Na Rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid, 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005).
Cloíonn Tacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) leis na Rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid, agus spreagaimid an fhaisnéis a chuirimid i dtoll a chéile a athúsáid.
Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid.
Áirítear le hathúsáid, cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus an fhaisnéis a aistriú go teangacha eile. Cuimsíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála chomh maith.
Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha a leanas, chomh maith. Ní mór duit an méid a leanas a dhéanamh:
Níl SUSI faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le faisnéis a athúsáid agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn SUSI aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith acu chun a fhaisnéis a athúsáid.