Eolas d’Fhágálaithe Cúraim

Eolas d’Fhágálaithe Cúraim

Ag sainmhíniú d’Aicme Iarrthóra mar Fhágálaí Cúraim 

Nuair atáthar ag déanamh iarratais ar mhaoiniú, is féidir le mac léinn iarratas a dhéanamh mar ‘Mhac Léinn Cleithiúnach’, mar Mhac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta nó mar ‘Mhac Léinn ‘Neamhchleithiúnach’. Tugtar aicme iarratasóra air seo agus is mar seo a dheimhnítear cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le cur san áireamh sa ríomh ioncaim chun críocha measúnaithe deontais. Ag brath ar a n-aois, is féidir le Fágálaithe Cúraim iarratas a dhéanamh faoi cheachtar den dá chatagóir.

Mhac Léinn Cleithiúnach

Má tá tú faoi bhun 23, déantar thú a aicmiú go huathoibríoch mar Mhac Léinn Cleithiúnach. Ní áireofar ach d’ioncam féin nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Má tú tú i do chónaí le tuismitheoirí altrama, is féidir leat iarratas a dhéanamh ag baint úsáide as a gcuid sonraí, ach níl aon eolas ag teastáil ó SUSI maidir lena n-ioncam. Má tá tú i gCúram Cónaithe, nó i do chónaí go neamhspleách, is féidir leat ‘Faoi Chúram an Stáit’ nó ‘Iarchúram’ a roghú ar an bhfoirm iarratais. Nuair atá d’iarratas ar dheontas á mheasúnú ag SUSI, gheobhaidh tú litir ina n-iarrtar ort doiciméid a sheoladh chun an t-eolas atá tugtha agat a dheimhniú. D’fhéadfaí iarraidh ort foirm Foirm SUSI-Tusla 2023/24 Download PDF a chur isteach. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil ón gcuid den suíomh gréasáin a bhaineann le Foirmeacha. Tá treoirnótaí san fhoirm a chabhróidh leat í a chomhlánú. Má fhaigheann tú féin nó do thuismitheoirí altrama Liúntas Cúram Altrama, Liúntas Iarchúraim nó Liúntas Maireachtála Aonair do Dhaoine Óga i gCúram Cónaithe, seans go bhfuil tú incháilithe chun deontas ‘ráta speisialta’ a fháil.

Mhac Léinn Neamhchleithiúnach

Is féidir leat iarratas a dhéanamh mar Mhac Léinn Neamhchleithiúnach má bhí tú 23 nó os a cionn ar 1 Eanáir den bhliain ina ndeachaigh tú isteach sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair, nó ina ndeachaigh tú isteach ann arís. Beidh ort fianaise a sholáthar do SUSI maidir le cónaí neamhspleách.

Mura bhfuil a leithéid de dhoiciméid ag fágálaithe cúraim, is féidir leo Foirm SUSI-Tusla 2023/24 Download PDF a sheoladh má tá siad fós faoi chúram an stáit, nó is féidir leo litir a sheoladh ón oibrí sóisialta atá acu, ó Tusla nó ó FSS ina ndeirtear go raibh siad faoi chúram an stáit roimhe seo.

Fágálaithe Cúraim a ndearnadh uchtú orthu 

Déantar daoine uchtaithe a mheas sa bhealach céanna ina ndéantar mic léinn, a dhéanann iarratas lena dtuismitheoirí fola nó caomhnóirí dlíthiúla, a mheas, beag beann ar a ndáta uchtaithe ná ar a gcúramóirí roimhe sin.

Má uchtáladh thú agus má tá tú faoi bhun 23, is féidir leat iarratas a chur chuig SUSI ag baint úsáide as sonraí do thuismitheoirí uchtála. Áireofar a n-ioncam, agus d’ioncam féin nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais.

Más amhlaidh go raibh tú os cionn 23 ar 1 Eanáir den bhliain ina ndeachaigh tú isteach sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair, nó ina ndeachaigh tú isteach ann arís, agus má uchtáladh thú tar éis duit bheith faoi chúram an Stáit, is féidir leat iarratas a dhéanamh mar Mhac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta nó mar Mhac Léinn Neamhchleithiúnach. Má dhéanann tú iarratas mar Mhac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta, áireofar d’ioncam féin agus ioncam do thuismitheoirí uchtála nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Má dhéanann tú iarratas mar Mhac Léinn Neamhchleithiúnach, iarrfar ort fianaise a sholáthar maidir le Cónaí Neamhchleithiúnach. Mura bhfuil aon cheann de na gnáthdhoiciméid agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh mar Mhac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta ag baint úsáide as sonraí do thuismitheoirí uchtála.