Fáilte chuig an
Tosaigh
Eolas Tábhachtach.
Tá do cheart chun príobháideachta á urramú ag SUSI. Sula líonann tú an tÁiritheoir Incháilitheachta, léigh Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI.
Cuireann SUSI an t-áiritheoir incháilitheachta ar fáil le tacú leat cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas a chur isteach ar dheontas mac léinn. Tugann an t-áiritheoir incháilitheachta nod duit maidir le an bhfuil seans ann go bhfuil tú i dteideal deontais, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil mar fhreagra ar na ceisteanna a chuirtear. Ní hionann an t-áiritheoir incháilitheachta a líonadh agus iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn, agus ní hionann é agus measúnacht a bheith déanta ag SUSI ar d'incháilitheacht le haghaidh deontais.
Ní féidir d'fhíorincháilitheacht le haghaidh deontas mac léinn a shocrú ach ar bhonn an iarratais fhoirmiúil a chuireann tú isteach chuig SUSI tríd an gcóras iarratais ar líne, agus ar bhonn an mheasúnaithe fhoirmiúil a dhéanann SUSI ar d'iarratas de réir na bhforálacha den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011, agus de réir na Scéime agus Rialachán Deontais Mac Léinn a dhéantar faoin Acht sin ag an Aire Oideachais agus Scileanna gach bliain.
Úsáidtear an t-eolas a chuireann tú ar fáil mar fhreagra ar na ceisteanna a chuirtear laistigh den áiritheoir incháilitheachta chun leid a thabhairt duit maidir le d'incháilitheacht, bunaithe ar na critéir shimplithe agus de réir mar a ríomhtar ag clár bogearraí ríomhaire.
Mar gheall ar an raon leathan dálaí difriúla a d'fhéadfadh bheith i gceist le cásanna aonair, ní féidir leis an áiritheoir incháilitheachta freagra críochnúil maidir le hincháilitheacht a chur ar fáil i ngach cás.
Níl tú faoi cheangal ag an toradh a fhaigheann tú tar éis an t-áiritheoir incháilitheachta a úsáid, agus ní ghlacann SUSI le dliteanas as aon ghníomh a dhéanann tú nó nach ndéanann tú bunaithe ar an toradh sin. Más mian leat iarratas a chur isteach ar dheontas mac léinn, ba cheart duit an fhaisnéis maidir le hincháilitheacht le haghaidh deontais a chuireann SUSI ar fáil ag susi.ie a léamh, agus iarratas a chur isteach chuig SUSI tríd an bhfoirm iarratais ar líne a líonadh amach agus a chur isteach.
Má ghlacann tú leis an ráiteas seo agus téann tú ar aghaidh chun an t-áiritheoir incháilitheachta a úsáid, measfar go bhfuil na téarmaí agus coinníollacha thuasluaite léite agus tuigthe agat, agus go nglacann tú leo.