Critéir Náisiúntachta

Critéir Náisiúntachta

Cad iad na Critéir Náisiúntachta?

Chun a bheith incháilithe do dheontas, ní mór duit:

  • a bheith i do náisiúnach Éireannach, AE, LEE, RA nó Eilvéiseach
  • nó ceann amháin de na stádas inimirce seo a leanas a bheith agat nó cead fanachta ón Roinn Dlí agus Cirt.
  • Dídeanaí nó duine eile atá i dteideal na gceart agus na bpribhléidí a shonraítear in alt 3 d’Acht na nDídeanaithe, 1996, de thuras na huaire, duine san áireamh a ndeonaítear dó nó di:
    • cead chun an Stát a iontráil agus fanacht sa Stát mar dhídeanaí cláir faoi alt 24 den Acht sin, nó
    • cead chun an Stát a iontráil agus cónaí sa Stát mar dhuine muinteartha le dídeanaí faoi alt 18 den Acht sin.
  • Duine, de bhun an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015:
    • a dtugtar dearbhú dídeanaí dó nó di faoi alt 47(1) den Acht sin, nó
    • dídeanaí cláir faoi alt 59 den Acht sin.
  • Duine, de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Incháilitheacht le haghaidh Cosanta), 2006 (I.R. Uimh. 518 de 2006) –
    • ar chinn an tAire Dlí agus Cirt  ina leith go bhfuil sé nó sí cáilithe de thuras na huaire le haghaidh cosaint choimhdeach de bhun Rialachán 4 de na Rialacháin sin, nó
    • dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt cead de thuras na huaire i scríbhinn chun an Stát a iontráil agus cónaí ann de bhun Rialachán 16 de na Rialacháin sin.
  • Duine, de bhun Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cosaint Fhoghabhálach), 2013 (I.R. Uimh. 426 de 2013)-
    • ar duine é atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus a bhfuil dearbhú cosanta coimhdí i bhfeidhm ina leith agus ar deonaíodh cead cónaithe dó laistigh den Stát de bhun na Rialachán sin; nó
    • dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun an Stát a iontráil agus cónaí ann de bhun Rialachán 25 de na Rialacháin sin; nó
    • dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead chun cónaí sa Stát de bhun Rialachán 26 de na Rialacháin sin.
  • Duine a dtugtar dearbhú um chosaint choimhdeach dó nó di faoi alt 47(4) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015.
  • Duine ar duine muinteartha é/í le duine ar náisiúnach é:
    • de Bhallstát de chuid an AE,
    • de stát, ar stát conarthach é i gComhaontú an LEE
    • de Chónaidhm na hEilvéise,

agus a bhfuil cead aige fanacht sa Stát mar dhuine muinteartha leis an duine sin faoi fhorálacha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine), 2006 agus 2008 agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004.

 

Duine a bhfuil cead aige chun fanacht sa Stát

  • de bhua dó nó di a bheith pósta le náisiúnach Éireannach a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó
  • mar leanbh cleithiúnach le duine a thagann faoi réir fheidhm chlásal (i).
  • Duine ar dheonaigh tAire Dlí agus Cirt cead daonnúil dó nó di chun fanacht sa Stát faoi aon achtú atá i bhfeidhm de thuras na huaire.
  • Duine ar deonaíodh cead dó nó di chun cónaí sa Stát faoi alt 49 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015.

Duine a bhfuil cead tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ina leith fanacht i ndiaidh cinneadh a bheith déanta gan ordú díbeartha a dhéanamh faoi alt 3 den Acht Inimirce 1999.

Duine a bhfuil cead aige / aici fanacht sa Stát mar leanbh cleithiúnach le duine a bhfuil Saoránacht Éireannach faighte aige nó aici mar gheall ar eadóirsiú, agus a chónaíonn sa Stát.

Leanbh le náisiúnach Turcach dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt cead chun cónaí laistigh den Stát, de réir Airteagal 9 de Chinneadh 1/80 ón gComhairle Comhlachais a rinneadh de bhun Chomhaontú Ankara 1963, agus atá ina c(h)ónaí lena t(h)uismitheoirí, atá nó a bhí fostaithe go dlíthiúil sa Stát agus atá in ann na coinníollacha a bhaineann le fostaíocht a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 de Chinneadh 1/80 a chomhlíonadh.