Tá ráta speisialta den deontas ar fáil do mhic léinn incháilithe. Seo a leanas na coinníollacha nach mór duit a chomhlíonadh chun cáiliú do ráta seo an deontais;
Liostaítear an íocaíocht incháilithe don Ráta Speisialta thíos. Tugtar neamhaird ar na híocaíochtaí a leanas a ngabhann réiltín *, nó réiltín dúbailte ** leo nuair a ríomhtar d’ioncam inríofa (i.e. ní chuirtear san áireamh iad nuair a bhíonn ioncam inríofa á ríomh):
* tugtar neamhaird air i ngach cás
** tugtar neamhaird air sa chás nach n-íoctar é ach leis an iarratasóir amháin
Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh
Íocaíochtaí Cúnaimh Sóisialta
1. Pinsean na nDall*
2. Liúntas do Chúramóirí*
3. Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora**
4. Liúntas Cuardaitheora Post Eatramhach**
5. Liúntas Banchéile Thréigthe
6. Liúntas Míchumais**
7. Cúnaimh Feirme
8. Liúntas Cuardaitheora Post (sa chás go bhfuil sé á fháil ar feadh 391 lá nó níos mó)*
9. Pinsean Stát (Neamh-Ranníocach)
10. Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach)*
11. Liúntas Réamh-scoir
12. Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
13. Liúntas Leasa Fhorlíontaigh (sa chás go bhfuil sé á fháil ar feadh 15 lá féilire i ndiaidh a chéile)
Íocaíochtaí Árachais Shóisialta
14. Íocaíocht sochair do dhaoine 65 bliana d’aois
15. Sochar Cúramóra
16. Sochar Banchéile Thréigthe
17. Pinsean Easláine
18. Forlíonadh Éagumais
19. Sochar Báis Díobhálacha Ceirde (pinsean dílleachta)
20. Sochar Díobhálacha Ceirde — Sochar Báis (Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir)
21. Pinsean Stáit (Ranníocach)
22. Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
23. Sochar Cuardaitheora Poist* (nuair a dhéantar iad a chomhcheangal le híocaíochtaí incháilithe eile ag cur suas le 391 lá de réir an nóta thíos “Cruachta Íocaíochtaí Cosanta Sóisialta Fadtéarmacha Incháilithe”)
24. Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
25. Pinsean Stáit (Eatramhach)
Cláir Ainmnithe
26. Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (Roghanna Dara Leibhéal agus Tríú Leibhéal)
27. Liúntas um Fhilleadh ar Obair (Fostaithe)
28. Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
29. An Scéim Fostaíochta Pobail
30. An Scéim Sóisialta Tuaithe
31. Tionscnamh Tús
32. Scéim Tairsí
33. Cúrsaí Breisoideachas agus Oiliúna (BOO), lena n-áirítear Printíseachtaí
34. Scéim dreasachta post páirt-aimseartha
35. Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
Eile
36. Liúntais Cúraim Altrama agus Iarchúraim sa chás go n-íoctar iad i leith an iarratasóra
37. Liúntas um Mhaireachtáil Neamhspleách do Dhaoine Óga i gCúram Cónaitheach
38. Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht/Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
39. Ag fáil íocaíochtaí faoin tionscnamh FIT (Modh Mear chuig TF) atá comhionann le híocaíocht leasa shóisialaigh
40. Sochar Acmhainne Páirtigh i gcás ina bhfuil teidlíocht bhunúsach ag an bhfaighteoir ar Phinsean Neamhbhailí
41. Rannpháirtithe ar chúrsa oiliúna arna cheadú ag Roinn Rialtais, Gníomhaireacht Stáit nó Comhpháirtíocht Ceantair agus a raibh íocaíocht incháilithe á fáil acu sula ndeachaigh siad ar aghaidh chuig an gclár;
42. Fostaithe ar Chláir Seirbhísí Pobail (fiontair eacnamaíochta sóisialta roimhe seo) a fhaigheann deontais;
Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh a Chruachadh