Calaois Amhrasta maidir le Deontas Mic Léinn a Thuairisciú

Calaois Amhrasta maidir le Deontas Mic Léinn a Thuairisciú

Conas Calaois Amhrasta maidir le Deontas a Thuairisciú 

Mar an t-údarás dámhachtana a riarann maoiniú na mac léinn thar ceann na Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta and Eolaíochta, tá sé de dhualgas ar SUSI na cistí poiblí a riarann sé a chosaint. Féadfaidh tú calaois amhrasta a thuairisciú faoin Scéim Deontais do Mhic Léinn tríd an bhFoirm um Chalaois Amhrasta a Thuairisciú Tuairiscigh Calaois Amhrasta Deontais Mic Léinn Download PDF a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig report.fraud@susi.ie

Féadfar an fhaisnéis a chuir tú ar fáil ar an bhfoirm seo a úsáid chun calaois a chosc agus a bhrath. 

Féadfaidh SUSI an fhaisnéis seo a roinnt le comhlachtaí eile atá freagrach as cistí a iniúchadh nó a riaradh chun na críocha sin.

Caitear go rí-thábhachtach le gach tuarascáil agus déileálfar leis an bhfaisnéis uile a fhaighimid faoi rún daingean. Tá gach comhfhreagras faoi rún ach tabhair ar aird má théann an cás a thuairiscigh tú chun trialach, d’fhéadfá a bheith faoi réir ordú Ard-Chúirte nó treoir den chineál céanna. Ar chúiseanna rúndachta, ní bheidh SUSI in ann toradh ár bhfiosrúchán a insint duit.