Ma bhíonn tú féin agus siblín/tuismitheoir agat sa bhreisoideachas nó san ardoideachas lánaimseartha ag an am céanna, tugtar ‘Duine Ábhartha’ ar an duine sin ag SUSI.
Seans go ndéanfar na teorainneacha ioncaim a mhéadú má bhíonn ‘Duine Ábhartha’ ag freastal ar chúrsa staidéir lánaimseartha bliana amháin nó níos mó in Éirinn nó san AE, cúrsa a mbainfear mórdhámhachtain amach ina leith ag Leibhéil 5-10 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. D’fhéadfadh go dtiocfadh feabhas ar ráta an deontais chothaithe a mbíonn iarratasóir incháilithe dó dá bharr.
D’fhéadfadh ‘Duine Ábhartha’ a bheith ina:
CéCéard a chaithfidh mé a dhéanamh?
Más rud é go bhfuair tú deontas cheana, agus go bhfuil ‘Duine Ábhartha’ i do theach atá sa bhreisoideachas nó san ardoideachas lánaimseartha chomh maith, is féidir leat –
Tabhair faoi deara:
Más rud é go bhfuil deontas cothaithe iomlán 100% (nó ráta speisialta den deontas cothaithe) faighte agat cheana, ní gá duit athbhreithniú a iarraidh; tá an t-uasráta faighte agat cheana. Déan scrúdú ar do litir bhronnta sula gcuirfidh tú iarratas ar athbhreithniú isteach.
Céard a tharlóidh ansin?
Déanfaidh SUSI athbhreithniú ar d’iarratas agus ar do dhoiciméadacht. Má tá tú incháilithe le haghaidh ráta deontais níos airde, seolfaimid litir nua bhronnta chugat ar an bpost.