seo iad na leideanna is fearr atá againn:
Bí ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist bhréige.
- Ná lean nasc i dteachtaireacht téacs nó ríomhphost ó fhoinse anaithnid.
- Ná hoscail ceangaltáin ó dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu.
Bí ar an eolas faoi ghlaonna bréige.
- Ná roinn do shonraí bainc ar an teileafóin.
- Coimeád do phasfhocal agus cód UAP sábháilte.
- Úsáid pasfhocal láidir atá deacair a thomhas
- Athraigh do phasfhocal go rialta.
- Déan teagmháil lenár Deasc Tacaíochta go díreach má tá cabhair uait le do chuntas
- Ná roinn do phasfhocal nó cód UAP le héinne eile.
Agus cuimhnigh, ní dhéanfaidh SUSI na rudaí seo a leanas go deo:
- Do shonraí bainc nó uimhir PSP a iarraidh ar an bhfón
- Iarraidh ort do shonraí bainc a roint nó a uasdátú trí ríomhphost, téacs nó teachtaireacht meán sóisialta. Ní féidir ach tusa amháin athruithe a dhéanamh ar do shonraí bainc, trí do chuntas ar líne
- Iarraidh ort d’ainm úsáideora, pasfhocal nó PIN a roinnt ar an bhfón nó trí r-phost, téacs nó teachtaireacht na meán sóisialta
- D’ainm úsáideora, pasfhocal nó cód UAP a nochtadh do dhuine eile. Ní féidir na sonraí seo a athshocrú ach ar d’iarratas
- D’eolas pearsanta a phlé le triú páirtí, gan do thoiliú
- Teachtaireachtaí gan iarraidh a sheoladh chugat trí na meáin shóisialta
- Iarraidh ort gach ceann de na 6 digití de do chód UAP a nochtadh ag am ar bith.
Féadfaimid:
- Ríomhphoist a sheoladh chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe, ag meabhrú duit eolas tábhachtach faoi d’iarratas ar dheontas
- Glaoch a chur ort faoi d’iarratas agus iarraidh ort roinnt eolais cosanta sonraí fút féin a dheimhniú
- Ríomhphoist mheabhrúcháin a sheoladh chugat maidir le conas do shonraí bainc a nuashonrú i do chuntas ar líne.
I gcónaí déanfaimid na rudaí seo a leanas:
- Iarraidh ort d’ainm úsáideora, pasfhocal agus trí dhigití randamacha de do chód UAP, nó do MyGovID, a iontráil, chun rochtain a fháil ar do chuntas SUSI
- Iarraidh ort, nó ar aon duine a dhéanann teagmháil linn thar do cheann, d’ainm iomlán nó a n-ainm iomlán a dheimhniú agus roinnt eolais cosanta sonraí
- A dheimhniú go bhfuil do thoiliú ag triú páirtithe sula bpléifimid d’iarratas leo
- Taifid a choimeád de ghlaonna teileafóin, ríomhphoist agus freagraí meán sóisialta a sheolamar chugat, de réir ár mbeartas coinneála
- A dheimhniú trí ríomhphost aon athruithe a rinneadh ar do sheoladh ríomhphoist nó sonraí bainc trí do chuntas ar líne
- Iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar aon doiciméadúchán atá ag teastáil uainn d’fhonn d’iarrtas a phróiseáil.
Má tá imní ort nó más mian leat teagmháil amhrasach a thuairisciú atá in ainm a bheith ó SUSI, déan teagmháil le do thoil lenár nDeasc Tacaíochta.
Más mian leat go ndéanfaimis seiceáil an bhfuil cumarsáid dáiríre, cuir gabháil scáileáin den ríomhphost/téacs a fuair tú san áireamh.