Fuair mé Fógra ó SUSI maidir le Deontas Mic Léinn (Iarratas Nua)

Tá eolas le fáil ar an leathanach seo do na mic léinn a fuair ríomhphost ó SUSI i mí Aibreáin 2020, ina raibh FÓGRA MAIDIR LE DEONTAS MIC LÉINN (IARRATAS NUA), go mb’fhéidir go mbeidh siad ag athrú a gcúrsa nó a gcoláiste sa bhliain 2020-21nó ar mian leo deontas a athnuachan agus iad ag leanúint den chúrsa céanna agus ag déanamh dul chun cinn leis.

An bhfuil Tú ag Tosú ar Chúrsa Nua nó ag Athrú Cúrsa in 2020-21?

Má tá do chúrsa críochnaithe agat nó más rud é go mbeidh tú ag athrú cúrsa nó coláiste, nó ag tosú ar chúrsa eile, lena n-áirítear bliain fhorlíontach, sa bhliain acadúil 2020-21, agus má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn, ba chóir duit iarratas nua ar dheontas a dhéanamh tar éis go n-osclófar córas iarratais ar líne SUSI ar 2 Aibreáin 2020.

Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Daoine ar Chóir Dóibh Iarratas Nua ar Dheontas a Dhéanamh.

An bhfuil tú ag Leanúint de do Chúrsa agus ag Déanamh Dul Chun Cinn leis in 2020-21?

Má bheidh tú ag leanúint den chúrsa céanna agus ag déanamh dul chun cinn leis sa bhliain acadúil 2020-21, agus ar an gcoinníoll nach bhfuil bliain á déanamh agat arís agus nach bhfuil bliain bhreise á tosú agat, beidh ort teagmháil a dhéanamh le SUSI tar éis go n-osclófar córas iarratais ar líne SUSI ar 2 Aibreáin 2020 ionas go socróimid go ndéanfaidh tú iarratas ar athnuachan deontais.

Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Daoine ar Chóir Dóibh Iarratas ar Athnuachan Deontais a Dhéanamh.

This website uses cookies to give you the best experience. Agree by clicking the 'Accept' button.